Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe na gCuartaidhthe - II
Title
Cúrsaidhe na gCuartaidhthe - II
Author(s)
Méarthóg Guill,
Pen Name
Mearthóg Ghuill
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe na gCuartaidhthe - II Máire. - A Bhríghid na gcumann, nach bhfuil 'fhios agat maith go leór go raibh Éire faoi bhláth sul ná dtáinic na cuartaidhthe i n-ár dtír. Bríghid. - Agus ar ndóigh, ní hé a chaoi gur chuir na cuartaidhthe mí-bhláth ar ár dtír. M. - Coisg do bhéal, a strabóig, agus leig chugat an sgéal, agus ná bí ag cur coisg orm-sa, go gcáinidh mé, léir mar thuill siad, iad. B. - Ó! dheamhan lá riamh nach raibh inntinn chorrach agat agus tá sé chomh maith agat na daoine a bhualadh. M. - Ná labhair aon fhocal eile go gcríochnuighe mé mo sheanchas, ná má labhruigheann, béidh alla na héag- caoine agat. B. - 'Ndomhnach! is fearr a' réiteach. Toisigh ort a' diabladh anois. M. - Nuair a bhí-muid i ngan-fhios go na cuartaidhthe annseo, bhí grásta Dé i n-ár measg agus bhí muinntir na hÉireann tíor-ghrádhach roinn-pháirteach carthanach lághach le n-a chéile. Ní raibh aon anachain anntu, chor le naoidheanán na cíche. Bhí siad macánta diadhanta. Bhí
modh agus meas acu dá n-aithreacha agus dá máithreacha. Bhí siad fairsing fial lámh-fhairsingeach dá gcomhursain, dá mbeith cal orthu. B. - Agus nach bhfuil siad amhlaidh indiu mar bhí siad an lá sin? M. - Fairíor! ní'l. Ní heanann le chéile iad. B. - Agus cé an t-ádhbhar ar athruigh siad? M. - D'athruigh siad le linn na gcuartaidhthe. Agus tá siad ag athrughadh agus béidh siad ag athrughadh. Tá siad a' gul 'un donacht i n-áit a bheith a' gul 'un maitheasa. B. - Ar b'iad na cuartaidhthe atá a' gul 'un donacht? M. - Ní hiad maise' acht do mhac-samhail-sa d'Éire- annaigh bhréige atá a' déanamh aithrise ar na cuartaidhthe. 'Sé an t-ainm a thugaim-se ar na cuartaidhthe seo, pláigh na hÉireann. B. - Cuir srian le do ghuth anois agus tabhair aire dho'n rud atá tú a rádh. M. - Ní'l aon fhaitcheas orm roimh fhear ná bean i nÉirinn an fhírinne ghlan a chur os comhair na ndaoine, ar a' gcaoi go dtuigfidh ar nÉireannaigh fearamhla beagán faoi ghníomhartha na gcuartaidhthe. 'Bhfuil 'fhios agat an t-ádhbhar a dtáinig siad go hÉirinn chomh fair- sing agus tá siad a' tidheacht. B. - Ní'l 'fhios agam, acht sílim gur le maitheas a dhéanamh dhár dtír é. M. - A! go bhfóiridh Dia ar do chéill. Ní'l annat acht cliobóg óinsighe. B. - B'fhéidir gur ciallmhaire mé ná thusa. M. - Ná bí a' caisíneacht anois, go gcluinidh tú a bhfuil le rádh agam. 'Siad na cuartaidhthe a chuir an ruaig i dtoiseach ar thogha mná agus fir na hÉireann. B. - Cé an chaoi a ndéarna siad é sin? M. - Innseó' mise sin duit. Nuair a tháinic siad i n-ár measg, chaith siad droch-mheas ar ár dteangaidh, chaith siad droch-mheas ar ár sean-ghnáis agus ar nóis na hÉireann, agus thoisigh siad a' comhairleacan na mban agus na bhfear ar fud na mbailte gur daoine gan chéill a bhí anntu, agus nách raibh meabhair ar bith ina gceann, faoi rádh 's go raibh siad a' caitheadh a n-ama ins an tír seo agus gan rud ar bith acu dhá bhárr. Dubhairt siad leó dá ngabhfadh siad do'n Oileán Úr ná go Sasana ná go Albain, go mbeith saoghal fear ná ban uasal acu. B. - Agus ar ghlac na hÉireannaigh a gcomhairle? M. - Ghlac, maise', Ghlac, mar bhí siad sónta. Ghluais cuid acu orthu, agus chuaidh cuid acu dho'n Oileán Úr agus cuid acu go Sasana, agus t'réis tamaill bhig chuir siad sin beagán airgid a bhaile agus mhol siad an tír a bhí thart amuigh agus thug siad duine ná beirt eile dá muirighin leobhtha, agus bhí siad dá dhéanamh sin lá ar lá, gur bán- uigheadh talamh na hÉireann, thig liom a rádh, duth agus dath. Ní críoch Méarthóg Ghuill
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services