Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dún na nGall - I

Title
Dún na nGall - I
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Dún na nGall - I



Do cuireadh mise mar theachtaire ó Fhuirinn Ghnótha
Chonnartha na Gaedhilge go dtí an fheis do bhí i nÁrd
an Rátha, lá fhéile Peadar is Póil. Do chaith mé ceithre
laethe ar an turus sin, agus ó's mór an tairbhe agus an sult
agus an greann do fuair as, agus ó thig liom a rádh do réir
mo bharamhla féin nach duine spadanta atá ionnam, ní
choinneóchaidh mé agam féin an tairbhe, acht leigfidh mé
'na rún é le léightheoiribh an Chlaidhimh Sholuis.



Ar dtús, caithfidh mé a rádh nach bhfuil áit dá ndeachaidh
mé i dTír Chonaill, nach raibh míle fáilte aca
romham, flúirse agus fairsinge, agus neart Gaedhilge. Táim
an-bhuidheach dhíobh ar a son. Acht tar gach aon duine
eile ba chóir dam bheith buidheach de Mhac Uí Ghallchobhair,
fear-dlighidh i nDún na nGall do thug cuireadh dham
roimh ré le fanamhaint 'na thigh féin fad do bheinn i
dTír Chonaill. Togha Ghaedhilgeóra atá ann, agus tá
mórán maitheasa dá dhéanamh aige do'n Ghaedhilg a gan
fhios do'n tsaoghal go léir.



Dob éachtach an rud é mise im' Mhuimhneach ag dul
síos go Dún na nGall le Gaedhilg do labhairt le daoinibh
nach raibh pioc dá gcanamhain-sean agam. Acht a dhaoine
chléibh ní raibh mé dá uair ann go raibh sé ar mo chumus
a dtuigsint maith go leor. Ba mhinic adeirim liom
féin gur furaiste d'aon'ne is cuma cia aca Ultach no
Connachtach no Muimhneach é aon chanamhain aca do
thuigsint má thig leis Gaedhilg do léigheadh. Agus is í
an fhírinne í, mar ní'l acht cor-fhocal eatorra go léir.
Má chleachtann duine léightheóireacht na Gaedhilge is
beag a rachaidh de do thuigsint ó dhuine is cuma cia an
áird as a dtiocfaidh.



Is minic a chualaidh mé gurab ins na háitibh is deise
i nÉirinn atá an Ghaedhilg dá labhairt fós, agus creidim
gur fíor é. Is fíor i dtaobh Chondae Dhúin na nGall é
ar aon chuma. Gabhann an bóthar iarainn ó'n Srath
Bán go dtí baile mór Dhúin na nGall agus as sin siar go
dtí na Cealla Beaga, agus tá amharc áluinn as an traen
gach uile choiscéim de'n bhóthar. Tá sléibhte agus locha agus
aibhne ann. Tuairim leath-shlighe idir Shraith an Urláir
agus Dún na nGall atá Beárnas Mór, bealach árd idir dhá
chnoc. Gabhann an dá bhóthar, an bóthar mór agus an bóthar
iarainn tré Bheárnas. Is é an t-aon slighe amháin é as
urmhór de Thír Chonaill. Ní haon iongnadh gur sheas siad
ibhfad i gcoinne an tSasanaigh. Ní haon iongnadh gur
Gaedhealach a gcroidhthe agus a smaointe agus a mbéasa
indiu; agus go raibhaid i bhfad mar sin. Tá neart Gae-
dhilge ar an dtaobh istigh de Bheárnas Mór, acht ní
cloisfá focal di ar an dtaobh amuigh de. Seachnaidh a
bhunaidh Thíre Chonaill agus ná leigidh na Gall-nósa anuas
tríd an Bheárnas oraibh nó is baoghlach go mbáithfidhe
fútha sibh.



Baile an-deas is eadh baile mór Dhún na nGall. Is
é Dia Sathairn an lá margaidh ann, agus chloisfá mórán
ag labhairt Gaedhilge an lá sin ann. Do threóruigh
Mac Uí Ghallchobhair mé tríd an bhaile an Satharn do
bhíos ann agus bhuail cuid maith Ghaedhilgeóirí umainn, cé
go raibh sé ag éirghe deirionnach sa lá.



Tá reilg bheag dheas i n-aice an bhaile mhóir agus astigh
ins an reilg seo is eadh bhí sean-mhainistir Dhúin na
nGall. Tá mór-chuid de na ballaibh na seasamh go
fóill, agus tá árd-mheas ag bunadh an bhaile air. Agus
ba chóir leis meas a bheith ag gach uile Éireannach air,
mar is ann do cuireadh le chéile agus do sgríobhadh Annála
Ríoghachta na hÉireann ag na Ceithre Máighistríbh. Ba
mhór an t-áitreabh é 'na aimsir féin, acht níl ann acht
sean-fhothrach anois faríor. Rinneadh obair mhaith ar
son Éireann fá dhíon an tighe sin uair dá chruine agus dá
uaignighe é indiu, agus is fíor go gcuirfidhe tuilleadh
meisnigh i nduine chum leanamhaint ar leirg na gCeithre
Máighistri, agus beagán do dhéanamh dá shuaraighe é dá
gcaithfeadh sé tamall ag machtnamh leis féin i measg
na sean-bhallaí seo. Tá an reilg bheag díreach ag béal
Abhann Iasg agus do-chífeá an cuan mór leathan amach
uait. B' an-deas an áit í le seal do chaitheamh ag
déanamh saoirseachta ins an Samhradh, agus do chomhairle-
ochainn féin do chuid de na daoinibh go dteastuigheann
uatha Gaedhilg d'fhoghluim agus aer maith folláin do bheith
aca san am chéadna, dul go Dún na nGall agus go bhfuighidh
siad iad.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services