Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Beidh bruighean mhór aca i nAmerica as so go Samhain,
is í bruighean luasgadh na dteangtha í, dream aca ag
moladh an Bhrianaigh agus ag cáineadh MhacFhionnlaoigh agus
leantóiri MhicFhionnlaoigh ag tabhairt íde na muc agus
na madraí ar an mBrianach. Is iad so an bheirt fhear
atá toghtha i gcomhar an Uachtarántacht agus do réir dheall-
raimh toghfaid na hAmericánaigh an fear is feárr, nó
go háirighthe an fear is feárr d'oireann dóibh. Deir
na Sasanaigh gurab é MacFhionnlaoigh an fear is feárr
toisg go bhfuil sé baidheamhail leó féin, mar dar leo
ní fiú braon bláithighe éinne atá drochmheasach ortha
féin agus tá an teist amuich ar an mBrianach nách lúgha
leis an deamhan 'ná iad.



Deirthear go bhfuil fir na sparán bhfada ar thaobh
MhacFhionnlaoigh agus má eirgheann leis go mbeidh Ímpireacht
i nionad Togha-Riaghaltais aca i nAmericá agus cead ag
an Ímpire cum tighearnacht agus ridireacht do bhronnadh ar
gach fear builg-mhóir. Tá cogadh na mBórach leis 'na
chúis achrann aca agus deirthear go bhfuil na hÉireannaigh
agus na Gearmánaigh thall i gcoinnibh MhacFhionnlaoigh, agus
leis an mBrianach mar deir seisean gur chóir d'Americá
a chur fíachaibh ar Shasana leigean do Phól. Tá gunnaí
gearra Phóil gan chabhair ó éinne eile ag míniughadh
Sheaghain. Ba chóir go mbiadh an seanduine bocht Pól
tuirseach, tnáite, anois d'éis catha trí rátha acht tá sé
chómh misneamhail agus bhí sé riamh agus is é Roberts atá dul
i ndona. Go deimhin féin ní dóich liom go bhfuil speach
ann i n-aon chor mar tá Laoiseach Bóta cois Phretoria
ag faireadh air agus De Bhet dia theas de ag déanadh
amadáin de. Tá Seaghan go neamhfhoidneach ag féitheamh
le sgéal maith agus ní thagann an sgéal gidh go bhfuil trí
fichid míle fear ins an Saor Stát ag iarraidh cor do
bhaint as an bhfear míorbhúileach sain De Bhet agus ní fhuil
pioc d'á bhárr aca acht srón fola. Téidhid na saighdiúirí
chum suain tar éis bheith ag rith anonn agus anall ar feadh
an lae, mar do chuadar ag Ficsburg an oidhche eile, agus
ní bhíonn an chéad ghreas codalta aca nuair dhúisighthear
go hobann iad le piléaraibh ag feaduigheal timcheall
ortha. Bíonn De Bhet ann. Chuireamar ag gcúl é
adeir Roberts, acht ní imthigheann De Bhet abhfad siar.



Ní hé an fear Roberts chum aon bhuntáiste do cheilt,
agus d'á mbiadh sé féin agus a dhá chéad míle go leith fear ag
déanadh gnímh, ní misde rádh 'ná go mbiadh tuairisg
bhladhmannach againn. Sgiob na Bóraigh dá fhichead
marcach uainn ag Standerton, adeir an tuairisg,
sgiobadar leo ceanndreama agus a bhuidhean fear dia
amuich de Phretoria adeir an tuairisg chéadna. Dar
so agus sud, adeir Seaghán, táim creachda ag an gcogadh
sain, gheall Roberts dom tá sé seachtmhaine ó shoin go
mbiadh an marbhthóir sin De Bhet aige fá cheann dhá lá.
Ní fhuil sé aige fós. D'iarr an Riaghaltas ar Roberts
ar bhféidir leis deich míle fear do sheóladh abhaile i
gcómhair an uathbháis seo ins an tSíne, acht chroth Roberts
a cheann. Thug Sasana dhó an tArm is mó do chuir sí
riamh ar tír chum troda, agus tá seisean ró-chiallmhar chum
sgaramhaint leis an arm sain go mbeidh a ghnó déanta
aige, siúd agus go dteasduigheann cuid aca go mór ins
an tSíne.



Ní fhuil cuntus cruinn againn fós ó'n dtír sin, acht
má's fíor na páipéir - agus meastar gur fíor an cor so -
is bréan na bodaigh na Sínigh. Táid siad ag cur na
mban agus na leanbh chum báis, agus is dóich le cách nách bhfuil
aon Eórpach 'na bheathaidh anois i gcathair Phecin. Bhí
teachtairí tíre ó gach Cumhacht na gcómhnuidhe annsúd
agus a gcomhluadar i n-éinfheacht leo, agus is gnáthach a
leithéidí seo do chur abhaile sul a dtosnuigheann cogadh.
Acht i n-ionad sain do bhailigh na Sínigh timcheall ortha
nós sgata faolchon agus níor fhágadar fear bean ná páisde
le croiceann fionn ná'r stolladar as a chéile. Thuga-
dar an íde chéadna ag gach Síneach do thréig a chreideamh
féin de'n Chríostuigheacht. Do throid na hEórpaigh go
calma mar ba dhual dhóibh agus deirthear go raibh sráideanna
Phecin báidhte mhaola 'na ndúiseacht fá dheireadh, fuil ar
a ngiallaibh agus faghairt 'na súlaibh. Mhúsgail saint na
nEórpach an phiast. Tá a hanál ag cur sgannradh ortha
agus tá gach buille d'á hearball ag crothadh an domhain.
Má tá neart innte do réir a méid agus a dhéanadh slug-
faidh sí na mílte, acht gidh go bhfuil eagla ar a lán
roimpe, ba dhóich liom féin nách gábhadh dhóibh é, mar nách
bhfuil ins an phéist mhóir acht gaoth agus gar.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services