Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Tá an deatach ag eirghe suas chum na spéire ins an
tSíne agus muna múchtar an teine tá 'gá hadhaint ann is
geárr go mbéidh sí 'na chnámhlach chómh mór sain go
bhfeicfear í ó ghach áird de'n domhan. Tá ós cionn
cheithre mhillúin duine 'na gcómhnuidhe annsúd agus má
éirgheas fear 'na measg dó dhúiseóchaidh iad agus do
stiúróchaidh iad, ba ró-dheacair do Chúmhachtaibh na
hÉorpa cor do bhaint asda. Is fíor nách bhfuilid
gléasda ná cóirighthe chum catha mar tá na hEorpaigh
acht mar sin féin tá airm i ndóthain aca, d'á gcuiridís
le chéile, chum na mbitheamhnach go ghlanadh as a dtír. Tá
sean-leathsgéal an ghadaidhe ag na hEórpaigh gur mar
mhaithe leis na Sínigh atáid siad ag tógaint sealbhan
ins an tír úd, acht is í an fhírinne gheal í gur le haghaidh
goid atá na hEórpaigh seo, agus nách gan fáth do glaodhaid
na Sínigh na "deamhain dheórata" ortha, mar ní ar tí
creidimh ná eolais do mhúineadh do na Sínigh atá na
hEórpaigh seo, acht ar tí a sparána féin do líonadh.



Tá na Bocsers go gnóthach ag briseadh na ndroichead
idir an mhuir agus Pecin, agus ag lot an bhóthair iarrainn.
Bhí bualadh beag suarach eatortha agus saighdiúirí na
gCumhachta agus níor éirigh leis na Sínigh, acht is beag
nách raibh troid idir na Francaigh agus na Sasanaigh. Is
beag an iontaoibh atá ag na Cúmhachta as a chéile gidh
go leigid siad ortha nách bhfuil uatha acht sióthcháin do
dhéanadh ins an tSíne. Deir Seaghan cheana féin go
bhfuil an Rúise ag déanadh uisge fá thalamh annsúd agus
tugann sé a mhíle mallacht do Phól i dtaobh ná géill-
feadh an seanduine sain dó. Acht i n-ionad
géilleadh níor throid Pól riamh chómh calma agus do throid
sé an tseachtmhain seo ghabh thart.



Bhí Laoiseach, Bota agus Roberts ag gabháil d'á chéile
Dia thoir de Phretoria ar feadh dhá lá, agus deir Roberts
gur chuir sé Bota i ndiaidh a chúil, acht ní raibh puínn d'á
bhárr aige mar chaill sé na céadta. Deirtear nách
raibh ag Bota acht sé mhíle fear agus is dócha go raibh,
níos lúgha dhe, a dheich n-oiread sain ag Roberts. Tá
na Bóraigh go cómhgarach dó annsúd fós agus beidh chor
coise aca láithreach. Deir Roberts le Riaghaltas
Shasana misneach maith do bheith ortha mar nách bhfuil
baoghal ar féin 'ná ar an arm, agus is ait an ráidhteachas
é, mar do shíl gach duine nuair do shroichfeadh an
taoiseach míorbhuíleach so Pretoria go rachadh na Bóraigh
bheaga i bhfolach i ngéagaibh crann agus i bpollaibh talmhan
uaidh. Acht i n-ionad sain cad do ghnídheann an dream
drochmhúinte seo acht druidim ó dheas ins an Saor
Stát agus fiche míle de'n bhóthar iarrainn do lot agus do
ghearradh d'á aindeoin, agus an fear bocht féin agus a shluagh
mór do chur i gcontabhairt báis d'fhághail le hocras.
Ní headh 'ná gur fhág sé fir go leór ag tabhairt fhaire
do'n bhóthar iarrainn, acht tháinig an laoch De Bhet agus na
Bóraigh ortha do nós sgaoth fiolar imeasg meannán.
Rith na Sasanaigh isteach go claiseacha bhí déanta aca
acht ghabh na fiolair thríotha, shíneadar cuid aca agus
thógadar leo an chuid eile seacht gcéad ceann aca.
Ní rabhadar sásta leis an méid sin mar d'árduigheadar
leo trí chéad eile bhí ag fuarthán ar an mbóthar iarrainn
dia theas de'n áit chéadna.



Deir Roberts go bhfuil sé ag cur caoi nó ag
deisiúghadh an bhóthair úd anois mar do thiomáin sé
Citsiner agus Metuen ar tóir na mBórach. Deir na
Sasanaigh go bhfuil sé mhíle fear ag De Bhet, agus deir
siad go bhfuil dá fhichead míle aca féin ann agus go bhfuil
súil aca go mbéidh an Bórach tréan agus a chuid fear
gabhtha aca láithreach. Fear iongantach is eadh an ceann
feadhna so; ní fhuil pioc faithchís air roimh an sluagh
mór úd, mar tá na páipéir ag tabhairt tuairisge gach
lá air go bhfuil sé thíos agus thuas ag cómhrac ar feadh
coicthighis. Rug sé an lá eile ar luach céad míle punt
de dhéantús cogaidh le Seaghán ar an mbóthar iarrainn
ag gabháil ó thuaidh. Bhí bróga, éadach, sleagáin, piléir
agus earraidhe eile ann, ní raibh caoi ag De Bhet ar iad
do thógaint leis agus rinne sé teine chnámh díobh agus bhí sé
féin agus na Bóraigh seal d'á ngoradh féin cois na cnámh-
laighe, mar bhí an aimsir fuar - tá an geimhreadh aca
annsúd anois. Ba mhaith leis na Sasanaigh greim
d'fhághail ar an bhfear so, acht mar sin féin deir na
páipéir ins an Aifric theas gur thairigh Seaghan deich
míle púnt 'sa mbliadhain dó agus chúig mhíle dhéag do
Bhota acht amháin géilleadh. Ní fhuil ann acht ráfla is
docha, fá mar atá i mórán eile do léighimíd ins na
páipéaraibh.


L. 226


Tá triúr teachtairí as an Transbhaal i nAmericá an
aimsir seo agus deirid gur mhaith leo síothcháin do dhéanadh
le Sasana ar choingíol go bhfuighfidís a saoirseacht, acht
ní déarfadh MacFhionnlaoigh aon fhocal amháin ar a son
gidh go ndeirthear go bhfuil furmhór na nAmericánach
leó. A ghnó féin gach éinneach, adeir sé.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services