Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Ní fhuil aon ghrádh ag na Sínigh go mhuintir na hEórpa
nídh nach iongnadh, mar do b'áil le Cumhachtaibh na hEórpa
an tSíne bhreágh, ghrianmhar, thaithneamhach do roinnt
eatortha, agus tá fhios ag na Sínigh go bhfuil na Cumhachta
so ar a dtí. Tá an tír úd ró-mhór mar ghreim d'aon
Chumhacht amháin aca agus d'á dheasgaibh sin táid siad ar
tí í roinnt, acht tá éad ortha le n-a chéile agus eagla ortha
go mbeidh an bhuntáiste ag aon cheann aca ar an gcuid
eile. Sin é an fáth go bhfuil sgamal dorcha an chogaidh
ós cionn na Síne anois.



Tá dream daoine annsúd go ngoirthear na "Boxers"
ortha agus rinneadar cómhcheangal le chéile na hEórpaigh
atá annsúd do mharbhadh. Marbhuigheadar dhá Shasanach
do bhí ag múineadh chreidimh ann agus deirthear gur chuir-
eadar chum báis a thuilleadh daoine leis. Ní fhuil
Riaghaltas na Síne láidir i ndóthain chum smacht do chur
ortha, nó má tá féin ní chuireann sí an smacht ortha.
"Tabhair cead domhsa crúca do chur ins na Bocsers",
adeir an Rúise leis an Riaghaltas, "agus geallaim-se
dhuit go smachtóchadh-sa iad." Acht tá na Seapánaigh
ag cur cochall ortha féin agus 'gá rádh leis an Síne má
leigeann sí do'n Rúisíneach cos do bhualadh 'sa tír go
mbeidh aithreachas uirthe mar ní fhágfaidh an Rúise an
tír arís. Is fíor do'n tSeapáin é seo mar má thagann
an Rúisíneach go Peicin, príomh-chathair na Síne, ní
fhágfaidh sé an baile mór úd go mbeidh buannacht aige
ar an dtaobh thuaidh de'n tSíne ar fad. Deirthear go
mbeidh coga ag an Seapáin agus an Rúise 'na thaobh so.
Tá na Seapánaigh láidir ar muir is ar tír; deirthear
gur treise annsúd iad 'ná an Rúise fós, acht is geárr
go mbeidh bóthar iarrainn ó roinn na hEórpa go dtí an
áit úd déanta ag an Rúise agus ní misde do'n tSeapáin
a suaimhneas do ghlacadh annsain.



Tá fhios ag an Síne go dian mhaith cad tá 'na cóir;
má roinntear í beidh réise dhi ag an Fhrainc, an nGéar-
máin, agus ag Sasana, chómh maith leis an Rúise, agus is dóich
le na lán go gcuirfidh na "Boxers" ar chluasaibh a
chéile na Cumhachta so. Focal Béarlachais is eadh ainm
na dreama so agus is é an fáth gur baisteadh an ainm seo
ortha mar tá focal ins an teanga Sínis gurab ionann
"ceart" agus "dorn", agus i n-ionad "ceartóirí" do
ghairm ar an ndream úd, bhaist fear magaidh éigin na
"dóirnálithe" ortha. Tá Seaghán Buidhe ar dearg
bhuile i dtaobh an imris seo ins an tSíne ní mar mhaithe
leis na Sínigh é, acht toisg go bhfuil sé i n-achran le
Pól fós agus nách bhfuil aimsir aige ar bheith ag faire ar
an Rúise annsúd. Tá Pól ag tabhairt a dhóthain le
déanadh do go fóil.



Shílidh á lán go mbiadh na Bóraigh buailte nuair do
sroichfeadh Roberts Pretoria agus chuir na hamadáin agus na
hóinseacha an ciachán ortha féin ag liúghraigh nuair do
chualadar go raibh Pretoria tógtha. Níor chosain na
Bóraigh an chathair úd, acht chuireadar cosg le gluaise-
acht Roberts dia amuich de'n cathair gur árduigheadar
leó a gcuid gunnaí móra, agus a lón bídh agus táid siad
ullamh dó arís gidh go bhfuil fiche fear aigesean i
gcoinnibh gach cinn aca. Sin iad na fir gur fiú iad
saoirseacht agus níor bh'iongnadh liom go mbiadh sí aca fós
leis i n-aindeoin na sluaighte móra atá ar tí a sgórn-
acha do ghearradh.



Dar leis na daoinibh, ba chalma an dream iad súd
d'fhág Béalfeirsde agus Baile-áth'-Cliath chum troda leis
an mBórach. Tá sé riachtanach ar an saighdiúir dul
chum cogaidh acht níor ghábhadh do'n dream ud dul amach;
thairigeadar iad féin do'n Riaghaltas agus ba mhór an
t-éirghe 'n-áirde bhídh ortha. Siaghdiúirí neamhghnáth do
b'eadh iad, agus bhí fonn chum cómhraic ortha, agus cheap cuid
aca go mbiadh beatha bhreágh thall aca agus feirmeacha na
mBórach i n-aisge aca. Bhí na mílte d'á dtionnlacan
thuas i mBéilfeirsde, idir fear agus bean, agus ba mheasa
na mná 'ná na fir d'á ngríosadh chum fola na mBórach
do bheith aca. Acht féach an sgéala do thagann go
hobann nuair do bhí muintir Bhéilfeirsde ag dul as a
gcroiceann mar gheall ar thógáil Phretória. Tháinig
dorn beag Bórach ar na gaisgidhigh úd ó Bhéalfeirsde
agus Baile-áth'-Cliath, ag Lindlí ins an Saor Stát - áit go
ndubhairt Roberts nách raibh aon Bhórach i n-aon chor
ann - agus thógadar leo gach aon aithid aca. "Tá cathúghadh
orm d'admháil", adeir Roberts, "gur ghabh na Bóraigh
chúig chéad fear uaim." Ba ghnáthach le Buller an
saghas sain tuairisge do chur uaidh. Tá na Bóraigh
thréana úd ag Lindlí fós, agus tá an áit úd abhfad dia


L. 210


thiar de Roberts. Má's féidir leo an bóthar iarrainn
do lot agus biadh agus déantús cogaidh do chongbháil as
Phretoria mar a bhfuil Roberts, beidh an breall ar an
bhfear sain.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services