Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe na gCuartaidhthe

Title
Cúrsaidhe na gCuartaidhthe
Author(s)
Méarthóg Guill,
Pen Name
Mearthóg Ghuill
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe na gCuartaidhthe



Máire. - Céad fáilte rómhat, a Bhríghid.



Bríghid. - Go mbadh hé dhuit.



M. - 'Bhfuil aon sgéal nuaidhe agat?



B. - Dheamhan focal is fiú áireamh.



M. - Ní fhághann tú an páipéar nuaidheachta, mar sin.



B. - Go deimhin, ní fhághaim, agus dheamhan a fearr liom
a fhagháil. Ná ní'l aon fhocal anntu, insna páipéir
Bhéarla, acht bréagaibh uilig agus seafóid. Agus chuirfeadh
an nuaidheacht atá anntu stuadh mhullaigh ar fhear a
bhéadh marbh, ní hiad amháin na daoine beó.



M. - Ní fhaca tú an pictiúr nó an chosamhlacht atá
i bpáipéar na seachtmhaine seo, mar sin.



B. - Ní fhaca mé, acht innis rud éicint dom faoi.



M. - Ara, a dheirbhshúir mo chroidhe, nach bhfuil a fhios
agat go bhfuil go leór cuartaidhthe a' tidheacht thar
muir, le oileán glas na naomh fheiceál? Agus ní
i ngan-fhios atá siad a' tidheacht. Tá a bpictiúr ar
páipéar na seachtmhaine seo le feiceál againn, sul má
bhfeicidh sinn a gcuma ná a sgéimh, agus 'leabaidh na hÉire-
annaigh tá as cionn an páipéir sin cosg a chur ar na
cuartaidhthe sin agus a gcoinneál as Éirinn, ina leabaidh
sin sé an chaoi i bhfuil siad ag cur céad míle fáilte
rompu.



B. - A! go bhfóiridh Dia ar do chéill, ní'l ann anois
acht an té is fhearr lámh, is é fhearr mámh. Ar an
adhbhar sin de, nach bhfuil a fhios agat maith go leór go
gceannóchaidh na cuartaidhthe an pháipéar seo atá a'
chur fáilte rompu fhad's bhéidh siad annseo inár measg.
Seo é an saoghal - mur mbídh sé agat duit féin, béidh
tú amuigh leis an ngréin. Is cuma le lucht stiúrtha
na bpáipéar úd cé rud a dhéanfas Éire ná na hÉire-
annaigh, acht iad a chárnadh an airgid ina bpócaidhe
féin.



M. - Seadh, a ghrádh, acht leig chugat an sgéal. Nach
bhfeiceann tú an díoghbháil atá na cuartaidhthe sin a
dhéanamh do Éirinn?



B. - Acht má tá siad a' déanamh díogbhála ar mhodh
nach bhfuil siad a' déanamh maitheasa ar mhodh eile?



M. - Minigh an dá mhodh dhom anois.



B. - Míneó' mise ceann acu, agus mínigh thú féin an
ceann eile. I dtaobh na maitheasa, i dtoiseach, nuair
a thigeann siad do'n fhairrge, faghann siad cárr, agus
bhéarfaidh an cárr sin iad go dtí teach na hárd-
phroinne. Bhéarfaidh siad luach saothair maith don
tiománaidhe. Caithfidh siad dó nó trí do phroinneannaibh
i dteach na hárd-phroinne. Triallfaidh siad orthu
annsin, agus gabhfaidh siad go baile mór eile. Mur
mbídh siad acht a' gul trasna na sráide, má bhíonn
mála beag leobhtha ina láimh, agus má fheiceann siad aonne
do na fámaire 'na sheasamh ag an gcoirnéal, déanfaidh
siad cotharmha dhó gul chomh fada leó, agus bhéarfaidh siad
an mála beag dhó go dtí deireadh an aistir. Cuirfidh


L. 244


siad lámh ina bpócaidhe, agus b'fhéidir go dtiubhradh siad
píosa leath-chrónach ná píosa dhá sgilling dó. Déanann
siad an saothar sin i gach uile bhaile a dtéigheann siad
thríd nó ann, ar fud Éireann. Agus nach bhfeiceann
tú fhéin go bhfuil siad a' caitheadh go leór airgid ar
fud na mbailte agus a déanamh móráin mhaitheasa d'á lán
daoine? Agus rud eile de, tá siad a' tabhairt
faisiún úr-nua i gach uile bhliadhain a dtigeann siad
dh'ár mná óga i nÉirinn, agus dh'ár mbuachaillí óga mar a
gcéadna.



M. -Ar b'in é an méid molta atá agat, a Bhríghid.



B. - 'Sé, a Mháire, agus ní beag liom é. Badh mhaith
liom taobh do sgéala-sa a chluins anois.



<Beidh an taobh eile don sgéal ag Máire an tseacht-
mhain seo chugainn, le congnamh Dé.>



Méarthóg Guill



Míniughadh - go mbadh hé dhuit, be it so to you;
dheamhan, "deuce, dickens"; áireamh, recount, relate;
ná, for; anntu = ionnta; uilig = uile; seafóid,
nonsense; stuadh mhullaigh, vexation, "moidering";
eicínt = éigin; cuartaidhthe, tourist; feicéal = feicsin;
i ngan fhios, without knowledge, secretly; i leabaidh,
instead; coinnéal = congbháil; mámh, trump card;
fhad agus, as long as, while; cárnadh, heaping up,
piling; díoghbháil, injury; ar mhodh (pronounce like
mo- in "mother), in a way; i dtoiseach, in the first
place; cárr, car; árd-phroinn, high diet; tiomán-
aidhe, driver; triall ort, get along, journey ahead;
mur = muna; gul = dul; trasna, across; leóbhtha =
leó; aonne = aonduine; fámaire, loafer; coirnéal,
corner; cotharmha = comhartha, a sign; aistear, journey;
mar a gcéadna, likewise; ar b'in é = an é sin; ní
beag liom é, I am satisfied with it; cluins = clos,
hearing.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services