Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dileagra do Dhómhnaill Ó Conaill

Title
Dileagra do Dhómhnaill Ó Conaill
Author(s)
Ó Murchadha, Dómhnaill,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Dileagra do Dhómhnaill Ó Conaill



Ag Dómhnaill O Murchadha



A Shaorthóir Óirdheirc,
Bárd déidheanach Deas-Mhumhan, a bheannuigheas
duit i n-ainm a dhúithche atá le cian claoidhte ó
Allmhúraigh, 'sa clann ar feodh i mbrón no i n-ionnar-
bháidh go tíorthaibh imchiana ar lorg an dídín nach bhfuil
i n-a dtír féin. Do ruagadh a cath-mhíleadhta 'sa
gCléir ar seachrán amhail feodh-dhuille na coille ar
aghaidh na garbh-ghaoithe. Bhíodar a cealla ar dtuitim
ar lár agus cnámha a druadh agus a biadhtach gan adhlacadh ar
an gcnoc agus ag tuar fá'n síon. Do bhí Éire lag uaig-
neach, lán do chumha ó díothúghadh a daoine, 's ag dear-
mad gnáith-chéolta binne a cruite gan tábhacht i bhfuaim
a habhann aoirde a cnoc ná glaise a machaire, ag meas
uireasbadh agus bróin a daoine acht buidhe le Dia a riaras
Innis Fáil tá anois dá saoradh ó n-a cruaidh-chineamain;
óir is follus go bhfuil duibh-néalta bróin agus buaidheartha
ar n-a sgapadh, agus ár dtír ag gealadh suas fá dhrúcht
néamhdha agus grian-gha glóire do réir fáistine ar bhfáidh
agus ar ndruadh go lasfaidh arís i n-ár gcionn. Tá deór
na buaidheartha dá tiormughadh agus dóchas sogh agus bíoth-gháir
ag lasadh in gach súil agus ag líonadh gach croidhe, dá
fógradh go soilléir go bhfuil san ló sona séanmhar so
Saorthóir Éireann i bhfogus dúinn.



A mhic mhórdha an Iarthair, Dómhnall na gcéad gcath
neamh-fhuilteach, fortuill mar an iolar, saortha as do
bhraighdeanas céad-laetheach neamh-thuillte ar son do
thíre i n-intinn daingean chruaidh mar charraig Dhoire
Fhionnáin, do dhúithche árd agus chomh tréan leis na garbh-
thonnaibh a bhuaileas timcheall a boínn, anois fearaid
fíor-mhaca agus ingheana áille Chorcaighe na mílte fáilte
rómhat go rabhaid do laethe sona agus fad-nuimhre agus fad
breithe agus líomhaire ar do bhúidhin agus do námhaid ar n-a
milleadh. Go raibh intinn teith do chroidhe, ar sonas, agus
nua-bheatha Éireann gan teimheal do réir do thola.
Aithchím, go raibh an Cruaidh-cheangal a meastar i gcóir
agus do cómhlíontar le breib agus le fuil d'ár sglábhacht agus
d'ár n-ísliughadh sgriosta dínn go bráth fad do bheidh
óg agus aosta, an tuathach agus an cléir, agus na daoine go
huile ag árd-ghlaodhach "Féis Éireann! Athghairm!
Athghairm!" Go raibh glan ainm Uí Chonaill i gcróidh-
tibh aicme shona shaoir dá lomradh i nglóir agus i mórdhacht
dhár sliocht i gcomhartha na buaidhe agus fair-fhocail na
saoirseachta.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services