Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beacha Meala

Title
Beacha Meala
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Beacha Meala



Is ró-mhór ná cuirid filí chum suain sinn nuair
thráchtaid siad ar cheileabhair chaoin na n-éanlaith, nuair
do mholaid an londubh, an chuach agus an smólach. Fághann
cuid aca sult, nó leigid siad orra go háirighthe é,
i meigiollaidh na naosgach, no i mbéiceacht an tragna!
Acht tá ceól eile, agus is annamh a chuirtear síos air, 'na
bhfuil an oiread binnis agus tógaint-chroidhe le ceól aon
éin do cruthadh riamh - sé sin ceol na m-beach. Má's
maith leis deimhin an sgéil seo d'fhagháil, seasadh sé
lá breágh ag bun crainn a bheidheas faoi n-a bhláth, agus
cloisfidh ós a chionn fuaim an cheoil sidhe, nó crónán
na cruite úd do luasgann an ghaoth. Is iad na beacha
do dhéanann an ceól so, mar tá na sluaighte dhíobh ann
ag cur a n-ualach meala le chéile. Tar ann sin cois
corcóige agus féach ortha ag teacht agus ag imtheacht go fuad-
rach, deithnearach, imnidheach, agus b'fhéidir nach é amháin go
bh-fágair caitheamh aimsire mór as, acht teasgasg agus
deagh shampladh. Do chífir cuid aca ag teacht go
tuirseach, trom-sgiathanach, mála air gach taobh dhíobh,
i bhfuiribh mar do-chímís ar lucht siúbhail, no ar bhacachaibh
san tsean-aimsir. Cad tá ins na málaibh seo? Tá
plúr nó "lúaithre" do bhíos i lár na mbláthann, nídh
do theasduigheann ó na beachaibh chum a gcuid páisdí do
bheathughadh. Óir ní bheidheadh san mhil d'ithid féin acht
nimh nimhe dá leanbhaibh.



Tiubharair fá ndeara go m-bídh na málaí seo ar
uairibh buidhe ar uairibh crón, bán nó dearg, do réir
dath an bhlátha n-a bhfaghann an beach an luaithre. Tais-
beanann so go leanann an beach d'aon tsaghas amháin
blátha an fhaid go bhíos sé ag bailiughadh a ualaigh. Is
fiú dhuit an sgéal iongantach so do dheimhniugadh. Gaibh
amach fá na páirceannaibh agus féach na beacha ag obair.
Ní fheicfir beach ar bith ag dul ó'n aiteann go crann
ubhall, ná ó'n gcuilleann go bláth na drise. Cad fáth
so an dóigh leat? Cad n-a thaobh ná tógann an beach
gach luaithre da dthig fá n-a láimh nuair atá a fhios aige
go bhfuil siad uile chómh-mhaith chum a chlann do chothughadh?
Is é Dia do thugann cogar do'n bheach; mar tuig a
léightheoir nach chum mílseán do dhéanamh dhuitse ná
dhomhsa, dá mhéid linn sinn féin, do chruthaigh Dia an
beach, acht chum crainn, toir agus planndaí na talmhan do
dhéanamh torthamhail.



Tá sé i gcumas na n-ainmhidhthe - an fireannach agus an
bhuineannach de gach saghas - teacht ar a chéile agus bheith
torthamhail tríd sin; acht sé cineamhain chruaidh na
gcrann mbocht fanamhaint san áit do chuirthear iad, agus
ar an adhbhar san teasduigheann lucht friothála uatha.
Is é an beach do-ghníonn an gnó gátarach so, óir nuair
théidheann sé ó chrann go crann fágann sé na dhiaidh
rian beag de'n luaithridh.



