Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Guth ó'n Iarthar
Title
Guth ó'n Iarthar
Author(s)
Beann Bhéola,
Pen Name
Beann Bhéola
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Guth ó'n Iarthar Fosgail amach mapa na hÉireann. Breathnuigh ar iarthar na tíre sin. Tá bóthar iarainn ag rith ó chathair na Gaillimhe go Cuan Chillala. Idir an bóthar iarainn so agus an Iar-Mhuir atá limistéar mór talmhan, os cionn ceithre fichid míle ar fad agus trí fichid míle ar leithead - sléibhte árda, gleannta móra, locha agus aibhne iasgmhara, cuanta agus inbheara éagsamhla - budh í so Tír na Gaedhilge. Bhí Gaedhilg 'gá labhairt annso dhá mhíle bliadhain sul do dhíbir Naomh Pádraig na deamhain de'n Chruaich agus bhí Gaedhilg d'á labhairt ann ó'n lá sin go dtí an lá léanmhar i n-ar éag Seaghán lonnrach Mac Héil, Árdeaspog Thuama, buan-chara agus cosantóir na Gae- dhilge. Ar fead na mbliadhan so go léir budh í an Ghaedhilg teanga dhúthchais na háite so - teanga na bhfláth agus bhfileadh, teanga na naomh, na n-abstol agus na cléire. Acht faríor, le tamall tá atharrughadh mór, agus athar- rughadh donais, ag teacht ar an rud so. Ní cluintear feasda i measg na n-daoine, ag aonach, ag margadh, ná ag pobul an aifrinn, binn-ghuth na teangadh ársaidhe mar budh chleachtach linn. Ní'l "go mbeannuighe Dia dhuit", ná "Céad míle fáilte romhat a chuisle gheal mo chroidhe," ná "beannacht dílis Dé len' anam," ná focla breaghtha briocht-shnuighte beannuighthe eile de'n tsórt so chomh coitcheann is ba chóir dóibh. Atá an tsean-teanga ag imtheacht uainn. Atá ar ndeagh-bhéasa, ar subháilcí agus ar gcreideamh ag éalódh uainn mar an gcéadna; tá Seoinínteacht agus Galldacht agus díchreideamh ag snáitheadh isteach i n-a n-ionad agus sinne ag breathnughadh uainn, go socair sámh, mar shean-bhó bhéadh ag cognadh a círe! Bhfuil leigheas ar bith ar an drochghalar so atá i n-ar measg? Sílim féin go bhféadfadh an Eaglais a sgrios amach i n-achar ghearr; d'fhéadfadh na hoidí sgoile congnamh mór a thabhairt uatha dá gcuirfidís rómpa é, agus is náireach nach gcuirid. D'fhéadfadh Conn- radh na Gaedhilge a leigheas. Dá gcuirfidís anuas Tomás Ua Conceannainn aon leith-bhliadhain amháin chugainn d'aithbheóchadh sé Gaedhilg agus tír-ghrádh i n-ar measg agus bheadh Seóinínteacht agus Galldacht ag leághadh roimhe mar leághas an sneachta roimh ghréin te an tsamhraidh. Beann Bhéola
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services