Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Bhí na feisirí go gnóthach ag achrann le n-a chéile ins
an bhFéis Sagsan Dia hAoine seo ghabh tharainn i dtaobh
na tuairisge chuir Buller uaidh ar bhruighin Spíona Cop.
Dubhairt cuid de na Feisirí gur mheas Rúnaire an
Chogaidh i Lúnduin, a chur d'fhiachaibh ar Bhuller tuairisg
eile ar an mbruighin úd do chur abhaile agus gan an
fhírinne d'innsint 'na taobh, acht ní dhéanfadh Buller
rud ar an Rúnaire Cogaidh. Do chéil an Riaghaltas an
sgéal ar fad acht deir cuid dena páipéaraibh go bhfuil
an fhírinne ann mar sin féin. Bíodh sin mar atá, ní hé
bás na gcéadta do thuit annsúd, atá ag goilleamhaint
ar chuid aca i Lúnduin, acht an cangcar atá ag ithe
an chroidhe asta toisg nách bhfuil buaidhte fós aca ar
na Bóraigh. Tá Pól ag baint an mhórdháil díobh. Tá
sé le n-a dhorn beag feirmeóirí ag gabháil de chosaibh
ionnta le seacht mí, agus do réir a n-áireamh féin, leag
sé chúig mhíle fichead d'á bhfearaibh.



D'á chómhartha sain is beag an iongnadh go bhfuil
Seaghán ar buile, d'éis a chuid maoidhimh gurab é féin
an fear ba threise ar domhan. Sgríobhann fear go
bhfuil teist air, ins an "Uestminster Gasette" na
seachtmhaine ghabh thart, go gcaithfear an iomad eile
fear do sheóladh amach i gcás go mbeidh an oiread ann
agus do mharbhóchaidh gach uile cheann de na Bóraigh bhochta
agus go mbeidh a gcoirp 'na srathaibh ar na machairí.
Deirthear go bhfuil céad míle go leith fear fá Roberts
féin i mBloemfontein, agus céad míle eile 'na ndreamaibh
agus 'na ndrongaibh annso agus annsúd ar fud na tíre úd, acht
mar sin féin rinne Bota amadán de Roberts ar feadh
an choichtíghis seo tharainn.



Bhí na Bóraigh ag claoidh na Sasanach ag Bhepenner
agus do chóirigh Roberts trí fichid míle fear chum iad do
mheilt. Tháinig an sluagh mór úd 'na dtrí ronna chum
na mBórach do thimcheallugadh agus do dhún Seaghán a leath-
shúil go sásta. Acht ní fheacuighís oighre riamh ar sgata
garsún ag imirt dallapúicín acht an sluagh mór úd
Roberts. I n-ionad breith ar an mBórach bhíodar ag
breith ar a chéile gidh go ndubhairt páipéir Shasana gur
léirigh Roberts iad fá mar do ghníthear na fir ar
chlár fithchille.



Chonnaic stiúrthóirí na mBórach láithreach cuma cogaidh
Roberts, deirthear gurab é Laoiseach Bota do thuig sé
agus tá meas mór indiu air 'na thaobh. Bhuail an Bota so
amach i gcoinnibh roinn d'arm Roberts agus chuir sé
cómhrac ortha ag Tabanchú. Ní raibh aige acht sé mhíle
fear do réir áireamh na Sasanach féin, agus chongaibh sé
annsúd an ceannphort Rundle ar feadh seachtmhaine.
Gidh go raibh fiche míle fear ag Rundle do b'éigean
do fios do chur ar a thuilleadh conganta agus chuir
Roberts deich míle eile chuige, acht níor b'éan
mhaitheas é, ní leigfeadh Bota dhóibh dul órlach ar aghaidh.
Throid sé leo ar feadh coicthíghis agus i gcionn na haimsire
bhí dream eile de na Bórachaibh ag bailiúghadh lóin ins
an gceanntar timcheall Bhepenner agus dhruideadar leo
ó thuaidh go slán socair, agus d'árduigheadar leó a
ngunnaí agus luach na mílte púnt de mhaoin Sheagháin. Tá
Bota annsúd fós agus leig na Sasanaigh dó ar feadh
seachtmhaine.



Do mheath Roberts acht tá sé ar siúbhal arís. D'fhág
sé féin Bhloemfontein fá dheireadh d'éis dhá mhí do
chaitheamh dó annsúd 'gá ullmhughadh féin, agus dhruid sé ó
thuaidh. Deir na Sasanaigh go bhfuil sé ar tí gnímh éigin
do dhéanamh agus go mbeidh sé riachtanach ar Bhota druidim
'na choinnibh. Tá fir a dhóthain aige go háirighthe, agus
gunnaí móra go leór, agus ní misde dhó é, mar thóg na
Bóraigh uaidh aon ghunna mór déag ar feadh an mhí ghabh
tharainn agus d'alpadar suas breis agus dhá mhíle d'á chuid
fear.



Dála Bhuller, tá an fear sain go suaimhneasach ins
an Nátal le fada, agus na Bóraigh ag faire air.
Cuirid siad aighneas air go minic acht tá fhios aige go
bhfuil siad ag iarraidh é mhealladh leó suas i measg na
gcnoc. A chuirptheacha, adeir sé leis fhéin, fuaras
mo dhóthain uaibh cheana, fanfadh annso go gcorruighidh
Roberts agus beithí ar siúbhal as mo shlíghe chum cosg do
cur leis sin; go dtí sin tógfad-sa mo shuaimhneas.
Fear breágh ciallmhar is eadh Buller. Tá sé annsúd,
claiseacha déanta aige timcheall a longphoirt agus gunnaí
móra suidhte ionnta, agus biadh agus deoch aige, agus aimsir chum
codlata. Cad eile bhiadh ó dhuine. Fuair an fear so
trioblóid go leór ag iarraidh an Fhuítigh d'fhuasgailt
acht i n'aindeóin sin ní fhuil puinn measa ar a inntleacht


L. 130


chum cogaidh. Is é Roberts an mádh maith fós agus má
mheathann seisean béidh na sgaothairí ar tí é chrochadh.



Conán Maol



(An tseachtmhain seo chugainn béidh litir againn ó
Phretória ó shaighdiúir atá ag troid ar thaoibh na
mBórach)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services