Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Ní fhuil aon ghrádh ag na Sínigh go mhuintir na hEórpa nídh nach iongnadh, mar do b'áil le Cumhachtaibh na hEórpa an tSíne bhreágh, ghrianmhar, thaithneamhach do roinnt eatortha, agus tá fhios ag na Sínigh go bhfuil na Cumhachta so ar a dtí. Tá an tír úd ró-mhór mar ghreim d'aon Chumhacht amháin aca agus d'á dheasgaibh sin táid siad ar tí í roinnt, acht tá éad ortha le n-a chéile agus eagla ortha go mbeidh an bhuntáiste ag aon cheann aca ar an gcuid eile. Sin é an fáth go bhfuil sgamal dorcha an chogaidh ós cionn na Síne anois. Tá dream daoine annsúd go ngoirthear na "Boxers" ortha agus rinneadar cómhcheangal le chéile na hEórpaigh atá annsúd do mharbhadh. Marbhuigheadar dhá Shasanach do bhí ag múineadh chreidimh ann agus deirthear gur chuir- eadar chum báis a thuilleadh daoine leis. Ní fhuil Riaghaltas na Síne láidir i ndóthain chum smacht do chur ortha, nó má tá féin ní chuireann sí an smacht ortha. "Tabhair cead domhsa crúca do chur ins na Bocsers", adeir an Rúise leis an Riaghaltas, "agus geallaim-se dhuit go smachtóchadh-sa iad." Acht tá na Seapánaigh ag cur cochall ortha féin agus 'gá rádh leis an Síne má leigeann sí do'n Rúisíneach cos do bhualadh 'sa tír go mbeidh aithreachas uirthe mar ní fhágfaidh an Rúise an tír arís. Is fíor do'n tSeapáin é seo mar má thagann an Rúisíneach go Peicin, príomh-chathair na Síne, ní fhágfaidh sé an baile mór úd go mbeidh buannacht aige ar an dtaobh thuaidh de'n tSíne ar fad. Deirthear go mbeidh coga ag an Seapáin agus an Rúise 'na thaobh so. Tá na Seapánaigh láidir ar muir is ar tír; deirthear gur treise annsúd iad 'ná an Rúise fós, acht is geárr go mbeidh bóthar iarrainn ó roinn na hEórpa go dtí an áit úd déanta ag an Rúise agus ní misde do'n tSeapáin a suaimhneas do ghlacadh annsain. Tá fhios ag an Síne go dian mhaith cad tá 'na cóir; má roinntear í beidh réise dhi ag an Fhrainc, an nGéar- máin, agus ag Sasana, chómh maith leis an Rúise, agus is dóich le na lán go gcuirfidh na "Boxers" ar chluasaibh a chéile na Cumhachta so. Focal Béarlachais is eadh ainm na dreama so agus is é an fáth gur baisteadh an ainm seo ortha mar tá focal ins an teanga Sínis gurab ionann "ceart" agus "dorn", agus i n-ionad "ceartóirí" do ghairm ar an ndream úd, bhaist fear magaidh éigin na "dóirnálithe" ortha. Tá Seaghán Buidhe ar dearg bhuile i dtaobh an imris seo ins an tSíne ní mar mhaithe leis na Sínigh é, acht toisg go bhfuil sé i n-achran le Pól fós agus nách bhfuil aimsir aige ar bheith ag faire ar an Rúise annsúd. Tá Pól ag tabhairt a dhóthain le déanadh do go fóil. Shílidh á lán go mbiadh na Bóraigh buailte nuair do sroichfeadh Roberts Pretoria agus chuir na hamadáin agus na hóinseacha an ciachán ortha féin ag liúghraigh nuair do chualadar go raibh Pretoria tógtha. Níor chosain na Bóraigh an chathair úd, acht chuireadar cosg le gluaise- acht Roberts dia amuich de'n cathair gur árduigheadar leó a gcuid gunnaí móra, agus a lón bídh agus táid siad ullamh dó arís gidh go bhfuil fiche fear aigesean i gcoinnibh gach cinn aca. Sin iad na fir gur fiú iad saoirseacht agus níor bh'iongnadh liom go mbiadh sí aca fós leis i n-aindeoin na sluaighte móra atá ar tí a sgórn- acha do ghearradh. Dar leis na daoinibh, ba chalma an dream iad súd d'fhág Béalfeirsde agus Baile-áth'-Cliath chum troda leis an mBórach. Tá sé riachtanach ar an saighdiúir dul chum cogaidh acht níor ghábhadh do'n dream ud dul amach; thairigeadar iad féin do'n Riaghaltas agus ba mhór an t-éirghe 'n-áirde bhídh ortha. Siaghdiúirí neamhghnáth do b'eadh iad, agus bhí fonn chum cómhraic ortha, agus cheap cuid aca go mbiadh beatha bhreágh thall aca agus feirmeacha na mBórach i n-aisge aca. Bhí na mílte d'á dtionnlacan thuas i mBéilfeirsde, idir fear agus bean, agus ba mheasa na mná 'ná na fir d'á ngríosadh chum fola na mBórach do bheith aca. Acht féach an sgéala do thagann go hobann nuair do bhí muintir Bhéilfeirsde ag dul as a gcroiceann mar gheall ar thógáil Phretória. Tháinig dorn beag Bórach ar na gaisgidhigh úd ó Bhéalfeirsde agus Baile-áth'-Cliath, ag Lindlí ins an Saor Stát - áit go ndubhairt Roberts nách raibh aon Bhórach i n-aon chor ann - agus thógadar leo gach aon aithid aca. "Tá cathúghadh orm d'admháil", adeir Roberts, "gur ghabh na Bóraigh chúig chéad fear uaim." Ba ghnáthach le Buller an saghas sain tuairisge do chur uaidh. Tá na Bóraigh thréana úd ag Lindlí fós, agus tá an áit úd abhfad dia
thiar de Roberts. Má's féidir leo an bóthar iarrainn do lot agus biadh agus déantús cogaidh do chongbháil as Phretoria mar a bhfuil Roberts, beidh an breall ar an bhfear sain. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services