Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Óid do'n Oireachtas, 1900
Title
Óid do'n Oireachtas, 1900
Author(s)
An Craoibhín Aoibhinn,
Pen Name
An Craoibhín Aoibhinn
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Óid do'n Oireachtas, 1900 I. Do chruthaigh Dia Éire le buaidh gaoithe 's gréine Le drúchtaibh as na spéarthaibh ag cur fáis ann a cré Le bláthaibh mar na reultaibh ar pairceannaibh breágh feurmhar Le gleanntaibh a's le sléibhtibh a's le bántaibh míne réidh, Le machairibh breágh glasa, le talamh geal raibh suas air Nár chrap an fuacht 's nár lasadh le teas i meadhon an lae Le lochaibh líonmhar lána, le h-abhnaibh dul le fánaidh Ag snámh do'n mhuir go h-áluinn ag crónán molta Dé. II. Ann sin do thóg sé daoine le teacht i gcionn na tí Ghlaodh sé ar clannaibh Mhileadh agus thángadar ann so, Do thug Sé dhóibh mar sealbh na coillte le n-a crannaibh Na sléibhte le n-a gleanntaibh a's na páirceanna gan ceó. Do thug Sé dhóibh an t-eallach ag beathughadh ar an talamh Ná h-eisg ag snámh na mara, a's níor fhág sé iad gan seóil, Do b'aoibhinn a slighe bheatha san tír lán bainne 's meala, Moinfheura breágha geala, agus éánlaith deunamh ceóil. III. Do thug Sé dhóibh an teanga budh mhillse bhí ar talamh Budh láidre a's budh shnasta a's budh chaoine bhí le fagháil A's dubhairt sé leó na fágaidh an teanga aoibhinn áluinn Do rinne mé chomh láidir ar son Éireannach amháin Chomh fad a's béidh sí agaibh ní baoghal daoibh bheith caillte Má tá go mbéidh sibh creachta ar feadh tamaill, nó faoi sgáil, Tá buaidh ann san teangaidh, éireochaidh sibh go tapa Ní bhéidh sibh choidhche sgartha a's ní chaillfidh sibh bhur gcáil. IV. Sin é anois an sgiath do fuaradar ó Dhia Mar chosaint a's mar dídion ar gach sgrios agus gach crádh Is minic bhíodar creachta acht c' fhad a's bhí sí aca D'éirighidís go tapa a's níor chailleadar an lá Do bhíodh siad lán céille d'aithnighidís a chéile Níor cailleadh croidhe na féile, an Dóchas ná an Grádh, Bhí meisneach ann san gcine, 's coráiste anns gach duine Dubhairt siad "ní bheidh sinn-ne ann ár sglabhuidhibh go bráth." V. Och! bhfuil ar sgiath briste? Och! bhfuil ár ndídion sgriosta? Ar goideadh as ar gciste an Chiall agus an Grádh? Ar cailleadh an coráiste do rinne fear de'n pháiste? D'imthigh an teanga ársa - ar imthigh an t-iomlán?
Ní h-eadh! ní h-eadh! níor imthigh seód cosanta an chinidh, Tá splannca beag de'n teine i gcomhnuidhe beó le fagháil, A's rachamaoid le chéile ó theach go teach i n-Éirinn D'á shéideadh 's d'á shíor-shéideadh go lasfaidh sé i n-áird. VI. Chífimíd sós i n-Éirinn go h-árd ar bharr na sléibhte An splannc atámaoid shéideadh rith ann sin agus ann so, Tabhairt soluis do na daoinibh faoi dhorchadas na h-oidhche Ó thaoibh go taoibh na tíre go bríoghmhar as go beo, Cuirfimíd sop ag séideadh anocht ar feadh na h-Éireann Chomh lonnrach leis na reultaibh ag tabhairt sholuis mhóir gan ceó, Solus ameasg na mílte, solus i lár an chroidhe-stigh, Sé an t-ainm air an t-Saoirse, 's ní muchfaidhear é go deo. An Craoibhín Aoibhinn
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services