Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dún na nGall - I
Title
Dún na nGall - I
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Dún na nGall - I Do cuireadh mise mar theachtaire ó Fhuirinn Ghnótha Chonnartha na Gaedhilge go dtí an fheis do bhí i nÁrd an Rátha, lá fhéile Peadar is Póil. Do chaith mé ceithre laethe ar an turus sin, agus ó's mór an tairbhe agus an sult agus an greann do fuair as, agus ó thig liom a rádh do réir mo bharamhla féin nach duine spadanta atá ionnam, ní choinneóchaidh mé agam féin an tairbhe, acht leigfidh mé 'na rún é le léightheoiribh an Chlaidhimh Sholuis. Ar dtús, caithfidh mé a rádh nach bhfuil áit dá ndeachaidh mé i dTír Chonaill, nach raibh míle fáilte aca romham, flúirse agus fairsinge, agus neart Gaedhilge. Táim an-bhuidheach dhíobh ar a son. Acht tar gach aon duine eile ba chóir dam bheith buidheach de Mhac Uí Ghallchobhair, fear-dlighidh i nDún na nGall do thug cuireadh dham roimh ré le fanamhaint 'na thigh féin fad do bheinn i dTír Chonaill. Togha Ghaedhilgeóra atá ann, agus tá mórán maitheasa dá dhéanamh aige do'n Ghaedhilg a gan fhios do'n tsaoghal go léir. Dob éachtach an rud é mise im' Mhuimhneach ag dul síos go Dún na nGall le Gaedhilg do labhairt le daoinibh nach raibh pioc dá gcanamhain-sean agam. Acht a dhaoine chléibh ní raibh mé dá uair ann go raibh sé ar mo chumus a dtuigsint maith go leor. Ba mhinic adeirim liom féin gur furaiste d'aon'ne is cuma cia aca Ultach no Connachtach no Muimhneach é aon chanamhain aca do thuigsint má thig leis Gaedhilg do léigheadh. Agus is í an fhírinne í, mar ní'l acht cor-fhocal eatorra go léir. Má chleachtann duine léightheóireacht na Gaedhilge is beag a rachaidh de do thuigsint ó dhuine is cuma cia an áird as a dtiocfaidh. Is minic a chualaidh mé gurab ins na háitibh is deise i nÉirinn atá an Ghaedhilg dá labhairt fós, agus creidim gur fíor é. Is fíor i dtaobh Chondae Dhúin na nGall é ar aon chuma. Gabhann an bóthar iarainn ó'n Srath Bán go dtí baile mór Dhúin na nGall agus as sin siar go dtí na Cealla Beaga, agus tá amharc áluinn as an traen gach uile choiscéim de'n bhóthar. Tá sléibhte agus locha agus aibhne ann. Tuairim leath-shlighe idir Shraith an Urláir agus Dún na nGall atá Beárnas Mór, bealach árd idir dhá chnoc. Gabhann an dá bhóthar, an bóthar mór agus an bóthar iarainn tré Bheárnas. Is é an t-aon slighe amháin é as urmhór de Thír Chonaill. Ní haon iongnadh gur sheas siad ibhfad i gcoinne an tSasanaigh. Ní haon iongnadh gur Gaedhealach a gcroidhthe agus a smaointe agus a mbéasa indiu; agus go raibhaid i bhfad mar sin. Tá neart Gae- dhilge ar an dtaobh istigh de Bheárnas Mór, acht ní cloisfá focal di ar an dtaobh amuigh de. Seachnaidh a bhunaidh Thíre Chonaill agus ná leigidh na Gall-nósa anuas tríd an Bheárnas oraibh nó is baoghlach go mbáithfidhe fútha sibh. Baile an-deas is eadh baile mór Dhún na nGall. Is é Dia Sathairn an lá margaidh ann, agus chloisfá mórán ag labhairt Gaedhilge an lá sin ann. Do threóruigh Mac Uí Ghallchobhair mé tríd an bhaile an Satharn do bhíos ann agus bhuail cuid maith Ghaedhilgeóirí umainn, cé go raibh sé ag éirghe deirionnach sa lá. Tá reilg bheag dheas i n-aice an bhaile mhóir agus astigh ins an reilg seo is eadh bhí sean-mhainistir Dhúin na nGall. Tá mór-chuid de na ballaibh na seasamh go fóill, agus tá árd-mheas ag bunadh an bhaile air. Agus ba chóir leis meas a bheith ag gach uile Éireannach air, mar is ann do cuireadh le chéile agus do sgríobhadh Annála Ríoghachta na hÉireann ag na Ceithre Máighistríbh. Ba mhór an t-áitreabh é 'na aimsir féin, acht níl ann acht sean-fhothrach anois faríor. Rinneadh obair mhaith ar son Éireann fá dhíon an tighe sin uair dá chruine agus dá uaignighe é indiu, agus is fíor go gcuirfidhe tuilleadh meisnigh i nduine chum leanamhaint ar leirg na gCeithre Máighistri, agus beagán do dhéanamh dá shuaraighe é dá gcaithfeadh sé tamall ag machtnamh leis féin i measg na sean-bhallaí seo. Tá an reilg bheag díreach ag béal Abhann Iasg agus do-chífeá an cuan mór leathan amach uait. B' an-deas an áit í le seal do chaitheamh ag déanamh saoirseachta ins an Samhradh, agus do chomhairle- ochainn féin do chuid de na daoinibh go dteastuigheann uatha Gaedhilg d'fhoghluim agus aer maith folláin do bheith aca san am chéadna, dul go Dún na nGall agus go bhfuighidh siad iad.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services