Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Méarthóg Guill,
Pen Name
Mearthóg Ghuill
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Cuairt chum an Oireachtais Seórsa. - Sé do bheatha a Mhártain! Mártain. - Go mbadh hé dhuit! S. - Cé raibh tú le seachtmhain? M. - Ndomhnach, bhí mé ag an Oireachtas. S. - Ó bú, a Mhártain! Cé an rud an tOireachtas? M. - Ar mar sin atá tú, gan eólas a bheith agat ar an Oireachtas? S. - Dearbhuighim duit nár mhuithigh mé an focal ariamh roimhe. M. - Ní fíor-Ghaedheal thú mar sin. S. - Tá tú bréagach. Tá mé níos Gaedhealaighe ná thusa. Acht caitheadh sinn tharainn ar n-eagnaidheacht agus innis dom faoi an Oireachtas. Badh mhaith liom fios bríghe an fhocal fhagháil. M. - Déanfaidh mé mo dhícheall ar sin innsin duit. Tá beagán fear fíor-Ghaedhealach i gcáthair Bhaile Á' Cliath, agus tá siad l'éis obair an-mhaith a dhéanamh le ceathair ná cúig do bhliadhanta ag iarraidh a nGaedhilge aithbheóchan agus a coingeál bidhgeamhail inar measg. Agus a dhearbhráthair mo chroidhe tá siad i gceart-lár a námhaid, mar tá na céadta seóiníní ina dtimcheall; tá na Bóraigh a' troid, duine i n-aghaidh an deichneabhair, agus ní duine i n-aghaidh an deichneabhair atá comhairle an Oireachtais a' troid, acht duine i n-aghaidh an mhíle. Agus mar sin féin tá siad a' gul ar aghaidh lá ar lá leis an obair onóraigh mbadh chóir do gach uile Éireannach congnamh agus cabhair a thabhairt di. S. - Dar fiadh! atá an ceart agat. Acht caith tharat an sgéala sin agus innis dom faoi an Oireachtas. M. - Fadó nuair a bhí teanga na hÉireann i mbéal gach duine ar fud Éireann go hiomlán bhíodh fleadh gach uile oidhche chinn bhliadhna ag uaisle na hÉireann, agus is eanann fleadh agus oireachtas. Agus tá na Gaedhil- geoirí i mBaile Á' Cliath a' déanamh aithrise ar árd- uaisle na hÉireann a bhí againn fadó, agus tá siad a' tabhairt modha, measa, agus onóra do sheanchomórtha na hÉireann. Agus rud eile, thug siad duais do'n bhean ná fear is fearr a bhí i n-ann abhrán Gaedhilge a ghóbhail agus dhá léir an té is fearr a bhí i n-ann rinnc nó damhsa, agus do lucht óráidí. S. - Agus a' raibh mórán daoine ag an Oireachtas? M. - Bhí na céadta. S. - Sé mo bharamhail go raibh siad as gach uile cheard do Éirinn ann mar sin. M. - Thig liom a rádh go raibh. S. - Agus a' raibh radharc breágh le feiceál ann? M. - Ar chuala tú caint a riamh ar Thír na hÓige? S. - Mhuithigheas go minic. M. - Ní raibh sé leath chomh breágh ná chomh haoibhinn leis an Oireachtas. Agus dearbhuighim duit, nuair chuaidh mé isteach go teach an Oireachtais agus dhearc mé tharm, gur thoisigh mo chroidhe a' preabadh i gceart-lár mo chléibhe le bród agus sólás, mar gheall ar gach nidh a bhain do Éirinn agus dh'ar seacht sinnsir bheith os comhair mo dhá shúil le feiceál. S. - A bububú! Bhéarfadh mé gach ar fiú mé don tsaoghal acht an radharc sin fheiceál. M. - Leig chugat an sgéal go muithighidh tú uilig é. Nuair a thanaic (chonnaic) mé na clairseacha agus na píobairí, shíl mé gur i ngáirdín Pharrthais a bhí mé, agus ar chúl na gcláirseach bhí timcheall 's dhá fhichid cailíní óga agus iad gléasta chomh geal le eala ar bhruach na tuinne. Agus d'éirigh siad ar a gcosaibh agus sheinn siad dán i nGaedhilge, agus bhí mé chomh cinnte agus tá an lámh dheas ar mo cholainn go mbadh iad aingle Fhlaitheas bhí as mo chomhair. Agus rud eile, a Sheórsa. Bhí Albanaigh ann as Albain agus bhí Breathanaigh ann as Breatain, agus sheinn gach duine aca abhrán i n-a dteangaidh féin, agus bhí sagart ann ón bhFrainnc agus bhí corr-fhocal Gaedhilge aige. S. - An ndeir tú é? M. - Deirim go deimhin. S. - Agus cé thug annsin iad? M. - Tháinig siad a' tabhairt onóra dh'ar dteangaidh agus leis an spioraid cheart a chur i gcroidheachaibh na seóiníní atá againn i nÉirinn. S. - Agus a' bhfuair na coimhthighigh sin aon duais? M. - Ní a brath le duais a tháinig siad. S. - Agus cé hiad na daoine a fuair na duaise? M. - Ní chuirim aon ainm ar na daoine a fuair na duaiseanna anois, acht deirim an méad seo, gur mór an mbladh is cóir do na Muimhnigh fhagháil, agus go mór
mhór muinntir Chonndae Chorcaighe, ná tá siad a déanamh a ndíchill báis agus beatha leis an nGaedhilge a leathnughadh agus a sgaradh ar fud Éireann. Ghnóthuigh muinntir Chorcaighe níos mó duaiseanna na ghnóthuigh muinntir na hÉireann go hiomlán.
. Méarthóg Ghuill
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services