Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Airgiod Saor

Title
Airgiod Saor
Author(s)
An Craoibhín Aoibhín,
Pen Name
An Craoibhín Aoibhín
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Airgiod Saor
(III)



Má tá airgead ag duine ar bith le spáráil agus gur
mian leis a chur san mbanca so glacfaidh an banca
uaidh é agus bhéarfaidh siad dó ceithre punta san mbliadhain
insan gcéad. Is mó sin go mór ná do gheobhadh sé dá
gcuirfeadh sé airgead i n-oifig an posta. Ní'l baoghal
ar bith air pighin d'á cuid airgid do chailleamhaint óir
na fiacha atá ar an gcuideachta, tá gach uile dhuine
insan gcuideachta fós leó. Agus nách iad comharsana
féin atá ann, daoine dóigheamhla measamhla? Acht go
raibh siad mar sin ní léigfidhe isteach insan gcuideachta
iad. Duine ar bith a chuirfeas airgead insan mbanca
is féidir leis leabhra an bhanca fhághail le dul tríotha ó
mhí go mí, go mbéidh fhios aige go díreach cia an chaoi
bhfuil h-uile shórt ag dul ar aghaidh. Acht tugtar
amach cuntas puiblidhe go follusach ar stáid an bhanca
i ndeireadh gach bliadhna le fear-cuntais puiblidhe.



Má tá airgead le spáráil ag duine agus má chuireann
sé an t-airgead sin insan mbanca so, béidh sé ag
cuideacht le n-a chomharsanaibh féin. Congbhóchaidh sé
airgead an pharaiste insan bparaiste, agus beidh an
t-airgead sin i g-comhnuidhe ag gabháil timchioll agus ag
obair agus ag saothrughadh tuilleadh airgid. Agus, már
chonnaic sinn roimhe seo, tá a chuid airgid chomh
sábhálta agus dá mbeith sé ar tóin a phóca féin. Daoine
cneasta, macánta, coire i n-aon chuideacht amháin -
ní féidir a sárughadh tá siad chomh daingean le carraig,
agus fiacha ar bith bhéidheas orra is iad íocfas go cneasta
iad. Sé bliadhna is dá fhichid atá an obair seo ar
siúbhal i dtíorthaibh eile agus níor buaileadh aon bhuille
uirri go fóill.



Má tá aon airgead d'fhuighleach ag an mbanca, nuair
béidheas h-uile shórt íoctha glan, cuirfidhear i dtaisge é,
agus budh choir do h-uile banca an oiread airgid agus is féidir
leis do chur i dtaisge. Trostóchaidh daoine eile an
banca, agus nuair fheicfidh siad go bhfuil an t-airgead so ar
a chúl i dtaisge aige. Is iomdha baincín beag ar
mhór-thír na h-Eorpa do cuireadh ar bun le h-airgead
do fuair siad an iasacht, agus anois tá an t-airgead
íoctha, ní'l fiacha ar bith orra, acht tá na céadta punta
aca i dtaisge, d'á n-airgead féin. Agus is féidir
leó an t-airgead so do thabhairt amach arís ar ráta
saor do na daoinibh iarrfas orra.



Má tá cuidheacht cómh-oibrightheach ag obair ar an
talamh nó ag deunamh ime, nó rud ar bith eile de'n
tsórt sin, insan áit chéadna a bhfuil an banca innti,
beidh an banca an-usáideach dí. Bheárfaidh an banca
airgead ar iasacht do mhuinntir na cuideachta eile le
n-a síol no le n-a n-aoileach, no le n-a phór-prátaighe
do cheannach ar airgead-síos (tá na ruda so le fágháil
saor go leór ar airgead-síos, acht bíonn siad an-daor
le ceannach ar cáirde) agus ní iarrfaidh an banca an
t-airgead orra go mbéidh a gcuid coruigheachta apaidh
agus díolta aca.



