Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Airgiod Saor
Title
Airgiod Saor
Author(s)
An Craoibhín Aoibhín,
Pen Name
An Craoibhín Aoibhín
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Airgiod Saor (III) Má tá airgead ag duine ar bith le spáráil agus gur mian leis a chur san mbanca so glacfaidh an banca uaidh é agus bhéarfaidh siad dó ceithre punta san mbliadhain insan gcéad. Is mó sin go mór ná do gheobhadh sé dá gcuirfeadh sé airgead i n-oifig an posta. Ní'l baoghal ar bith air pighin d'á cuid airgid do chailleamhaint óir na fiacha atá ar an gcuideachta, tá gach uile dhuine insan gcuideachta fós leó. Agus nách iad comharsana féin atá ann, daoine dóigheamhla measamhla? Acht go raibh siad mar sin ní léigfidhe isteach insan gcuideachta iad. Duine ar bith a chuirfeas airgead insan mbanca is féidir leis leabhra an bhanca fhághail le dul tríotha ó mhí go mí, go mbéidh fhios aige go díreach cia an chaoi bhfuil h-uile shórt ag dul ar aghaidh. Acht tugtar amach cuntas puiblidhe go follusach ar stáid an bhanca i ndeireadh gach bliadhna le fear-cuntais puiblidhe. Má tá airgead le spáráil ag duine agus má chuireann sé an t-airgead sin insan mbanca so, béidh sé ag cuideacht le n-a chomharsanaibh féin. Congbhóchaidh sé airgead an pharaiste insan bparaiste, agus beidh an t-airgead sin i g-comhnuidhe ag gabháil timchioll agus ag obair agus ag saothrughadh tuilleadh airgid. Agus, már chonnaic sinn roimhe seo, tá a chuid airgid chomh sábhálta agus dá mbeith sé ar tóin a phóca féin. Daoine cneasta, macánta, coire i n-aon chuideacht amháin - ní féidir a sárughadh tá siad chomh daingean le carraig, agus fiacha ar bith bhéidheas orra is iad íocfas go cneasta iad. Sé bliadhna is dá fhichid atá an obair seo ar siúbhal i dtíorthaibh eile agus níor buaileadh aon bhuille uirri go fóill. Má tá aon airgead d'fhuighleach ag an mbanca, nuair béidheas h-uile shórt íoctha glan, cuirfidhear i dtaisge é, agus budh choir do h-uile banca an oiread airgid agus is féidir leis do chur i dtaisge. Trostóchaidh daoine eile an banca, agus nuair fheicfidh siad go bhfuil an t-airgead so ar a chúl i dtaisge aige. Is iomdha baincín beag ar mhór-thír na h-Eorpa do cuireadh ar bun le h-airgead do fuair siad an iasacht, agus anois tá an t-airgead íoctha, ní'l fiacha ar bith orra, acht tá na céadta punta aca i dtaisge, d'á n-airgead féin. Agus is féidir leó an t-airgead so do thabhairt amach arís ar ráta saor do na daoinibh iarrfas orra. Má tá cuidheacht cómh-oibrightheach ag obair ar an talamh nó ag deunamh ime, nó rud ar bith eile de'n tsórt sin, insan áit chéadna a bhfuil an banca innti, beidh an banca an-usáideach dí. Bheárfaidh an banca airgead ar iasacht do mhuinntir na cuideachta eile le n-a síol no le n-a n-aoileach, no le n-a phór-prátaighe do cheannach ar airgead-síos (tá na ruda so le fágháil saor go leór ar airgead-síos, acht bíonn siad an-daor le ceannach ar cáirde) agus ní iarrfaidh an banca an t-airgead orra go mbéidh a gcuid coruigheachta apaidh agus díolta aca. Is breágh an máighistir-sgoile an banca. Bíonn sé i gcómhnuidhe ag tabhairt oideachais agus ag síor-mhúnadh na ndaoine. Cuireann sé i gcéill do gach uile dhuine gur breágh an rud é cáil mhaith do bheith air, agus gur fiú airgead é óir gan cáil mhaith do bheith ar dhuine, ní leigfidhear isteach san gcuideachta é, annsin, múineann sé do na daoinibh a gcuid airgid do leagan amach i riocht go mbeidh sochar agus tairbhe aca as. Múineann sé do na daoinibh go gcaithfidh siad bheith go poncamhail agus go h-aireach ag tabhairt ar ais an airgid do fuair siad; má bhíonn siad mall, mí-aireach, neamh-shuimeamhail, ní bhfuighfidh siad airgead arís. Múineann sé do na daoinibh caidé an sórt rud an t-airgead, agus caidé an chaoi le sochar do bhaint as. Is mór an tairbhe na bancanna so do phóca na ndaoine. Is follasach sin do' n-uile dhuine. Acht is an-mhór an mhaith atá ionnta d'anam agus d'inntinn na ndaoine, mar an gcéadna. Is breágh an rud daoine d'fheiceál ag comh-oibriughadh le chéile ag cuidiughadh le n-a chéile, mar dearbhráitheachaibh, fear le fear, ag deunamh a lán-díchill ar a son féin agus ar son na gcómharsan. Chomh fad agus tá an spiorad sin insna daoinibh, ní theipfidh dadaidh orra, agus ní féidir leó an lá a chailleamhaint. Tá na mílte agus na mílte de na cuideachtaibh seo ar bun i dtíorthaibh eile, agus an rud is féidir linn-ne an rud céadna do dhéanamh i n-Éirinn indiu? Do bhí am ann i n-Éirinn fad ó, sul tháinig na Sacsanaigh chum na tíre seo, nuair bhí na daoine ag cur le chéile. Do bhideadh gach treibh no gach "clann" faoi riaghail a n-uachtaráin féin, ag cur le chéile agus ag cómh- oibriughadh. Bhí an talamh aca i gcoitchionn. Níor fhéad aon fhear aca a chuid talmhana do dhíol, óir budh leis an tréibh í agus d'oibrighidís le chéile ar na páircean- naibh. Nuair gheobhadh fear bás, do roinn an tréibh a talamh na measg féin dá mbeidh aon talamh ar leith aige. Nuair gheobhadh an ceann cinidh, nó an t-uacht- arán, bás, do roinntí talamh na tréibhe as an nuadh i measg na ndaoine. Ní raibh seilbh ar leith ag duine ar bith aca, mar atá indiu, acht amháin go h-annamh. Acht tháinig na Sacsanaigh agus thugadar an talamh uile d'uachtarán na tréibhe nó do'n tighearna mar atá indiu, agus do sguir na daoine ó chómh-oibriughadh le chéile mar do ghnídhís i bhfad ó shoin. Acht tá an cómh- oibriughadh so ina gcuid fola agus ina gcuisleannaibh fós, agus b'fhurasa iad do chur ag cabhrughadh le chéile i n-Éirinn agus ag oibriughadh le chéile ar son miahte na ndaoine mar bhí fad ó. Chailleamar na sean- bhreitheamhain do bhíodh againn, agus chailleamar na sean- dlighthe, acht buidheachas le Dia, níor chailleamar an tsean-nádúir ná an tsean-theanga, agus taisbeánfamaoid do'n tsaoghal fós nach bhfuil Éire marbh ar fad nach
bhfuil a meisneach briste, agus nach bhfuil a croidhe cráidhte. A chlann na h-Éireann, cuirigidh le chéile ar son bhur máthar! An Craoibhín Aoibhín
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services