Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe na gCuartaidhthe
Title
Cúrsaidhe na gCuartaidhthe
Author(s)
Méarthóg Guill,
Pen Name
Mearthóg Ghuill
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe na gCuartaidhthe Máire. - Céad fáilte rómhat, a Bhríghid. Bríghid. - Go mbadh hé dhuit. M. - 'Bhfuil aon sgéal nuaidhe agat? B. - Dheamhan focal is fiú áireamh. M. - Ní fhághann tú an páipéar nuaidheachta, mar sin. B. - Go deimhin, ní fhághaim, agus dheamhan a fearr liom a fhagháil. Ná ní'l aon fhocal anntu, insna páipéir Bhéarla, acht bréagaibh uilig agus seafóid. Agus chuirfeadh an nuaidheacht atá anntu stuadh mhullaigh ar fhear a bhéadh marbh, ní hiad amháin na daoine beó. M. - Ní fhaca tú an pictiúr nó an chosamhlacht atá i bpáipéar na seachtmhaine seo, mar sin. B. - Ní fhaca mé, acht innis rud éicint dom faoi. M. - Ara, a dheirbhshúir mo chroidhe, nach bhfuil a fhios agat go bhfuil go leór cuartaidhthe a' tidheacht thar muir, le oileán glas na naomh fheiceál? Agus ní i ngan-fhios atá siad a' tidheacht. Tá a bpictiúr ar páipéar na seachtmhaine seo le feiceál againn, sul má bhfeicidh sinn a gcuma ná a sgéimh, agus 'leabaidh na hÉire- annaigh tá as cionn an páipéir sin cosg a chur ar na cuartaidhthe sin agus a gcoinneál as Éirinn, ina leabaidh sin sé an chaoi i bhfuil siad ag cur céad míle fáilte rompu. B. - A! go bhfóiridh Dia ar do chéill, ní'l ann anois acht an té is fhearr lámh, is é fhearr mámh. Ar an adhbhar sin de, nach bhfuil a fhios agat maith go leór go gceannóchaidh na cuartaidhthe an pháipéar seo atá a' chur fáilte rompu fhad's bhéidh siad annseo inár measg. Seo é an saoghal - mur mbídh sé agat duit féin, béidh tú amuigh leis an ngréin. Is cuma le lucht stiúrtha na bpáipéar úd cé rud a dhéanfas Éire ná na hÉire- annaigh, acht iad a chárnadh an airgid ina bpócaidhe féin. M. - Seadh, a ghrádh, acht leig chugat an sgéal. Nach bhfeiceann tú an díoghbháil atá na cuartaidhthe sin a dhéanamh do Éirinn? B. - Acht má tá siad a' déanamh díogbhála ar mhodh nach bhfuil siad a' déanamh maitheasa ar mhodh eile? M. - Minigh an dá mhodh dhom anois. B. - Míneó' mise ceann acu, agus mínigh thú féin an ceann eile. I dtaobh na maitheasa, i dtoiseach, nuair a thigeann siad do'n fhairrge, faghann siad cárr, agus bhéarfaidh an cárr sin iad go dtí teach na hárd- phroinne. Bhéarfaidh siad luach saothair maith don tiománaidhe. Caithfidh siad dó nó trí do phroinneannaibh i dteach na hárd-phroinne. Triallfaidh siad orthu annsin, agus gabhfaidh siad go baile mór eile. Mur mbídh siad acht a' gul trasna na sráide, má bhíonn mála beag leobhtha ina láimh, agus má fheiceann siad aonne do na fámaire 'na sheasamh ag an gcoirnéal, déanfaidh siad cotharmha dhó gul chomh fada leó, agus bhéarfaidh siad an mála beag dhó go dtí deireadh an aistir. Cuirfidh
siad lámh ina bpócaidhe, agus b'fhéidir go dtiubhradh siad píosa leath-chrónach ná píosa dhá sgilling dó. Déanann siad an saothar sin i gach uile bhaile a dtéigheann siad thríd nó ann, ar fud Éireann. Agus nach bhfeiceann tú fhéin go bhfuil siad a' caitheadh go leór airgid ar fud na mbailte agus a déanamh móráin mhaitheasa d'á lán daoine? Agus rud eile de, tá siad a' tabhairt faisiún úr-nua i gach uile bhliadhain a dtigeann siad dh'ár mná óga i nÉirinn, agus dh'ár mbuachaillí óga mar a gcéadna. M. -Ar b'in é an méid molta atá agat, a Bhríghid. B. - 'Sé, a Mháire, agus ní beag liom é. Badh mhaith liom taobh do sgéala-sa a chluins anois.
Méarthóg Guill Míniughadh - go mbadh hé dhuit, be it so to you; dheamhan, "deuce, dickens"; áireamh, recount, relate; ná, for; anntu = ionnta; uilig = uile; seafóid, nonsense; stuadh mhullaigh, vexation, "moidering"; eicínt = éigin; cuartaidhthe, tourist; feicéal = feicsin; i ngan fhios, without knowledge, secretly; i leabaidh, instead; coinnéal = congbháil; mámh, trump card; fhad agus, as long as, while; cárnadh, heaping up, piling; díoghbháil, injury; ar mhodh (pronounce like mo- in "mother), in a way; i dtoiseach, in the first place; cárr, car; árd-phroinn, high diet; tiomán- aidhe, driver; triall ort, get along, journey ahead; mur = muna; gul = dul; trasna, across; leóbhtha = leó; aonne = aonduine; fámaire, loafer; coirnéal, corner; cotharmha = comhartha, a sign; aistear, journey; mar a gcéadna, likewise; ar b'in é = an é sin; ní beag liom é, I am satisfied with it; cluins = clos, hearing.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services