Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tuairisg ó'n Tuairsceart
Title
Tuairisg ó'n Tuairsceart
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tuairisg ó'n Tuaisceart Bhí imtheachta móra i mBéalfeairsde an tseachtmhain so chuaidh tharrainn mar gheall ar an Ridire Ser Seoirse Fuiteach, fear cosainte Ladismit, do bheith i láthair. Rinneadh saor-chéile dhe 'san gcathair Béilfeairsde, tugadh béile maith bidh dhó agus bronnadh each cogaidh air. Ní fios damh-sa caidé an treithre rinne sé gur chóir an oiread urramha do thaisbeáint dó. Acht ní raibh aon amhras an mhuintir Béilfeairsde ar an gceist so. Cuireadh ar bun mórán craobh do chonnradh na nGaodhal nAontuighthe i n-Uladh (Ultaibh?) an tseacht- mhain so chuaidh tharrainn agus bhí mór-chuid cruinnighthe ar cois ag toghadh teachtairí do'n áird tíonól atá le bheith i mBaile-átha-Cliath an tseachtmhain so atá ag gabháil tharrainn. Níor airigheas gur labhradh focal Gaedhilge ag aon chruinniughadh aca. Bhí dáil díobh so i nGleann- fhinne i nDún-na-ngall. Ní mheasaim go raibh fear ag an dáil sin nár bhféidir dó Gaedhilg bhinn bhlasda do labhairt, acht is Gaillbhéarla labhradar uile do réir an chúntais do bhí 'sa pháipéar. Béidh sgoruidheacht ag Gaedhilgtheóiribh Béilfeairisde tráthnóna Dia Sathuirn an lá deirionnach de'n mhí so ar bórd luinge ag dul go Beannchor. Béidh urlabhra, ceol agus rince ann. Béidh sgoruidheacht eile ag Craobh Bhaile Mac Airt an Dia Thordaín i ndiaigh an ama sin ag cur deireadh leis na rangaibh Gaedhilge ar feadh an tSamhraidh. Béidh a lán againn ag dul ó'n gcathair Béilfeairsde go Ó Méath mára Dia Domhnaigh an t-ochtmhadh lá d'Iúil le fáilte do chur roimh Ghaedhilg- theoiribh Baile-átha-Cliath. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services