Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tuairisg ó'n Tuaisceart

Title
Tuairisg ó'n Tuaisceart
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tuairisg ó'n Tuaisceart



Atá feis Uladh le bheith ann i mBéilfeirsde aimsear
Shamhna. Atá an clár orduighthe beagnach ullamh cheana
féin. Táthar dá chur amach chum na rúnaidhe de gach
Craobh in Uladh d'iarraidh a gcomhairle. Níor bailigheadh
an t-airgead in aghaidh na feise so fós acht béimíd i
gcionn na hoibre sin gan mhoill. Thairg an dochtúir
Sin Cláir Ó Buidhe deich bpúnta, do bhuidhin na feise
le sgaipeadh mar dhuaiseannaibh ar phíobairibh ag an bhfeis,
agus atá súil againn go dtiubhraidh daoine uaisle eile
adhbar duaiseann dúinne ar an gcuma gceudna.


L. 196


Fuair Mairgread Nic Ruaidhrí, agus bean Uilliam Uí
hIr, atá 'na fhear coimheada na mBocht i mBéilfeirsde,
bás an lá fá dheireadh agus chuir lucht Chonnartha na
Gaedhilge rún-chomhairle i bhféidhm ag tairsgint comh-
bhróin do Uilliam. Go dearbhtha ba dhual dóibh an
oiread sin do dhéanamh óir b'fhíor cáirde do chúis na
Gaedhilge Uilliam agus a bhean. Gidh go raibh sise na
mnaoi meadhon-aosta thosuigh sí ag stúidéir na
Gaedhilge atá dhá bhliadhain ó shoin ann; agus siúd is nach
raibh a sláinte acht go measardha ní raibh mac-léighinn
agus mBéilfeirsde ní ba dhímheircighe na í, agus is iomdha oidhche
fhliuch leathtromach ghluais sí go seomra an Chonnartha
tráth d'fhan daoine ní b'óige agus ní ba láidre na í 'sa
bhaile. Nuair do cuireadh ar bun buidhean ban le
seirbhísighe Ghaodhalacha do thabhairt go Béilfeirsde agus
áiteacha d'fhághail dóibh. B'í an bhean in-mheasta úd do
bhí mar uachdarán orra agus bhrosduigh sí ar aghaidh go mór
iad. Taobh amuich de chúis na Gaedhilge bhí Mairgréad
Nic Ruaidhrí 'na mnaoi charthanach, cráibhtheach, déir-
ceamhail modhamhail, béasach ionraiceach. Go ndéanaidh
Dia trócaire ar a hanam.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services