Do-chíonn tú anois gurab éigin dóibh leanamhaint
d'aon tsaghas amháin crainn nó plannda, agus fós gur
mór an chuid de mhaitheas an domhain atá déanta tré
aicilidheacht an bheich bhig. Muna bhfeicir caithfidh mé
innsint duit go mbeadh an síol bréagach dá dtabhradh
an beach luaithre aon phlannda go ceann eile nach
baineann leis an sadhas gcéadna. Cuir i gcás go
mbeireadh sé luaithre cabáiste go bláth ráibe ní
thiocfadh cabáiste no ráib cheart as an síol, acht
plannda éigin eatorra, dá bhfásadh aon nídh i n-aon chor
as, agus is minic ná fásann. 'San tslighe chéadna bheadh
díoghbháil déanta do na crannaibh. Is ró ró-mhinic a
lotann an ghaoth síol na bhfeirmeoirí, nuair shéideann
agus measgann sí luaithre planndaí eidir-dhealbhuighthe tré
n-a chéile.



I n-éagmais lucht na málaí, chífir tuilleadh beach ag
teacht go saothrach, cé go bhfuil siad, mar ba dhóigh
leat, follamh. Ní follamh dhóibh ar a shon sain, rud
do-chífir má's maith leat ceann díobh do mharbhughadh,
nuair do-gheobhair istigh ann braon ramhar meala no
deór uisge. Aisiocaidh siad an mhil i gcadhainnibh
mheala nuair do théid isteach sa chorcóig, agus má's uisge
atá aco, fliuchaid siad an luaithre, ar ar thráchtas ó
chianaibh, leis sul a dtugaid dá gcloinn é.



Ná tuig go n-oibrighid na beatha go léir. Do-chífir
ag eitilt timcheall na corcóige, beacha ramhra, slíoma,
binn-ghlóracha; cabhaile leathna orra agus eitidhe fada.
Ní fheicfir amuigh iad acht nuair do thaithneann an
ghrian; agus ní fheicfir ualach choidhche orra. Is iad so na
beacha fireanna. Ní'l aon tsleagh aca agus ar an adhbhar
sin ní chealgaid siad aon'ne.



Ó ná tugaid cabhair ar bith chum an tighe choiméad
suas, nuair do bhídheann an bhliadhain ag dul i
ndéidheanaighe agus an mhil gann dibireann na beacha eile
iad ó'n gcorcóig agus imthighid siad chum fáin, mara
bhfaghaid siad bás 'n bhfuacht, agus 'n ocras, i gcás ná
héirgheann an díomhaointeas leo.



Támaoid fad ár ndóthain ag faire cois na corcóige.
Féachamaois isteach innte feasda. Léighimíd sa Bhíobla
nuair ná raibh nídh ar bith ag dul de Righ na ngiúdaidheach
Solamh na hEagna, acht cionnus do-ghéanaidís na
beacha a gcuid meala, agus cionnus do riaghluidís a
dteaghlach, do thug sé ordughadh corcóg gloine do
dhéanamh agus saithe beach do chur innte. Acht do theip ar
Sholamh, an fios do bhí uaidh d'fhagháil mar sul do shochraigh
na beacha síos chum gnótha, do chlúduigheadar an chorcóg
ar an taobh istigh le céir, i gcás nár fhéad an rí faic
d'fheicsint. Ní mar sin dúinne. Chífeam an chorcóg
agus a bhfuil innte, chífeam an gnó ar siubhal, chífeam na
leanbhaí, agus cuirfeam aithne ar an mbainríoghan féin.
Ach! agus an bhfuil bainríoghan leis orra? Cad fáth
nár thráchtais uirre nuair do bhídheamar ar an taobh
amuigh de'n chorcóig, adéarfar?



Go réidh, a dhearbhráthair, go réidh; ní gan adhbhar
óir is fánach riamh do bhídheann sí ar an taobh amuigh -
go deimhin ní fhágann sí an chorcóg an fhaid do bhídheann
sí na bainríoghain innte acht aon uair amháin, agus is é fáth
ar a bhfágann sí an uair seo í chum coidrimh do chur ar
cheann de na beachaibh ramhra deagh-labhartha úd ar ar
chuireamar síos cheana, agus is dóigh liom gur beart
spriúnluighthe neamh-oireamhnach dhuitse na dhómhsa bheith
ag féachaint 'na diaigh an fhaid do bhídheann sí i bh-fheighil
an ghnó dheisgréidigh sin - go ró-mhór nuair do bheidh a


L. 275


fhios agat ná cuireann sí aon tsuim sa ghnó so acht
aon uair amháin tré rith a saoghail.



(Leanfar de)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services