Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beacha Meala
Title
Beacha Meala
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Beacha Meala Is ró-mhór ná cuirid filí chum suain sinn nuair thráchtaid siad ar cheileabhair chaoin na n-éanlaith, nuair do mholaid an londubh, an chuach agus an smólach. Fághann cuid aca sult, nó leigid siad orra go háirighthe é, i meigiollaidh na naosgach, no i mbéiceacht an tragna! Acht tá ceól eile, agus is annamh a chuirtear síos air, 'na bhfuil an oiread binnis agus tógaint-chroidhe le ceól aon éin do cruthadh riamh - sé sin ceol na m-beach. Má's maith leis deimhin an sgéil seo d'fhagháil, seasadh sé lá breágh ag bun crainn a bheidheas faoi n-a bhláth, agus cloisfidh ós a chionn fuaim an cheoil sidhe, nó crónán na cruite úd do luasgann an ghaoth. Is iad na beacha do dhéanann an ceól so, mar tá na sluaighte dhíobh ann ag cur a n-ualach meala le chéile. Tar ann sin cois corcóige agus féach ortha ag teacht agus ag imtheacht go fuad- rach, deithnearach, imnidheach, agus b'fhéidir nach é amháin go bh-fágair caitheamh aimsire mór as, acht teasgasg agus deagh shampladh. Do chífir cuid aca ag teacht go tuirseach, trom-sgiathanach, mála air gach taobh dhíobh, i bhfuiribh mar do-chímís ar lucht siúbhail, no ar bhacachaibh san tsean-aimsir. Cad tá ins na málaibh seo? Tá plúr nó "lúaithre" do bhíos i lár na mbláthann, nídh do theasduigheann ó na beachaibh chum a gcuid páisdí do bheathughadh. Óir ní bheidheadh san mhil d'ithid féin acht nimh nimhe dá leanbhaibh. Tiubharair fá ndeara go m-bídh na málaí seo ar uairibh buidhe ar uairibh crón, bán nó dearg, do réir dath an bhlátha n-a bhfaghann an beach an luaithre. Tais- beanann so go leanann an beach d'aon tsaghas amháin blátha an fhaid go bhíos sé ag bailiughadh a ualaigh. Is fiú dhuit an sgéal iongantach so do dheimhniugadh. Gaibh amach fá na páirceannaibh agus féach na beacha ag obair. Ní fheicfir beach ar bith ag dul ó'n aiteann go crann ubhall, ná ó'n gcuilleann go bláth na drise. Cad fáth so an dóigh leat? Cad n-a thaobh ná tógann an beach gach luaithre da dthig fá n-a láimh nuair atá a fhios aige go bhfuil siad uile chómh-mhaith chum a chlann do chothughadh? Is é Dia do thugann cogar do'n bheach; mar tuig a léightheoir nach chum mílseán do dhéanamh dhuitse ná dhomhsa, dá mhéid linn sinn féin, do chruthaigh Dia an beach, acht chum crainn, toir agus planndaí na talmhan do dhéanamh torthamhail. Tá sé i gcumas na n-ainmhidhthe - an fireannach agus an bhuineannach de gach saghas - teacht ar a chéile agus bheith torthamhail tríd sin; acht sé cineamhain chruaidh na gcrann mbocht fanamhaint san áit do chuirthear iad, agus ar an adhbhar san teasduigheann lucht friothála uatha. Is é an beach do-ghníonn an gnó gátarach so, óir nuair théidheann sé ó chrann go crann fágann sé na dhiaidh rian beag de'n luaithridh. Do-chíonn tú anois gurab éigin dóibh leanamhaint d'aon tsaghas amháin crainn nó plannda, agus fós gur mór an chuid de mhaitheas an domhain atá déanta tré aicilidheacht an bheich bhig. Muna bhfeicir caithfidh mé innsint duit go mbeadh an síol bréagach dá dtabhradh an beach luaithre aon phlannda go ceann eile nach baineann leis an sadhas gcéadna. Cuir i gcás go mbeireadh sé luaithre cabáiste go bláth ráibe ní thiocfadh cabáiste no ráib cheart as an síol, acht plannda éigin eatorra, dá bhfásadh aon nídh i n-aon chor as, agus is minic ná fásann. 