Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Bhí na feisirí go gnóthach ag achrann le n-a chéile ins an bhFéis Sagsan Dia hAoine seo ghabh tharainn i dtaobh na tuairisge chuir Buller uaidh ar bhruighin Spíona Cop. Dubhairt cuid de na Feisirí gur mheas Rúnaire an Chogaidh i Lúnduin, a chur d'fhiachaibh ar Bhuller tuairisg eile ar an mbruighin úd do chur abhaile agus gan an fhírinne d'innsint 'na taobh, acht ní dhéanfadh Buller rud ar an Rúnaire Cogaidh. Do chéil an Riaghaltas an sgéal ar fad acht deir cuid dena páipéaraibh go bhfuil an fhírinne ann mar sin féin. Bíodh sin mar atá, ní hé bás na gcéadta do thuit annsúd, atá ag goilleamhaint ar chuid aca i Lúnduin, acht an cangcar atá ag ithe an chroidhe asta toisg nách bhfuil buaidhte fós aca ar na Bóraigh. Tá Pól ag baint an mhórdháil díobh. Tá sé le n-a dhorn beag feirmeóirí ag gabháil de chosaibh ionnta le seacht mí, agus do réir a n-áireamh féin, leag sé chúig mhíle fichead d'á bhfearaibh. D'á chómhartha sain is beag an iongnadh go bhfuil Seaghán ar buile, d'éis a chuid maoidhimh gurab é féin an fear ba threise ar domhan. Sgríobhann fear go bhfuil teist air, ins an "Uestminster Gasette" na seachtmhaine ghabh thart, go gcaithfear an iomad eile fear do sheóladh amach i gcás go mbeidh an oiread ann agus do mharbhóchaidh gach uile cheann de na Bóraigh bhochta agus go mbeidh a gcoirp 'na srathaibh ar na machairí. Deirthear go bhfuil céad míle go leith fear fá Roberts féin i mBloemfontein, agus céad míle eile 'na ndreamaibh agus 'na ndrongaibh annso agus annsúd ar fud na tíre úd, acht mar sin féin rinne Bota amadán de Roberts ar feadh an choichtíghis seo tharainn. Bhí na Bóraigh ag claoidh na Sasanach ag Bhepenner agus do chóirigh Roberts trí fichid míle fear chum iad do mheilt. Tháinig an sluagh mór úd 'na dtrí ronna chum na mBórach do thimcheallugadh agus do dhún Seaghán a leath- shúil go sásta. Acht ní fheacuighís oighre riamh ar sgata garsún ag imirt dallapúicín acht an sluagh mór úd Roberts. I n-ionad breith ar an mBórach bhíodar ag breith ar a chéile gidh go ndubhairt páipéir Shasana gur léirigh Roberts iad fá mar do ghníthear na fir ar chlár fithchille. Chonnaic stiúrthóirí na mBórach láithreach cuma cogaidh Roberts, deirthear gurab é Laoiseach Bota do thuig sé agus tá meas mór indiu air 'na thaobh. Bhuail an Bota so amach i gcoinnibh roinn d'arm Roberts agus chuir sé cómhrac ortha ag Tabanchú. Ní raibh aige acht sé mhíle fear do réir áireamh na Sasanach féin, agus chongaibh sé annsúd an ceannphort Rundle ar feadh seachtmhaine. Gidh go raibh fiche míle fear ag Rundle do b'éigean do fios do chur ar a thuilleadh conganta agus chuir Roberts deich míle eile chuige, acht níor b'éan mhaitheas é, ní leigfeadh Bota dhóibh dul órlach ar aghaidh. Throid sé leo ar feadh coicthíghis agus i gcionn na haimsire bhí dream eile de na Bórachaibh ag bailiúghadh lóin ins an gceanntar timcheall Bhepenner agus dhruideadar leo ó thuaidh go slán socair, agus d'árduigheadar leó a ngunnaí agus luach na mílte púnt de mhaoin Sheagháin. Tá Bota annsúd fós agus leig na Sasanaigh dó ar feadh seachtmhaine. Do mheath Roberts acht tá sé ar siúbhal arís. D'fhág sé féin Bhloemfontein fá dheireadh d'éis dhá mhí do chaitheamh dó annsúd 'gá ullmhughadh féin, agus dhruid sé ó thuaidh. Deir na Sasanaigh go bhfuil sé ar tí gnímh éigin do dhéanamh agus go mbeidh sé riachtanach ar Bhota druidim 'na choinnibh. Tá fir a dhóthain aige go háirighthe, agus gunnaí móra go leór, agus ní misde dhó é, mar thóg na Bóraigh uaidh aon ghunna mór déag ar feadh an mhí ghabh tharainn agus d'alpadar suas breis agus dhá mhíle d'á chuid fear. Dála Bhuller, tá an fear sain go suaimhneasach ins an Nátal le fada, agus na Bóraigh ag faire air. Cuirid siad aighneas air go minic acht tá fhios aige go bhfuil siad ag iarraidh é mhealladh leó suas i measg na gcnoc. A chuirptheacha, adeir sé leis fhéin, fuaras mo dhóthain uaibh cheana, fanfadh annso go gcorruighidh Roberts agus beithí ar siúbhal as mo shlíghe chum cosg do cur leis sin; go dtí sin tógfad-sa mo shuaimhneas. Fear breágh ciallmhar is eadh Buller. Tá sé annsúd, claiseacha déanta aige timcheall a longphoirt agus gunnaí móra suidhte ionnta, agus biadh agus deoch aige, agus aimsir chum codlata. Cad eile bhiadh ó dhuine. Fuair an fear so trioblóid go leór ag iarraidh an Fhuítigh d'fhuasgailt acht i n'aindeóin sin ní fhuil puinn measa ar a inntleacht
chum cogaidh. Is é Roberts an mádh maith fós agus má mheathann seisean béidh na sgaothairí ar tí é chrochadh. Conán Maol (An tseachtmhain seo chugainn béidh litir againn ó Phretória ó shaighdiúir atá ag troid ar thaoibh na mBórach)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services