Is breágh an máighistir-sgoile an banca. Bíonn sé
i gcómhnuidhe ag tabhairt oideachais agus ag síor-mhúnadh
na ndaoine. Cuireann sé i gcéill do gach uile dhuine
gur breágh an rud é cáil mhaith do bheith air, agus gur fiú
airgead é óir gan cáil mhaith do bheith ar dhuine, ní
leigfidhear isteach san gcuideachta é, annsin, múineann
sé do na daoinibh a gcuid airgid do leagan amach
i riocht go mbeidh sochar agus tairbhe aca as. Múineann
sé do na daoinibh go gcaithfidh siad bheith go poncamhail
agus go h-aireach ag tabhairt ar ais an airgid do fuair
siad; má bhíonn siad mall, mí-aireach, neamh-shuimeamhail,
ní bhfuighfidh siad airgead arís. Múineann sé do na
daoinibh caidé an sórt rud an t-airgead, agus caidé an
chaoi le sochar do bhaint as.



Is mór an tairbhe na bancanna so do phóca na ndaoine.
Is follasach sin do' n-uile dhuine. Acht is an-mhór an
mhaith atá ionnta d'anam agus d'inntinn na ndaoine, mar
an gcéadna. Is breágh an rud daoine d'fheiceál ag
comh-oibriughadh le chéile ag cuidiughadh le n-a chéile,
mar dearbhráitheachaibh, fear le fear, ag deunamh a
lán-díchill ar a son féin agus ar son na gcómharsan.
Chomh fad agus tá an spiorad sin insna daoinibh, ní theipfidh
dadaidh orra, agus ní féidir leó an lá a chailleamhaint.
Tá na mílte agus na mílte de na cuideachtaibh seo ar bun
i dtíorthaibh eile, agus an rud is féidir linn-ne an rud céadna
do dhéanamh i n-Éirinn indiu?



Do bhí am ann i n-Éirinn fad ó, sul tháinig na
Sacsanaigh chum na tíre seo, nuair bhí na daoine ag cur
le chéile. Do bhideadh gach treibh no gach "clann" faoi
riaghail a n-uachtaráin féin, ag cur le chéile agus ag cómh-
oibriughadh. Bhí an talamh aca i gcoitchionn. Níor
fhéad aon fhear aca a chuid talmhana do dhíol, óir budh
leis an tréibh í agus d'oibrighidís le chéile ar na páircean-
naibh. Nuair gheobhadh fear bás, do roinn an tréibh a
talamh na measg féin dá mbeidh aon talamh ar leith
aige. Nuair gheobhadh an ceann cinidh, nó an t-uacht-
arán, bás, do roinntí talamh na tréibhe as an nuadh
i measg na ndaoine. Ní raibh seilbh ar leith ag duine
ar bith aca, mar atá indiu, acht amháin go h-annamh.
Acht tháinig na Sacsanaigh agus thugadar an talamh uile
d'uachtarán na tréibhe nó do'n tighearna mar atá
indiu, agus do sguir na daoine ó chómh-oibriughadh le
chéile mar do ghnídhís i bhfad ó shoin. Acht tá an cómh-
oibriughadh so ina gcuid fola agus ina gcuisleannaibh
fós, agus b'fhurasa iad do chur ag cabhrughadh le chéile
i n-Éirinn agus ag oibriughadh le chéile ar son miahte
na ndaoine mar bhí fad ó. Chailleamar na sean-
bhreitheamhain do bhíodh againn, agus chailleamar na sean-
dlighthe, acht buidheachas le Dia, níor chailleamar an
tsean-nádúir ná an tsean-theanga, agus taisbeánfamaoid
do'n tsaoghal fós nach bhfuil Éire marbh ar fad nach


L. 131


bhfuil a meisneach briste, agus nach bhfuil a croidhe
cráidhte. A chlann na h-Éireann, cuirigidh le chéile ar
son bhur máthar!



An Craoibhín Aoibhín

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services