Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fuisgí

Title
Fuisgí
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Fuisgí



Aithnighim go bhfuil sgríobhnóir "Beirt Fear ó'n
Tuaith" ar tí leanmhaint do "fhuisgí" gan chead dom'
dheagh-chomhairle-se. Bíodh aige mar sin; ní hé an
chéad duine rinne amhlaidh, acht ar a shon sin is
"Barbarach" an fhocal é, agus ní'l aon leithsgéal air mar
atá an focal ceart ar chleachtughadh go fóill in gach áit
i nÉirinn. Ní fíor a rádh go bhfuil brígh níos leath-
aine le huisge beatha na atá le fuisgí. Ionann
uisge beatha agus "whiskey" do réir Uí Raghallaigh agus
Coveys, agus is fior dearbhtha gur ó'n bhfocal uisge-beatha
do cumadh an focal whiskey i Saicsbhéarla agus go bhfuil
an bhrigh cheudna ag an dá fhocal. Is fior mar sin gur
cinéal uisge beatha poitín, acht ní huisge beatha
brannda, "gin," agus c. Biotáille is chóir thabhairt orra
so go léir, agus ar uisge beatha i n-aoinfheacht leo, óir
is ionann biotáille agus "strong drink" mo mar adeirimíd
"spirits."



Ní'l mise dhá rádh agus ní déarfadh mé gur mí-cheart an
nós é feidhm do dhéanamh d'fhocal iasachta tráth is
oireamhnaighe focal iasachta ná focal duthchais, acht
deirim é agus abróchadh arís agus arís é, gur mór an truail-
liughadh do'n teanga focla iasachta do tharraing isteach
innti gan aon riachtanas leo agus tráth atá focla níos
fearr againn de fhoclaibh duthchaiseacha. Atá oiread
leithsgéil ag an dream fallsa i nDún-na-ngall a
deireas "handiailte" agus unhandiailte" agus atá ag
an Ciarraidheach adeireas "fuisgí" agus is é mo mheas ar
an mbeirt aca gur mór an náire dóibh a leithéid de
chor agus de chaimbéal do thabhairt ar ár dteanga uasal.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services