Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar an Seoiníneacht Ghallda

Title
Ar an Seoiníneacht Ghallda
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Séafra O Donnchadha c.c.t.



Ar an Seoiníneacht Ghallda



Is barr ar an gcleas an reacht do théacht thar toinn
Le'r leagadh fá shlait an treabh sain Éibhir Fhinn;
Camadh na mbeart do shlad go claon ar gcuing,
Ler gearradh amach ár gceart ar Éirinn aoil.



Is deacair a mheas go raibh i gcéill do'n druing
Ceapadh na n-acht do thabhairt d'aon mhac Gaill,
Go bhfacadar breath na bhfear ar Shéarlus Rí,
Gur sgaradar neart ó cheart le céile a bhaill.



DO feannadh ar fad an feacht so i nÉirinn Gaoidhil,
Is deargthar feasda feart gach éin-fhir díobh;
No glacaid a bpas gan stad is téid tar toinn,
Is geallaid tar ais gan teacht go héag arís.



Cé neartmhar an tan so ar chlannaibh Gaedheal na Gaill
'S cé rathmhar a stad le seal i bpréamhaibh Fhlainn;
De dheasgaibh a gcasd ní ghabhaid géilleadh an fhoínn;
D'fheartuigh 'na frasaibh fearg Dé 'na ndruim.



A Athair na bhfeart ded' chead is déanta guidhe;
Ceartuigh 'na leas ar fad i nÉirinn Gaoidhil;
Is leasuigh 'na gceart gan cheas gach aon de'n druing;
Is aisig a reacht 's a rath do'n chléir i gcill.



Uch is ath-chaoi, is lag í an uaisle anois;
Cufa 's callaí ar chaillíbh tuarasdail;
Bodaigh fá hataíbh is aistighe shuarach sain;
'S lucht oirdheirc seacadha i gcaipíbh cluasacha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services