Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fuisgí
Title
Fuisgí
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Fuisgí Aithnighim go bhfuil sgríobhnóir "Beirt Fear ó'n Tuaith" ar tí leanmhaint do "fhuisgí" gan chead dom' dheagh-chomhairle-se. Bíodh aige mar sin; ní hé an chéad duine rinne amhlaidh, acht ar a shon sin is "Barbarach" an fhocal é, agus ní'l aon leithsgéal air mar atá an focal ceart ar chleachtughadh go fóill in gach áit i nÉirinn. Ní fíor a rádh go bhfuil brígh níos leath- aine le huisge beatha na atá le fuisgí. Ionann uisge beatha agus "whiskey" do réir Uí Raghallaigh agus Coveys, agus is fior dearbhtha gur ó'n bhfocal uisge-beatha do cumadh an focal whiskey i Saicsbhéarla agus go bhfuil an bhrigh cheudna ag an dá fhocal. Is fior mar sin gur cinéal uisge beatha poitín, acht ní huisge beatha brannda, "gin," agus c. Biotáille is chóir thabhairt orra so go léir, agus ar uisge beatha i n-aoinfheacht leo, óir is ionann biotáille agus "strong drink" mo mar adeirimíd "spirits." Ní'l mise dhá rádh agus ní déarfadh mé gur mí-cheart an nós é feidhm do dhéanamh d'fhocal iasachta tráth is oireamhnaighe focal iasachta ná focal duthchais, acht deirim é agus abróchadh arís agus arís é, gur mór an truail- liughadh do'n teanga focla iasachta do tharraing isteach innti gan aon riachtanas leo agus tráth atá focla níos fearr againn de fhoclaibh duthchaiseacha. Atá oiread leithsgéil ag an dream fallsa i nDún-na-ngall a deireas "handiailte" agus unhandiailte" agus atá ag an Ciarraidheach adeireas "fuisgí" agus is é mo mheas ar an mbeirt aca gur mór an náire dóibh a leithéid de chor agus de chaimbéal do thabhairt ar ár dteanga uasal. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services