Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dileagra do Dhómhnaill Ó Conaill
Title
Dileagra do Dhómhnaill Ó Conaill
Author(s)
Ó Murchadha, Dómhnaill,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Dileagra do Dhómhnaill Ó Conaill Ag Dómhnaill O Murchadha A Shaorthóir Óirdheirc, Bárd déidheanach Deas-Mhumhan, a bheannuigheas duit i n-ainm a dhúithche atá le cian claoidhte ó Allmhúraigh, 'sa clann ar feodh i mbrón no i n-ionnar- bháidh go tíorthaibh imchiana ar lorg an dídín nach bhfuil i n-a dtír féin. Do ruagadh a cath-mhíleadhta 'sa gCléir ar seachrán amhail feodh-dhuille na coille ar aghaidh na garbh-ghaoithe. Bhíodar a cealla ar dtuitim ar lár agus cnámha a druadh agus a biadhtach gan adhlacadh ar an gcnoc agus ag tuar fá'n síon. Do bhí Éire lag uaig- neach, lán do chumha ó díothúghadh a daoine, 's ag dear- mad gnáith-chéolta binne a cruite gan tábhacht i bhfuaim a habhann aoirde a cnoc ná glaise a machaire, ag meas uireasbadh agus bróin a daoine acht buidhe le Dia a riaras Innis Fáil tá anois dá saoradh ó n-a cruaidh-chineamain; óir is follus go bhfuil duibh-néalta bróin agus buaidheartha ar n-a sgapadh, agus ár dtír ag gealadh suas fá dhrúcht néamhdha agus grian-gha glóire do réir fáistine ar bhfáidh agus ar ndruadh go lasfaidh arís i n-ár gcionn. Tá deór na buaidheartha dá tiormughadh agus dóchas sogh agus bíoth-gháir ag lasadh in gach súil agus ag líonadh gach croidhe, dá fógradh go soilléir go bhfuil san ló sona séanmhar so Saorthóir Éireann i bhfogus dúinn. A mhic mhórdha an Iarthair, Dómhnall na gcéad gcath neamh-fhuilteach, fortuill mar an iolar, saortha as do bhraighdeanas céad-laetheach neamh-thuillte ar son do thíre i n-intinn daingean chruaidh mar charraig Dhoire Fhionnáin, do dhúithche árd agus chomh tréan leis na garbh- thonnaibh a bhuaileas timcheall a boínn, anois fearaid fíor-mhaca agus ingheana áille Chorcaighe na mílte fáilte rómhat go rabhaid do laethe sona agus fad-nuimhre agus fad breithe agus líomhaire ar do bhúidhin agus do námhaid ar n-a milleadh. Go raibh intinn teith do chroidhe, ar sonas, agus nua-bheatha Éireann gan teimheal do réir do thola. Aithchím, go raibh an Cruaidh-cheangal a meastar i gcóir agus do cómhlíontar le breib agus le fuil d'ár sglábhacht agus d'ár n-ísliughadh sgriosta dínn go bráth fad do bheidh óg agus aosta, an tuathach agus an cléir, agus na daoine go huile ag árd-ghlaodhach "Féis Éireann! Athghairm! Athghairm!" Go raibh glan ainm Uí Chonaill i gcróidh- tibh aicme shona shaoir dá lomradh i nglóir agus i mórdhacht dhár sliocht i gcomhartha na buaidhe agus fair-fhocail na saoirseachta.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services