Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe na gCuartaidhthe - II

Title
Cúrsaidhe na gCuartaidhthe - II
Author(s)
Méarthóg Guill,
Pen Name
Mearthóg Ghuill
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe na gCuartaidhthe - II



Máire. - A Bhríghid na gcumann, nach bhfuil 'fhios agat
maith go leór go raibh Éire faoi bhláth sul ná dtáinic
na cuartaidhthe i n-ár dtír.



Bríghid. - Agus ar ndóigh, ní hé a chaoi gur chuir na
cuartaidhthe mí-bhláth ar ár dtír.



M. - Coisg do bhéal, a strabóig, agus leig chugat an
sgéal, agus ná bí ag cur coisg orm-sa, go gcáinidh mé,
léir mar thuill siad, iad.



B. - Ó! dheamhan lá riamh nach raibh inntinn chorrach
agat agus tá sé chomh maith agat na daoine a bhualadh.



M. - Ná labhair aon fhocal eile go gcríochnuighe mé
mo sheanchas, ná má labhruigheann, béidh alla na héag-
caoine agat.



B. - 'Ndomhnach! is fearr a' réiteach. Toisigh ort a'
diabladh anois.



M. - Nuair a bhí-muid i ngan-fhios go na cuartaidhthe
annseo, bhí grásta Dé i n-ár measg agus bhí muinntir na
hÉireann tíor-ghrádhach roinn-pháirteach carthanach lághach
le n-a chéile. Ní raibh aon anachain anntu, chor le
naoidheanán na cíche. Bhí siad macánta diadhanta. Bhí


L. 260


modh agus meas acu dá n-aithreacha agus dá máithreacha. Bhí
siad fairsing fial lámh-fhairsingeach dá gcomhursain,
dá mbeith cal orthu.



B. - Agus nach bhfuil siad amhlaidh indiu mar bhí siad
an lá sin?



M. - Fairíor! ní'l. Ní heanann le chéile iad.



B. - Agus cé an t-ádhbhar ar athruigh siad?



M. - D'athruigh siad le linn na gcuartaidhthe. Agus
tá siad ag athrughadh agus béidh siad ag athrughadh. Tá siad
a' gul 'un donacht i n-áit a bheith a' gul 'un maitheasa.



B. - Ar b'iad na cuartaidhthe atá a' gul 'un donacht?



M. - Ní hiad maise' acht do mhac-samhail-sa d'Éire-
annaigh bhréige atá a' déanamh aithrise ar na cuartaidhthe.
'Sé an t-ainm a thugaim-se ar na cuartaidhthe seo,
pláigh na hÉireann.



B. - Cuir srian le do ghuth anois agus tabhair aire dho'n
rud atá tú a rádh.



M. - Ní'l aon fhaitcheas orm roimh fhear ná bean
i nÉirinn an fhírinne ghlan a chur os comhair na ndaoine,
ar a' gcaoi go dtuigfidh ar nÉireannaigh fearamhla
beagán faoi ghníomhartha na gcuartaidhthe. 'Bhfuil 'fhios
agat an t-ádhbhar a dtáinig siad go hÉirinn chomh fair-
sing agus tá siad a' tidheacht.



B. - Ní'l 'fhios agam, acht sílim gur le maitheas
a dhéanamh dhár dtír é.



M. - A! go bhfóiridh Dia ar do chéill. Ní'l annat
acht cliobóg óinsighe.



B. - B'fhéidir gur ciallmhaire mé ná thusa.



M. - Ná bí a' caisíneacht anois, go gcluinidh tú a
bhfuil le rádh agam. 'Siad na cuartaidhthe a chuir an
ruaig i dtoiseach ar thogha mná agus fir na hÉireann.



B. - Cé an chaoi a ndéarna siad é sin?



M. - Innseó' mise sin duit. Nuair a tháinic siad
i n-ár measg, chaith siad droch-mheas ar ár dteangaidh,
chaith siad droch-mheas ar ár sean-ghnáis agus ar nóis na
hÉireann, agus thoisigh siad a' comhairleacan na mban agus
na bhfear ar fud na mbailte gur daoine gan chéill a
bhí anntu, agus nách raibh meabhair ar bith ina gceann, faoi
rádh 's go raibh siad a' caitheadh a n-ama ins an tír seo
agus gan rud ar bith acu dhá bhárr. Dubhairt siad leó dá
ngabhfadh siad do'n Oileán Úr ná go Sasana ná go
Albain, go mbeith saoghal fear ná ban uasal acu.



B. - Agus ar ghlac na hÉireannaigh a gcomhairle?



M. - Ghlac, maise', Ghlac, mar bhí siad sónta.
Ghluais cuid acu orthu, agus chuaidh cuid acu dho'n Oileán
Úr agus cuid acu go Sasana, agus t'réis tamaill bhig chuir
siad sin beagán airgid a bhaile agus mhol siad an tír a bhí
thart amuigh agus thug siad duine ná beirt eile dá muirighin
leobhtha, agus bhí siad dá dhéanamh sin lá ar lá, gur bán-
uigheadh talamh na hÉireann, thig liom a rádh, duth agus
dath.



Ní críoch



Méarthóg Ghuill



<Míniughadh - cumann, affection; strabóg, hussy;
cosg, check; léir = réir, do réir, according; corrach,
unsteady, unrestrained; labhruigheann = labhrann; alla
na heagcaoine, cause for complaining; réiteach,
settlement, peace; toisigh = tosuigh, begin; bhí-muid =
bhíomar; i ngan-fhios, unknown; roinn-pháirteach,
sharing (their goods with each other); carthanach,
charitable, loving; lághach, affable; anachain, evil;
anntu (dialect) = ionnta; chor le = just like, perhaps
short for acht oiread le; naoidheanán na cíche; the
infant at the breast; macánta, well-disposed; diadh-
anta, pious; modh, honour; fairsing, liberal; cal,
need, occasion; eanann (dialect) = ionann, same, alike;
athruigh, change; dul chum donachta, going to the bad,
getting worse; fairsing, abundant; annat (dialect)
= ionnat; cliobóg, a year-old filly, a soft-headed
woman; óinseach, a foolish woman; caisíneacht,
nagging; comhairleacan, advising; meabhair, sense;
faoi rádh 's go, seeing that; de bhárr, as a result of;
sónta, simple; thart amuigh, round about; leobhtha
(dialect) = leó; bánuigh, clear; duth agus dath, out and
out.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services