Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar an Seoiníneacht Ghallda
Title
Ar an Seoiníneacht Ghallda
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Séafra O Donnchadha c.c.t. Ar an Seoiníneacht Ghallda Is barr ar an gcleas an reacht do théacht thar toinn Le'r leagadh fá shlait an treabh sain Éibhir Fhinn; Camadh na mbeart do shlad go claon ar gcuing, Ler gearradh amach ár gceart ar Éirinn aoil. Is deacair a mheas go raibh i gcéill do'n druing Ceapadh na n-acht do thabhairt d'aon mhac Gaill, Go bhfacadar breath na bhfear ar Shéarlus Rí, Gur sgaradar neart ó cheart le céile a bhaill. DO feannadh ar fad an feacht so i nÉirinn Gaoidhil, Is deargthar feasda feart gach éin-fhir díobh; No glacaid a bpas gan stad is téid tar toinn, Is geallaid tar ais gan teacht go héag arís. Cé neartmhar an tan so ar chlannaibh Gaedheal na Gaill 'S cé rathmhar a stad le seal i bpréamhaibh Fhlainn; De dheasgaibh a gcasd ní ghabhaid géilleadh an fhoínn; D'fheartuigh 'na frasaibh fearg Dé 'na ndruim. A Athair na bhfeart ded' chead is déanta guidhe; Ceartuigh 'na leas ar fad i nÉirinn Gaoidhil; Is leasuigh 'na gceart gan cheas gach aon de'n druing; Is aisig a reacht 's a rath do'n chléir i gcill. Uch is ath-chaoi, is lag í an uaisle anois; Cufa 's callaí ar chaillíbh tuarasdail; Bodaigh fá hataíbh is aistighe shuarach sain; 'S lucht oirdheirc seacadha i gcaipíbh cluasacha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services