Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Óid do'n Oireachtas, 1900

Title
Óid do'n Oireachtas, 1900
Author(s)
An Craoibhín Aoibhinn,
Pen Name
An Craoibhín Aoibhinn
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Óid do'n Oireachtas, 1900



I.
Do chruthaigh Dia Éire le buaidh gaoithe 's gréine
Le drúchtaibh as na spéarthaibh ag cur fáis ann a cré
Le bláthaibh mar na reultaibh ar pairceannaibh breágh
feurmhar
Le gleanntaibh a's le sléibhtibh a's le bántaibh míne
réidh,
Le machairibh breágh glasa, le talamh geal raibh suas air
Nár chrap an fuacht 's nár lasadh le teas i meadhon
an lae
Le lochaibh líonmhar lána, le h-abhnaibh dul le fánaidh
Ag snámh do'n mhuir go h-áluinn ag crónán molta
Dé.



II.
Ann sin do thóg sé daoine le teacht i gcionn na tí
Ghlaodh sé ar clannaibh Mhileadh agus thángadar ann so,
Do thug Sé dhóibh mar sealbh na coillte le n-a crannaibh
Na sléibhte le n-a gleanntaibh a's na páirceanna
gan ceó.
Do thug Sé dhóibh an t-eallach ag beathughadh ar an talamh
Ná h-eisg ag snámh na mara, a's níor fhág sé iad gan
seóil,
Do b'aoibhinn a slighe bheatha san tír lán bainne 's
meala,
Moinfheura breágha geala, agus éánlaith deunamh
ceóil.



III.
Do thug Sé dhóibh an teanga budh mhillse bhí ar talamh
Budh láidre a's budh shnasta a's budh chaoine bhí le
fagháil
A's dubhairt sé leó na fágaidh an teanga aoibhinn áluinn
Do rinne mé chomh láidir ar son Éireannach amháin
Chomh fad a's béidh sí agaibh ní baoghal daoibh bheith caillte
Má tá go mbéidh sibh creachta ar feadh tamaill, nó
faoi sgáil,
Tá buaidh ann san teangaidh, éireochaidh sibh go tapa
Ní bhéidh sibh choidhche sgartha a's ní chaillfidh sibh bhur
gcáil.



IV.
Sin é anois an sgiath do fuaradar ó Dhia
Mar chosaint a's mar dídion ar gach sgrios agus
gach crádh
Is minic bhíodar creachta acht c' fhad a's bhí sí aca
D'éirighidís go tapa a's níor chailleadar an lá
Do bhíodh siad lán céille d'aithnighidís a chéile
Níor cailleadh croidhe na féile, an Dóchas ná an Grádh,
Bhí meisneach ann san gcine, 's coráiste anns gach duine
Dubhairt siad "ní bheidh sinn-ne ann ár sglabhuidhibh
go bráth."



V.
Och! bhfuil ar sgiath briste? Och! bhfuil ár ndídion
sgriosta?
Ar goideadh as ar gciste an Chiall agus an Grádh?
Ar cailleadh an coráiste do rinne fear de'n pháiste?
D'imthigh an teanga ársa - ar imthigh an t-iomlán?


L. 180


Ní h-eadh! ní h-eadh! níor imthigh seód cosanta an chinidh,
Tá splannca beag de'n teine i gcomhnuidhe beó le
fagháil,
A's rachamaoid le chéile ó theach go teach i n-Éirinn
D'á shéideadh 's d'á shíor-shéideadh go lasfaidh sé i
n-áird.



VI.
Chífimíd sós i n-Éirinn go h-árd ar bharr na sléibhte
An splannc atámaoid shéideadh rith ann sin agus ann
so,
Tabhairt soluis do na daoinibh faoi dhorchadas na
h-oidhche
Ó thaoibh go taoibh na tíre go bríoghmhar as go beo,
Cuirfimíd sop ag séideadh anocht ar feadh na h-Éireann
Chomh lonnrach leis na reultaibh ag tabhairt sholuis
mhóir gan ceó,
Solus ameasg na mílte, solus i lár an chroidhe-stigh,
Sé an t-ainm air an t-Saoirse, 's ní muchfaidhear é
go deo.



An Craoibhín Aoibhinn

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services