Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Méarthóg Guill,
Pen Name
Mearthóg Ghuill
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Cuairt chum an Oireachtais



Seórsa. - Sé do bheatha a Mhártain!



Mártain. - Go mbadh hé dhuit!



S. - Cé raibh tú le seachtmhain?



M. - Ndomhnach, bhí mé ag an Oireachtas.



S. - Ó bú, a Mhártain! Cé an rud an tOireachtas?



M. - Ar mar sin atá tú, gan eólas a bheith agat ar
an Oireachtas?



S. - Dearbhuighim duit nár mhuithigh mé an focal
ariamh roimhe.



M. - Ní fíor-Ghaedheal thú mar sin.



S. - Tá tú bréagach. Tá mé níos Gaedhealaighe ná
thusa. Acht caitheadh sinn tharainn ar n-eagnaidheacht agus
innis dom faoi an Oireachtas. Badh mhaith liom fios
bríghe an fhocal fhagháil.



M. - Déanfaidh mé mo dhícheall ar sin innsin duit.
Tá beagán fear fíor-Ghaedhealach i gcáthair Bhaile Á'
Cliath, agus tá siad l'éis obair an-mhaith a dhéanamh le
ceathair ná cúig do bhliadhanta ag iarraidh a nGaedhilge
aithbheóchan agus a coingeál bidhgeamhail inar measg. Agus
a dhearbhráthair mo chroidhe tá siad i gceart-lár a námhaid,
mar tá na céadta seóiníní ina dtimcheall; tá na Bóraigh
a' troid, duine i n-aghaidh an deichneabhair, agus ní duine
i n-aghaidh an deichneabhair atá comhairle an Oireachtais
a' troid, acht duine i n-aghaidh an mhíle. Agus mar sin
féin tá siad a' gul ar aghaidh lá ar lá leis an obair
onóraigh mbadh chóir do gach uile Éireannach congnamh
agus cabhair a thabhairt di.



S. - Dar fiadh! atá an ceart agat. Acht caith tharat
an sgéala sin agus innis dom faoi an Oireachtas.



M. - Fadó nuair a bhí teanga na hÉireann i mbéal
gach duine ar fud Éireann go hiomlán bhíodh fleadh
gach uile oidhche chinn bhliadhna ag uaisle na hÉireann, agus
is eanann fleadh agus oireachtas. Agus tá na Gaedhil-
geoirí i mBaile Á' Cliath a' déanamh aithrise ar árd-
uaisle na hÉireann a bhí againn fadó, agus tá siad a'
tabhairt modha, measa, agus onóra do sheanchomórtha na
hÉireann. Agus rud eile, thug siad duais do'n bhean
ná fear is fearr a bhí i n-ann abhrán Gaedhilge a ghóbhail
agus dhá léir an té is fearr a bhí i n-ann rinnc nó damhsa,
agus do lucht óráidí.



S. - Agus a' raibh mórán daoine ag an Oireachtas?



M. - Bhí na céadta.



S. - Sé mo bharamhail go raibh siad as gach uile
cheard do Éirinn ann mar sin.



M. - Thig liom a rádh go raibh.



S. - Agus a' raibh radharc breágh le feiceál ann?



M. - Ar chuala tú caint a riamh ar Thír na hÓige?



S. - Mhuithigheas go minic.



M. - Ní raibh sé leath chomh breágh ná chomh haoibhinn
leis an Oireachtas. Agus dearbhuighim duit, nuair
chuaidh mé isteach go teach an Oireachtais agus dhearc mé
tharm, gur thoisigh mo chroidhe a' preabadh i gceart-lár
mo chléibhe le bród agus sólás, mar gheall ar gach nidh a
bhain do Éirinn agus dh'ar seacht sinnsir bheith os comhair
mo dhá shúil le feiceál.



S. - A bububú! Bhéarfadh mé gach ar fiú mé don
tsaoghal acht an radharc sin fheiceál.



M. - Leig chugat an sgéal go muithighidh tú uilig é.
Nuair a thanaic (chonnaic) mé na clairseacha agus na
píobairí, shíl mé gur i ngáirdín Pharrthais a bhí mé, agus ar
chúl na gcláirseach bhí timcheall 's dhá fhichid cailíní óga agus
iad gléasta chomh geal le eala ar bhruach na tuinne.
Agus d'éirigh siad ar a gcosaibh agus sheinn siad dán i
nGaedhilge, agus bhí mé chomh cinnte agus tá an lámh dheas ar
mo cholainn go mbadh iad aingle Fhlaitheas bhí as mo
chomhair. Agus rud eile, a Sheórsa. Bhí Albanaigh ann
as Albain agus bhí Breathanaigh ann as Breatain, agus sheinn
gach duine aca abhrán i n-a dteangaidh féin, agus bhí sagart
ann ón bhFrainnc agus bhí corr-fhocal Gaedhilge aige.



S. - An ndeir tú é?



M. - Deirim go deimhin.



S. - Agus cé thug annsin iad?



M. - Tháinig siad a' tabhairt onóra dh'ar dteangaidh
agus leis an spioraid cheart a chur i gcroidheachaibh na
seóiníní atá againn i nÉirinn.



S. - Agus a' bhfuair na coimhthighigh sin aon duais?



M. - Ní a brath le duais a tháinig siad.



S. - Agus cé hiad na daoine a fuair na duaise?



M. - Ní chuirim aon ainm ar na daoine a fuair na
duaiseanna anois, acht deirim an méad seo, gur mór
an mbladh is cóir do na Muimhnigh fhagháil, agus go mór


L. 178


mhór muinntir Chonndae Chorcaighe, ná tá siad a
déanamh a ndíchill báis agus beatha leis an nGaedhilge a
leathnughadh agus a sgaradh ar fud Éireann. Ghnóthuigh
muinntir Chorcaighe níos mó duaiseanna na ghnóthuigh
muinntir na hÉireann go hiomlán.



<cé raibh tú = cá raibh tú; mhuithigh = d'áirigh = chuala,
heard; eagnaidheacht, arguing; l'éis = tar éis, after;
coingeal = congbháil = keeping; gul = dul, going;
tharat = thart, past you; eanann = ionann, same;
aithris, repetition, imitation; modh, respect; comóradh,
celebration; góbhail = gabháil; abhrán do ghabháil, to sing
a song; dhá léir = dá réir, accordingly, in like manner;
céard, quarter (of a country, &c.); feiceál = feicsin,
seeing; sólás, joy; uiligh = uile, all; corr-fhocal,
an odd word; coimhthigheach, foreign, foreigner; bráth
le, expecting, looking out for; ná = for; gnothuigh,
win>.



Méarthóg Ghuill

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services