Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Tá an deatach ag eirghe suas chum na spéire ins an tSíne agus muna múchtar an teine tá 'gá hadhaint ann is geárr go mbéidh sí 'na chnámhlach chómh mór sain go bhfeicfear í ó ghach áird de'n domhan. Tá ós cionn cheithre mhillúin duine 'na gcómhnuidhe annsúd agus má éirgheas fear 'na measg dó dhúiseóchaidh iad agus do stiúróchaidh iad, ba ró-dheacair do Chúmhachtaibh na hÉorpa cor do bhaint asda. Is fíor nách bhfuilid gléasda ná cóirighthe chum catha mar tá na hEorpaigh acht mar sin féin tá airm i ndóthain aca, d'á gcuiridís le chéile, chum na mbitheamhnach go ghlanadh as a dtír. Tá sean-leathsgéal an ghadaidhe ag na hEórpaigh gur mar mhaithe leis na Sínigh atáid siad ag tógaint sealbhan ins an tír úd, acht is í an fhírinne gheal í gur le haghaidh goid atá na hEórpaigh seo, agus nách gan fáth do glaodhaid na Sínigh na "deamhain dheórata" ortha, mar ní ar tí creidimh ná eolais do mhúineadh do na Sínigh atá na hEórpaigh seo, acht ar tí a sparána féin do líonadh. Tá na Bocsers go gnóthach ag briseadh na ndroichead idir an mhuir agus Pecin, agus ag lot an bhóthair iarrainn. Bhí bualadh beag suarach eatortha agus saighdiúirí na gCumhachta agus níor éirigh leis na Sínigh, acht is beag nách raibh troid idir na Francaigh agus na Sasanaigh. Is beag an iontaoibh atá ag na Cúmhachta as a chéile gidh go leigid siad ortha nách bhfuil uatha acht sióthcháin do dhéanadh ins an tSíne. Deir Seaghan cheana féin go bhfuil an Rúise ag déanadh uisge fá thalamh annsúd agus tugann sé a mhíle mallacht do Phól i dtaobh ná géill- feadh an seanduine sain dó. Acht i n-ionad géilleadh níor throid Pól riamh chómh calma agus do throid sé an tseachtmhain seo ghabh thart. Bhí Laoiseach, Bota agus Roberts ag gabháil d'á chéile Dia thoir de Phretoria ar feadh dhá lá, agus deir Roberts gur chuir sé Bota i ndiaidh a chúil, acht ní raibh puínn d'á bhárr aige mar chaill sé na céadta. Deirtear nách raibh ag Bota acht sé mhíle fear agus is dócha go raibh, níos lúgha dhe, a dheich n-oiread sain ag Roberts. Tá na Bóraigh go cómhgarach dó annsúd fós agus beidh chor coise aca láithreach. Deir Roberts le Riaghaltas Shasana misneach maith do bheith ortha mar nách bhfuil baoghal ar féin 'ná ar an arm, agus is ait an ráidhteachas é, mar do shíl gach duine nuair do shroichfeadh an taoiseach míorbhuíleach so Pretoria go rachadh na Bóraigh bheaga i bhfolach i ngéagaibh crann agus i bpollaibh talmhan uaidh. Acht i n-ionad sain cad do ghnídheann an dream drochmhúinte seo acht druidim ó dheas ins an Saor Stát agus fiche míle de'n bhóthar iarrainn do lot agus do ghearradh d'á aindeoin, agus an fear bocht féin agus a shluagh mór do chur i gcontabhairt báis d'fhághail le hocras. Ní headh 'ná gur fhág sé fir go leór ag tabhairt fhaire do'n bhóthar iarrainn, acht tháinig an laoch De Bhet agus na Bóraigh ortha do nós sgaoth fiolar imeasg meannán. Rith na Sasanaigh isteach go claiseacha bhí déanta aca acht ghabh na fiolair thríotha, shíneadar cuid aca agus thógadar leo an chuid eile seacht gcéad ceann aca. Ní rabhadar sásta leis an méid sin mar d'árduigheadar leo trí chéad eile bhí ag fuarthán ar an mbóthar iarrainn dia theas de'n áit chéadna. Deir Roberts go bhfuil sé ag cur caoi nó ag deisiúghadh an bhóthair úd anois mar do thiomáin sé Citsiner agus Metuen ar tóir na mBórach. Deir na Sasanaigh go bhfuil sé mhíle fear ag De Bhet, agus deir siad go bhfuil dá fhichead míle aca féin ann agus go bhfuil súil aca go mbéidh an Bórach tréan agus a chuid fear gabhtha aca láithreach. Fear iongantach is eadh an ceann feadhna so; ní fhuil pioc faithchís air roimh an sluagh mór úd, mar tá na páipéir ag tabhairt tuairisge gach lá air go bhfuil sé thíos agus thuas ag cómhrac ar feadh coicthighis. Rug sé an lá eile ar luach céad míle punt de dhéantús cogaidh le Seaghán ar an mbóthar iarrainn ag gabháil ó thuaidh. Bhí bróga, éadach, sleagáin, piléir agus earraidhe eile ann, ní raibh caoi ag De Bhet ar iad do thógaint leis agus rinne sé teine chnámh díobh agus bhí sé féin agus na Bóraigh seal d'á ngoradh féin cois na cnámh- laighe, mar bhí an aimsir fuar - tá an geimhreadh aca annsúd anois. Ba mhaith leis na Sasanaigh greim d'fhághail ar an bhfear so, acht mar sin féin deir na páipéir ins an Aifric theas gur thairigh Seaghan deich míle púnt 'sa mbliadhain dó agus chúig mhíle dhéag do Bhota acht amháin géilleadh. Ní fhuil ann acht ráfla is docha, fá mar atá i mórán eile do léighimíd ins na páipéaraibh.
Tá triúr teachtairí as an Transbhaal i nAmericá an aimsir seo agus deirid gur mhaith leo síothcháin do dhéanadh le Sasana ar choingíol go bhfuighfidís a saoirseacht, acht ní déarfadh MacFhionnlaoigh aon fhocal amháin ar a son gidh go ndeirthear go bhfuil furmhór na nAmericánach leó. A ghnó féin gach éinneach, adeir sé. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services