Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tuairisg ó'n Tuaisceart
Title
Tuairisg ó'n Tuaisceart
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tuairisg ó'n Tuaisceart Atá feis Uladh le bheith ann i mBéilfeirsde aimsear Shamhna. Atá an clár orduighthe beagnach ullamh cheana féin. Táthar dá chur amach chum na rúnaidhe de gach Craobh in Uladh d'iarraidh a gcomhairle. Níor bailigheadh an t-airgead in aghaidh na feise so fós acht béimíd i gcionn na hoibre sin gan mhoill. Thairg an dochtúir Sin Cláir Ó Buidhe deich bpúnta, do bhuidhin na feise le sgaipeadh mar dhuaiseannaibh ar phíobairibh ag an bhfeis, agus atá súil againn go dtiubhraidh daoine uaisle eile adhbar duaiseann dúinne ar an gcuma gceudna.
Fuair Mairgread Nic Ruaidhrí, agus bean Uilliam Uí hIr, atá 'na fhear coimheada na mBocht i mBéilfeirsde, bás an lá fá dheireadh agus chuir lucht Chonnartha na Gaedhilge rún-chomhairle i bhféidhm ag tairsgint comh- bhróin do Uilliam. Go dearbhtha ba dhual dóibh an oiread sin do dhéanamh óir b'fhíor cáirde do chúis na Gaedhilge Uilliam agus a bhean. Gidh go raibh sise na mnaoi meadhon-aosta thosuigh sí ag stúidéir na Gaedhilge atá dhá bhliadhain ó shoin ann; agus siúd is nach raibh a sláinte acht go measardha ní raibh mac-léighinn agus mBéilfeirsde ní ba dhímheircighe na í, agus is iomdha oidhche fhliuch leathtromach ghluais sí go seomra an Chonnartha tráth d'fhan daoine ní b'óige agus ní ba láidre na í 'sa bhaile. Nuair do cuireadh ar bun buidhean ban le seirbhísighe Ghaodhalacha do thabhairt go Béilfeirsde agus áiteacha d'fhághail dóibh. B'í an bhean in-mheasta úd do bhí mar uachdarán orra agus bhrosduigh sí ar aghaidh go mór iad. Taobh amuich de chúis na Gaedhilge bhí Mairgréad Nic Ruaidhrí 'na mnaoi charthanach, cráibhtheach, déir- ceamhail modhamhail, béasach ionraiceach. Go ndéanaidh Dia trócaire ar a hanam. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services