Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tuairisg ó'n Tuairsceart

Title
Tuairisg ó'n Tuairsceart
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tuairisg ó'n Tuaisceart



Bhí imtheachta móra i mBéalfeairsde an tseachtmhain
so chuaidh tharrainn mar gheall ar an Ridire Ser Seoirse
Fuiteach, fear cosainte Ladismit, do bheith i láthair.
Rinneadh saor-chéile dhe 'san gcathair Béilfeairsde,
tugadh béile maith bidh dhó agus bronnadh each cogaidh air.
Ní fios damh-sa caidé an treithre rinne sé gur chóir
an oiread urramha do thaisbeáint dó. Acht ní raibh aon
amhras an mhuintir Béilfeairsde ar an gceist so.



Cuireadh ar bun mórán craobh do chonnradh na
nGaodhal nAontuighthe i n-Uladh (Ultaibh?) an tseacht-
mhain so chuaidh tharrainn agus bhí mór-chuid cruinnighthe ar
cois ag toghadh teachtairí do'n áird tíonól atá le bheith
i mBaile-átha-Cliath an tseachtmhain so atá ag gabháil
tharrainn. Níor airigheas gur labhradh focal Gaedhilge
ag aon chruinniughadh aca. Bhí dáil díobh so i nGleann-
fhinne i nDún-na-ngall. Ní mheasaim go raibh fear ag
an dáil sin nár bhféidir dó Gaedhilg bhinn bhlasda do
labhairt, acht is Gaillbhéarla labhradar uile do réir an
chúntais do bhí 'sa pháipéar.



Béidh sgoruidheacht ag Gaedhilgtheóiribh Béilfeairisde
tráthnóna Dia Sathuirn an lá deirionnach de'n mhí so
ar bórd luinge ag dul go Beannchor. Béidh urlabhra,
ceol agus rince ann. Béidh sgoruidheacht eile ag Craobh
Bhaile Mac Airt an Dia Thordaín i ndiaigh an ama sin
ag cur deireadh leis na rangaibh Gaedhilge ar feadh an
tSamhraidh. Béidh a lán againn ag dul ó'n gcathair
Béilfeairsde go Ó Méath mára Dia Domhnaigh an
t-ochtmhadh lá d'Iúil le fáilte do chur roimh Ghaedhilg-
theoiribh Baile-átha-Cliath.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services