Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Beidh bruighean mhór aca i nAmerica as so go Samhain, is í bruighean luasgadh na dteangtha í, dream aca ag moladh an Bhrianaigh agus ag cáineadh MhacFhionnlaoigh agus leantóiri MhicFhionnlaoigh ag tabhairt íde na muc agus na madraí ar an mBrianach. Is iad so an bheirt fhear atá toghtha i gcomhar an Uachtarántacht agus do réir dheall- raimh toghfaid na hAmericánaigh an fear is feárr, nó go háirighthe an fear is feárr d'oireann dóibh. Deir na Sasanaigh gurab é MacFhionnlaoigh an fear is feárr toisg go bhfuil sé baidheamhail leó féin, mar dar leo ní fiú braon bláithighe éinne atá drochmheasach ortha féin agus tá an teist amuich ar an mBrianach nách lúgha leis an deamhan 'ná iad. Deirthear go bhfuil fir na sparán bhfada ar thaobh MhacFhionnlaoigh agus má eirgheann leis go mbeidh Ímpireacht i nionad Togha-Riaghaltais aca i nAmericá agus cead ag an Ímpire cum tighearnacht agus ridireacht do bhronnadh ar gach fear builg-mhóir. Tá cogadh na mBórach leis 'na chúis achrann aca agus deirthear go bhfuil na hÉireannaigh agus na Gearmánaigh thall i gcoinnibh MhacFhionnlaoigh, agus leis an mBrianach mar deir seisean gur chóir d'Americá a chur fíachaibh ar Shasana leigean do Phól. Tá gunnaí gearra Phóil gan chabhair ó éinne eile ag míniughadh Sheaghain. Ba chóir go mbiadh an seanduine bocht Pól tuirseach, tnáite, anois d'éis catha trí rátha acht tá sé chómh misneamhail agus bhí sé riamh agus is é Roberts atá dul i ndona. Go deimhin féin ní dóich liom go bhfuil speach ann i n-aon chor mar tá Laoiseach Bóta cois Phretoria ag faireadh air agus De Bhet dia theas de ag déanadh amadáin de. Tá Seaghan go neamhfhoidneach ag féitheamh le sgéal maith agus ní thagann an sgéal gidh go bhfuil trí fichid míle fear ins an Saor Stát ag iarraidh cor do bhaint as an bhfear míorbhúileach sain De Bhet agus ní fhuil pioc d'á bhárr aca acht srón fola. Téidhid na saighdiúirí chum suain tar éis bheith ag rith anonn agus anall ar feadh an lae, mar do chuadar ag Ficsburg an oidhche eile, agus ní bhíonn an chéad ghreas codalta aca nuair dhúisighthear go hobann iad le piléaraibh ag feaduigheal timcheall ortha. Bíonn De Bhet ann. Chuireamar ag gcúl é adeir Roberts, acht ní imthigheann De Bhet abhfad siar. Ní hé an fear Roberts chum aon bhuntáiste do cheilt, agus d'á mbiadh sé féin agus a dhá chéad míle go leith fear ag déanadh gnímh, ní misde rádh 'ná go mbiadh tuairisg bhladhmannach againn. Sgiob na Bóraigh dá fhichead marcach uainn ag Standerton, adeir an tuairisg, sgiobadar leo ceanndreama agus a bhuidhean fear dia amuich de Phretoria adeir an tuairisg chéadna. Dar so agus sud, adeir Seaghán, táim creachda ag an gcogadh sain, gheall Roberts dom tá sé seachtmhaine ó shoin go mbiadh an marbhthóir sin De Bhet aige fá cheann dhá lá. Ní fhuil sé aige fós. D'iarr an Riaghaltas ar Roberts ar bhféidir leis deich míle fear do sheóladh abhaile i gcómhair an uathbháis seo ins an tSíne, acht chroth Roberts a cheann. Thug Sasana dhó an tArm is mó do chuir sí riamh ar tír chum troda, agus tá seisean ró-chiallmhar chum sgaramhaint leis an arm sain go mbeidh a ghnó déanta aige, siúd agus go dteasduigheann cuid aca go mór ins an tSíne. Ní fhuil cuntus cruinn againn fós ó'n dtír sin, acht má's fíor na páipéir - agus meastar gur fíor an cor so - is bréan na bodaigh na Sínigh. Táid siad ag cur na mban agus na leanbh chum báis, agus is dóich le cách nách bhfuil aon Eórpach 'na bheathaidh anois i gcathair Phecin. Bhí teachtairí tíre ó gach Cumhacht na gcómhnuidhe annsúd agus a gcomhluadar i n-éinfheacht leo, agus is gnáthach a leithéidí seo do chur abhaile sul a dtosnuigheann cogadh. Acht i n-ionad sain do bhailigh na Sínigh timcheall ortha nós sgata faolchon agus níor fhágadar fear bean ná páisde le croiceann fionn ná'r stolladar as a chéile. Thuga- dar an íde chéadna ag gach Síneach do thréig a chreideamh féin de'n Chríostuigheacht. Do throid na hEórpaigh go calma mar ba dhual dhóibh agus deirthear go raibh sráideanna Phecin báidhte mhaola 'na ndúiseacht fá dheireadh, fuil ar a ngiallaibh agus faghairt 'na súlaibh. Mhúsgail saint na nEórpach an phiast. Tá a hanál ag cur sgannradh ortha agus tá gach buille d'á hearball ag crothadh an domhain. Má tá neart innte do réir a méid agus a dhéanadh slug- faidh sí na mílte, acht gidh go bhfuil eagla ar a lán roimpe, ba dhóich liom féin nách gábhadh dhóibh é, mar nách bhfuil ins an phéist mhóir acht gaoth agus gar. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services