Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Is cosamhail le bramach teasbamhail Pól an aimsir seo. Tá sé ag léimrigh as a chroiceann dia amuich de Bhloemfontein agus ag glaodhadh ar Roberts teacht amach chum troda leis acht níor chorruigh Roberts cos fós. Ní fhuil ag Roberts acht deichneabhar i gcoinnibh gach aon Bhorach agus deirthear go bhfuil sé ag fanamhaint na shuaimhneas go mbeidh a thuilleadh aige. Pé sgéal é tá sé annsúd le chúig sheachtmhaine agus tá muintir Shasana go neamhfhoidneach ag feitheamh le sgéala go bhfuil sé ag druidim ar aghaidh. Tá páipéir Lúnduin cheana féin ag croma ar amhastraigh air, agus má's maith leis bheith buan tá sé riachtanach air beart éigin do dhéanadh, acht má mheathann sé ní gábhadh dhó a leathsgéal féin dho ghabháil mar ní thugfar uaidh é. Féach Buller bocht, do b'iongantach an fear é sin tá rátha ó shoin. Ní raibh a léitheid le fághail ar druim an domhain, dar leis na sgaothairí, acht mar gur ghabh Ioubert air, deir Roberts nách bhfuil aon mhaitheas ann. Go deimhin agus go dearbhtha is náireach an gnó de chinn an airm bheith ag cur milleáin ar a chéile mar táid le tamall. Chuir Buller tuairisg uaidh an tseachtmhain seo ghabh thart ag trácht ar Spion Cop mar ar briseadh ar na Sasanaigh, agus dubhairt sé gurab é Uarren do chaill an lá; dubhairt Uarren 'na thuairisg féin gur ar fhear eile bhí an locht, agus cuireann Roberts colg ar féin do nós coilig agus deireas gur dream gan inntin iad uile go léir. Tá na páipéir go gnóthach ag cur agus ag cúiteamh ar an sgéal acht is é deir Pól, "go mba seacht bfeárr go bheidh sibh ar an mbliadhain seo chúgainn." Deir tuarasgóir páipéir i Nua Eabhrac go bhfeacaidh sé an bhruighean úd Spionn Cip agus nách raibh i gcoinnibh dhá mhíle go leith Sasanach acht cheithre chéad Bórach agus Laoireach Bota ar a gceann. Tá an laoch so 'na thaoiseach ar na Bóraigh anois. Eireannach is eadh a bhean, Emmet a hainm sloinneadh. Tá baile beag dia theas de Roberts, Bhepenner is ainm dó. Tá dream saighdiúirí annsúd i gclaiseacha agus na Bóraigh ag gabháil dóibh ar feadh deich lá. Ní fhuil sé acht aisdear dhá lá ó Roberts agus chuir sé deich míle fear chum a bhfuasgailt, acht níor shroich- eadar iad fós. Táid siad ag druidim ag aghaidh go mall mar tá eagla na mBórach ortha, agus muna bhfuil sé i gcumas Roberts fóirithin do thabhairt ar an mbaile mbeag úd tá sé chómh maith aige a bhóthar do thabhairt air a bhaile. Ceapann a lán go bhfuil na Bóraigh i gcontabhairt annsúd toisg go bhfuil Roberts dia thuaidh díobh, ceannphort eile dia theas díobh agus ceann eile dia thoir díobh. Tá na Bóraigh dhána go muinigh- neach. Olibhier, an Blácach, agus De Bhet ar a gceann. Fairigh sibh féin a bhuachaillí ní fhuil ionnaibh acht dream beag laoch, agus na mílte fear ag Roberts ag bhur dtí. Bhuail an tighearna Rosslin agus dorn saighdiúirí le n-a chois, tarsna na háite úd an lá eile. Bhí sé ar a shlighe ó'n Natal go Bloemfontein agus dar leis bhí na Bóraigh glanta as an gceanntar úd ag Roberts an gnímh, acht níor mhothuigh an duine bocht pioc gur tháinig drong acu ag cos-in-áirde timcheall air. Fear borb is eadh é. "Cad tá uaibh-se?" ar seisean, "nách linn-ne an tír so anois!" "Ná bí ag caint, tá deabhadh orainn, buail mar so," ar an Bórach go mánla. "Ní ghéillfead go bráth," ar Rosslin, go bladhmannach. D'fhéach an Bórach air, "níor bh'áil leat fuinneóg id' chorp, is dócha?" ar seisean, agus lean Rosslin agus a chómh- luadar é go mín. Táid siad ar lóisdín ag Pól. Is beag lá ná bíonn beirt nó triúr fuadaighthe ar an gcuma so, agus is minic do thuiteann fear bocht le piléir. Chrom na Bóraigh ar stealladh philéar agus sleagáin buile isteach i Longphórt Bhulleir ins an Natál an lá eile sul a raibh a aghaidh nighte aige, agus leagadar beagán d'á chuid fear agus capall acht tá taithíghe mhaith ag Buller ar an gcleas sain anois. Taid siad ag caint i nAmericá go gcuirfid siad cosg leis an gcoga so, acht tá dóchas ag Seaghan as a charaid Mac Fhionnlaoigh, agus má's féidir leis an uach- darán sain ní chuirfidh sé isteach ar Sheaghán. Deir cuid aca thall go gcuirfear an rith ar Mhac Fhionnlaoigh ins an togha so chúgainn i mí na Samhna, agus má's eól do Phól, agus a shluagh beag seasamh go dtí sin, go mbeidh sgéal nua ag Seaghan. "Mí na Samhna, arú!" deir Pól, "beidh Seaghan tnáite agamsa abhfad roimhe sin." Dá thréine Pól is deacair dó troid i gcoinnibh fiche fear, agus cuid mhaith aca so Éireannach, sgiath na Sasanach.
Tá an sgiath beag nách brisde anois; tá puill innte chuir Seaghán i gcomhnuidhe ar tosach í, agus mhill gunna geárr an Bhoraigh í. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services