Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Deir Roberts go bhfuil sé an bhrónach. Thug an
bitheamhnach sain Pól buille bhata dhó do chuir meirán
'na cheann, agus ní fhuil sé ann féin fós. Tá bealach le
hais Phretoria go nglaoidhtear Log Nitral air, agus do
cheap Roberts go mbiadh an áit usáideach dó. D'á
réir sin shuidh sé cuid d'á shluagh ann i gcómhair teacht
i ndiaidh a chúil ar Bhota. Tuigim, arsa Bota leis féin,
agus faid do bhí na Sasanaigh ag sranntarnaigh bhí na
Bóraigh ar siúbhal. Le hamharc an lae bhris an cioth ar
na Sasanaigh agus ní feárrde éinne do chloisidh cnagarnaigh
an cheatha sain. Deir tuarasgóirí na bpáipéar nGallda
gur throid na Sasanaigh go tréan. Bfheidir é. Bhí
dream calma as Albain 'na measg, na marcaigh sin
go ngoirthear na Scuit Liatha ortha, acht go háirighthe,
deir Roberts ná'r fhill ar n-ais chuige, acht deich bhfeara
fichead; agus cloistear gur sgiob Grobelár leis suas le
míle fear agus a gcuid gunnaí móra, agus gur thraoch sé an
oiread eile. Is maith an sás puirt do sheinm an
Bórach sain, agus is binn do ghnidheann sé a ghnó. Bhíodh
béal gáiridhe ar na sgaothairibh tá tamall ó shoin, tá
breill anois ortha.



Bhris na Boraigh an bóthar iarrainn cois Standerton,
trí huaire ar feadh na seachtmhaine, agus do dhóighidh
Roberts na tighthe do bhí 'sa náit úd, mar olc ortha.
Ní fhuil tigh 'ná teaghlach ag na mnáibh agus na leinbh
annsúd anois acht sgáth an mhachaire ins an ngeimhreadh
fhuar. Deir sé gur cheap sé féin an dlighe sin agus gur
thug sé fógra do na Borachaibh go gcuirfidhe an dlighe
i bhfeidhm. Ní há chur leo é, adeir fear éigin, ní hé
sin an chéad uair do rinneadar a leithéid sin. Thug
an laoch De Bhet cómhrach dhá lá dhóibh ag Betlehem. Ní
raibh díobh féin ann acht fiche míle fear, agus deir siad go
raibh trí mhíle aigesean. Chailleadar mórán, acht ní
rugadar air siúd. Dhruid sé siar uatha. Deir na
páipéir go raibh amadáin ó Chuige Mumhan ann go
saotharach, agus gur thuit an iomad aca ar tosach mar ba
ghnáthach. Tabharfam mias phraisge i dTigh na mBocht
do'n méid aca do thiocfaidh ar nais chugainn ar ball.



Siúd agus gur sgéala bréagacha an chuid is mó dhíobh so
do thagann chugainn as an Transbhaal, ní fhuil an méid
sin féin againn 'gá chlos as an tSíne. Bhí Sasanaigh
ins an Transbhaal, agus peann agus páipéar ag gach fear aca,
agus níor bhuail na Bóraigh barra méire ortha, gidh gur
minic do chuireadh na Sasanaigh úd mála breágh éithigh
abhaile chúgainn. Ní mar sin do na Sínigh. Má tá
tuarasgóir páipéir i bPecin ní chloisimíd focal uaidh
agus ní fhuil fhios againn cia aca tá na hEorpaigh annsúd
beó mó marbh.



Do cheannuigh na Sínigh an iomad do ghunnaí móra
le cheithre bliadhanaibh, agus deirthear gur maith do láimh-
seálaid siad anois iad. Táid siad ag cómhrac leis
na hEórpaigh ag Tientsin le seachtmhain agus ag cur
ortha go dian acht is iad na Rúisínigh atá ag déanadh
an chuid is mó de'n chómhrac fós. Ní fhuil sé i gcumas
Shasana puinn fear do sheóladh chum na háite úd mar
tá Pól ag léiriughadh oibre d'á chuid saighdiúirí, agus d'á
chómhartha sain deirthear go bhfuil Seaghan ag gríosadh
agus ag grioga na Seapáine chum céad míle fear do
bhualadh gan mhoill ar thír na Síneach, chum síothchána
dhéanadh. Ní fhuil an Rúsach toilteannach leis an méid
sin. Tá éad ar na Cumhachtaibh seo le chéile, agus gidh nách
bhfuil tuairisg chruinn againn uatha níor bh'iongnadh liom
go mbiadh imreas eatortha. Nuair do ghlanfhaidh an ceó
chífam cad tá aca 'gá dhéanadh. Caithfimíd foidhne
bheith againn go fóil mar tá an ceó go trom ós cionn
na tíre úd, agus tá fir bhuidhe mhaola ag rith síos agus suas
innti ag uaill, ag caitheamh piléar, agus ag gearra
sgórnach. D'á mbeidís gléasda chum cogaidh tá an
oiread aca ann agus do chuirfeadh troid ar an ndúthaigh, agus
b'fhéidir gur dhúisigh sainnt na gCúmhachtaí piast bhuidhe
ghránna fhiadhain-shúileach go rachad sé dhíobh í chur chum
suaimhnis. Do b'fhéidir trí fichid milliúin saighdiúir do
chóiriughadh as muintir na Síne, agus má fhaghann an Seapáin
seilbh ann, mar is fir bhuidhe iad féin agus tuigid siad slighe
na Síneach, do chuirfidis ar bun arm do thiomáinfeadh na
Rúisínigh as an Asia agus na Sasanaigh as na hIndiachaibh
Thoir.



Do bhfurusda do na Sínigh rian gabhála do thabhairt
fá na hIndiachaibh mar ní fhuil idir acht an Tibet agus
tá an áit sin réidh go leor chum gluaiseachta fear. Tá
faitchíos 'na thaobh sain ag teacht ar an "Spectator,"
páipéar gallda, acht ní baoghal dóibh na Sínigh muna


L. 290


bhfuil fear aca do chuirfidh i bhfeidhm an cómhairle
sin - cuirimís le chéile.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services