Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aoibhneas Thír na n-Óg
Title
Aoibhneas Thír na n-Óg
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Aithriseacht le haghaidh Feise Sráid-a'-Mhuilinn Aoibhneas Thír na n-Óg I. "Geasa nach fulangaid fíor-laoich, A Oisín fhéil, cuirim ad' chómhair Teacht liom féin anois ar m'each, Go righeam tar ais go Tír na n-Óg." II. "Sí an tír is aoibhne le fághail, Is mó cáil anois fá'n n-gréin; Crainn ag cromadh le torrtha 's bláth, A's duilleabhar ag fás ar bharraibh géug." III. "Is fairsing innte mil 's fíon, 'S gach uile ní d'á bhfeaca súil Ní rachaidh caitheamh ort led' rae, Bás nó méath ní fheicfidh tú." IV. "Do gheabhair fleadh, imirt 's ól, Do gheabhair ceól binn air théad; Do gheabhair airgiod agus ór, Do gheabhair fós iomad séad." V. "Do gheabhair céad claidheamh gan ghó, Gheabhair céad brat sróil de shíoda dhaor, Gheabhair céad each is mire a n-gleó, 'S gheabhair céad leó de chonaibh géur?"
VI. "Do gheabhair mionn-ríoghdha Ríogh na n-Óg, Nach tug riamh fós do neach fá'n n-gréin, Do dhéanfas díon duit d'oidhche 's ló A g-cath, a n-gleó 'sa n-garbh-ghléidh." VII. "Do gheobhair luireach chumhdaigh, chóir as cloidheamh cinn-óir as cliste béim. Badh gheall le ceud i láimh fíor-laoich - A shamhail ar tír ní fhacais féin." VIII. "Gheobhair mionn ríoghdha Rígh na n-Óg Nach d-tugadh fós go neach fá'n ngréin, Soillseach breágh, le clochaibh buadh Nach féidir a luach do chur i g-céill." IX. "Gheobhair gach ní d'á n-dubhras leat As aoibhneas eile gan chas, gan chaoi, Gheobhair maise, neart, agus réim, As biad-sa féin agad mar mhnaoi." X. "Diúltadh ar bith ní bhéarfad uaim A ríogan t-suairc na g-cuacha n-óir - Is tú mo roghain tar mhnáibh an domhain As rachad le fonn go Tír na n-Óg."
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services