Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Deir Roberts go bhfuil sé an bhrónach. Thug an bitheamhnach sain Pól buille bhata dhó do chuir meirán 'na cheann, agus ní fhuil sé ann féin fós. Tá bealach le hais Phretoria go nglaoidhtear Log Nitral air, agus do cheap Roberts go mbiadh an áit usáideach dó. D'á réir sin shuidh sé cuid d'á shluagh ann i gcómhair teacht i ndiaidh a chúil ar Bhota. Tuigim, arsa Bota leis féin, agus faid do bhí na Sasanaigh ag sranntarnaigh bhí na Bóraigh ar siúbhal. Le hamharc an lae bhris an cioth ar na Sasanaigh agus ní feárrde éinne do chloisidh cnagarnaigh an cheatha sain. Deir tuarasgóirí na bpáipéar nGallda gur throid na Sasanaigh go tréan. Bfheidir é. Bhí dream calma as Albain 'na measg, na marcaigh sin go ngoirthear na Scuit Liatha ortha, acht go háirighthe, deir Roberts ná'r fhill ar n-ais chuige, acht deich bhfeara fichead; agus cloistear gur sgiob Grobelár leis suas le míle fear agus a gcuid gunnaí móra, agus gur thraoch sé an oiread eile. Is maith an sás puirt do sheinm an Bórach sain, agus is binn do ghnidheann sé a ghnó. Bhíodh béal gáiridhe ar na sgaothairibh tá tamall ó shoin, tá breill anois ortha. Bhris na Boraigh an bóthar iarrainn cois Standerton, trí huaire ar feadh na seachtmhaine, agus do dhóighidh Roberts na tighthe do bhí 'sa náit úd, mar olc ortha. Ní fhuil tigh 'ná teaghlach ag na mnáibh agus na leinbh annsúd anois acht sgáth an mhachaire ins an ngeimhreadh fhuar. Deir sé gur cheap sé féin an dlighe sin agus gur thug sé fógra do na Borachaibh go gcuirfidhe an dlighe i bhfeidhm. Ní há chur leo é, adeir fear éigin, ní hé sin an chéad uair do rinneadar a leithéid sin. Thug an laoch De Bhet cómhrach dhá lá dhóibh ag Betlehem. Ní raibh díobh féin ann acht fiche míle fear, agus deir siad go raibh trí mhíle aigesean. Chailleadar mórán, acht ní rugadar air siúd. Dhruid sé siar uatha. Deir na páipéir go raibh amadáin ó Chuige Mumhan ann go saotharach, agus gur thuit an iomad aca ar tosach mar ba ghnáthach. Tabharfam mias phraisge i dTigh na mBocht do'n méid aca do thiocfaidh ar nais chugainn ar ball. Siúd agus gur sgéala bréagacha an chuid is mó dhíobh so do thagann chugainn as an Transbhaal, ní fhuil an méid sin féin againn 'gá chlos as an tSíne. Bhí Sasanaigh ins an Transbhaal, agus peann agus páipéar ag gach fear aca, agus níor bhuail na Bóraigh barra méire ortha, gidh gur minic do chuireadh na Sasanaigh úd mála breágh éithigh abhaile chúgainn. Ní mar sin do na Sínigh. Má tá tuarasgóir páipéir i bPecin ní chloisimíd focal uaidh agus ní fhuil fhios againn cia aca tá na hEorpaigh annsúd beó mó marbh. Do cheannuigh na Sínigh an iomad do ghunnaí móra le cheithre bliadhanaibh, agus deirthear gur maith do láimh- seálaid siad anois iad. Táid siad ag cómhrac leis na hEórpaigh ag Tientsin le seachtmhain agus ag cur ortha go dian acht is iad na Rúisínigh atá ag déanadh an chuid is mó de'n chómhrac fós. Ní fhuil sé i gcumas Shasana puinn fear do sheóladh chum na háite úd mar tá Pól ag léiriughadh oibre d'á chuid saighdiúirí, agus d'á chómhartha sain deirthear go bhfuil Seaghan ag gríosadh agus ag grioga na Seapáine chum céad míle fear do bhualadh gan mhoill ar thír na Síneach, chum síothchána dhéanadh. Ní fhuil an Rúsach toilteannach leis an méid sin. Tá éad ar na Cumhachtaibh seo le chéile, agus gidh nách bhfuil tuairisg chruinn againn uatha níor bh'iongnadh liom go mbiadh imreas eatortha. Nuair do ghlanfhaidh an ceó chífam cad tá aca 'gá dhéanadh. Caithfimíd foidhne bheith againn go fóil mar tá an ceó go trom ós cionn na tíre úd, agus tá fir bhuidhe mhaola ag rith síos agus suas innti ag uaill, ag caitheamh piléar, agus ag gearra sgórnach. D'á mbeidís gléasda chum cogaidh tá an oiread aca ann agus do chuirfeadh troid ar an ndúthaigh, agus b'fhéidir gur dhúisigh sainnt na gCúmhachtaí piast bhuidhe ghránna fhiadhain-shúileach go rachad sé dhíobh í chur chum suaimhnis. Do b'fhéidir trí fichid milliúin saighdiúir do chóiriughadh as muintir na Síne, agus má fhaghann an Seapáin seilbh ann, mar is fir bhuidhe iad féin agus tuigid siad slighe na Síneach, do chuirfidis ar bun arm do thiomáinfeadh na Rúisínigh as an Asia agus na Sasanaigh as na hIndiachaibh Thoir. Do bhfurusda do na Sínigh rian gabhála do thabhairt fá na hIndiachaibh mar ní fhuil idir acht an Tibet agus tá an áit sin réidh go leor chum gluaiseachta fear. Tá faitchíos 'na thaobh sain ag teacht ar an "Spectator," páipéar gallda, acht ní baoghal dóibh na Sínigh muna
bhfuil fear aca do chuirfidh i bhfeidhm an cómhairle sin - cuirimís le chéile. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services