'San tslighe chéadna bheadh díoghbháil déanta do na crannaibh. Is ró ró-mhinic a lotann an ghaoth síol na bhfeirmeoirí, nuair shéideann agus measgann sí luaithre planndaí eidir-dhealbhuighthe tré n-a chéile. I n-éagmais lucht na málaí, chífir tuilleadh beach ag teacht go saothrach, cé go bhfuil siad, mar ba dhóigh leat, follamh. Ní follamh dhóibh ar a shon sain, rud do-chífir má's maith leat ceann díobh do mharbhughadh, nuair do-gheobhair istigh ann braon ramhar meala no deór uisge. Aisiocaidh siad an mhil i gcadhainnibh mheala nuair do théid isteach sa chorcóig, agus má's uisge atá aco, fliuchaid siad an luaithre, ar ar thráchtas ó chianaibh, leis sul a dtugaid dá gcloinn é. Ná tuig go n-oibrighid na beatha go léir. Do-chífir ag eitilt timcheall na corcóige, beacha ramhra, slíoma, binn-ghlóracha; cabhaile leathna orra agus eitidhe fada. Ní fheicfir amuigh iad acht nuair do thaithneann an ghrian; agus ní fheicfir ualach choidhche orra. Is iad so na beacha fireanna. Ní'l aon tsleagh aca agus ar an adhbhar sin ní chealgaid siad aon'ne. Ó ná tugaid cabhair ar bith chum an tighe choiméad suas, nuair do bhídheann an bhliadhain ag dul i ndéidheanaighe agus an mhil gann dibireann na beacha eile iad ó'n gcorcóig agus imthighid siad chum fáin, mara bhfaghaid siad bás 'n bhfuacht, agus 'n ocras, i gcás ná héirgheann an díomhaointeas leo. Támaoid fad ár ndóthain ag faire cois na corcóige. Féachamaois isteach innte feasda. Léighimíd sa Bhíobla nuair ná raibh nídh ar bith ag dul de Righ na ngiúdaidheach Solamh na hEagna, acht cionnus do-ghéanaidís na beacha a gcuid meala, agus cionnus do riaghluidís a dteaghlach, do thug sé ordughadh corcóg gloine do dhéanamh agus saithe beach do chur innte. Acht do theip ar Sholamh, an fios do bhí uaidh d'fhagháil mar sul do shochraigh na beacha síos chum gnótha, do chlúduigheadar an chorcóg ar an taobh istigh le céir, i gcás nár fhéad an rí faic d'fheicsint. Ní mar sin dúinne. Chífeam an chorcóg agus a bhfuil innte, chífeam an gnó ar siubhal, chífeam na leanbhaí, agus cuirfeam aithne ar an mbainríoghan féin. Ach! agus an bhfuil bainríoghan leis orra? Cad fáth nár thráchtais uirre nuair do bhídheamar ar an taobh amuigh de'n chorcóig, adéarfar? Go réidh, a dhearbhráthair, go réidh; ní gan adhbhar óir is fánach riamh do bhídheann sí ar an taobh amuigh - go deimhin ní fhágann sí an chorcóg an fhaid do bhídheann sí na bainríoghain innte acht aon uair amháin, agus is é fáth ar a bhfágann sí an uair seo í chum coidrimh do chur ar cheann de na beachaibh ramhra deagh-labhartha úd ar ar chuireamar síos cheana, agus is dóigh liom gur beart spriúnluighthe neamh-oireamhnach dhuitse na dhómhsa bheith ag féachaint 'na diaigh an fhaid do bhídheann sí i bh-fheighil an ghnó dheisgréidigh sin - go ró-mhór nuair do bheidh a
fhios agat ná cuireann sí aon tsuim sa ghnó so acht aon uair amháin tré rith a saoghail. (Leanfar de)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services