Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aoibhneas Thír na n-Óg

Title
Aoibhneas Thír na n-Óg
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Aithriseacht le haghaidh Feise Sráid-a'-Mhuilinn



Aoibhneas Thír na n-Óg



I.
"Geasa nach fulangaid fíor-laoich,
A Oisín fhéil, cuirim ad' chómhair
Teacht liom féin anois ar m'each,
Go righeam tar ais go Tír na n-Óg."



II.
"Sí an tír is aoibhne le fághail,
Is mó cáil anois fá'n n-gréin;
Crainn ag cromadh le torrtha 's bláth,
A's duilleabhar ag fás ar bharraibh géug."



III.
"Is fairsing innte mil 's fíon,
'S gach uile ní d'á bhfeaca súil
Ní rachaidh caitheamh ort led' rae,
Bás nó méath ní fheicfidh tú."



IV.
"Do gheabhair fleadh, imirt 's ól,
Do gheabhair ceól binn air théad;
Do gheabhair airgiod agus ór,
Do gheabhair fós iomad séad."



V.
"Do gheabhair céad claidheamh gan ghó,
Gheabhair céad brat sróil de shíoda dhaor,
Gheabhair céad each is mire a n-gleó,
'S gheabhair céad leó de chonaibh géur?"


L. 132


VI.
"Do gheabhair mionn-ríoghdha Ríogh na n-Óg,
Nach tug riamh fós do neach fá'n n-gréin,
Do dhéanfas díon duit d'oidhche 's ló
A g-cath, a n-gleó 'sa n-garbh-ghléidh."



VII.
"Do gheobhair luireach chumhdaigh, chóir
as cloidheamh cinn-óir as cliste béim.
Badh gheall le ceud i láimh fíor-laoich -
A shamhail ar tír ní fhacais féin."



VIII.
"Gheobhair mionn ríoghdha Rígh na n-Óg
Nach d-tugadh fós go neach fá'n ngréin,
Soillseach breágh, le clochaibh buadh
Nach féidir a luach do chur i g-céill."



IX.
"Gheobhair gach ní d'á n-dubhras leat
As aoibhneas eile gan chas, gan chaoi,
Gheobhair maise, neart, agus réim,
As biad-sa féin agad mar mhnaoi."



X.
"Diúltadh ar bith ní bhéarfad uaim
A ríogan t-suairc na g-cuacha n-óir -
Is tú mo roghain tar mhnáibh an domhain
As rachad le fonn go Tír na n-Óg."

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services