Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Guth ó'n Iarthar

Title
Guth ó'n Iarthar
Author(s)
Beann Bhéola,
Pen Name
Beann Bhéola
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Guth ó'n Iarthar



Fosgail amach mapa na hÉireann. Breathnuigh ar
iarthar na tíre sin. Tá bóthar iarainn ag rith ó chathair
na Gaillimhe go Cuan Chillala. Idir an bóthar iarainn
so agus an Iar-Mhuir atá limistéar mór talmhan, os
cionn ceithre fichid míle ar fad agus trí fichid míle ar
leithead - sléibhte árda, gleannta móra, locha agus aibhne
iasgmhara, cuanta agus inbheara éagsamhla - budh í so Tír
na Gaedhilge. Bhí Gaedhilg 'gá labhairt annso dhá mhíle
bliadhain sul do dhíbir Naomh Pádraig na deamhain de'n
Chruaich agus bhí Gaedhilg d'á labhairt ann ó'n lá sin go dtí
an lá léanmhar i n-ar éag Seaghán lonnrach Mac Héil,
Árdeaspog Thuama, buan-chara agus cosantóir na Gae-
dhilge. Ar fead na mbliadhan so go léir budh í an
Ghaedhilg teanga dhúthchais na háite so - teanga na
bhfláth agus bhfileadh, teanga na naomh, na n-abstol agus
na cléire.



Acht faríor, le tamall tá atharrughadh mór, agus athar-
rughadh donais, ag teacht ar an rud so. Ní cluintear
feasda i measg na n-daoine, ag aonach, ag margadh,
ná ag pobul an aifrinn, binn-ghuth na teangadh ársaidhe
mar budh chleachtach linn. Ní'l "go mbeannuighe Dia
dhuit", ná "Céad míle fáilte romhat a chuisle gheal
mo chroidhe," ná "beannacht dílis Dé len' anam," ná
focla breaghtha briocht-shnuighte beannuighthe eile de'n
tsórt so chomh coitcheann is ba chóir dóibh.



Atá an tsean-teanga ag imtheacht uainn. Atá ar
ndeagh-bhéasa, ar subháilcí agus ar gcreideamh ag éalódh
uainn mar an gcéadna; tá Seoinínteacht agus Galldacht
agus díchreideamh ag snáitheadh isteach i n-a n-ionad agus sinne
ag breathnughadh uainn, go socair sámh, mar shean-bhó
bhéadh ag cognadh a círe!



Bhfuil leigheas ar bith ar an drochghalar so atá i
n-ar measg? Sílim féin go bhféadfadh an Eaglais a
sgrios amach i n-achar ghearr; d'fhéadfadh na hoidí
sgoile congnamh mór a thabhairt uatha dá gcuirfidís
rómpa é, agus is náireach nach gcuirid. D'fhéadfadh Conn-
radh na Gaedhilge a leigheas. Dá gcuirfidís anuas
Tomás Ua Conceannainn aon leith-bhliadhain amháin
chugainn d'aithbheóchadh sé Gaedhilg agus tír-ghrádh i n-ar
measg agus bheadh Seóinínteacht agus Galldacht ag leághadh
roimhe mar leághas an sneachta roimh ghréin te an
tsamhraidh.



Beann Bhéola

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services