Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Is cosamhail le bramach teasbamhail Pól an aimsir
seo. Tá sé ag léimrigh as a chroiceann dia amuich de
Bhloemfontein agus ag glaodhadh ar Roberts teacht amach
chum troda leis acht níor chorruigh Roberts cos fós.
Ní fhuil ag Roberts acht deichneabhar i gcoinnibh gach
aon Bhorach agus deirthear go bhfuil sé ag fanamhaint
na shuaimhneas go mbeidh a thuilleadh aige. Pé sgéal
é tá sé annsúd le chúig sheachtmhaine agus tá muintir
Shasana go neamhfhoidneach ag feitheamh le sgéala go bhfuil
sé ag druidim ar aghaidh. Tá páipéir Lúnduin cheana
féin ag croma ar amhastraigh air, agus má's maith leis bheith
buan tá sé riachtanach air beart éigin do dhéanadh, acht
má mheathann sé ní gábhadh dhó a leathsgéal féin dho
ghabháil mar ní thugfar uaidh é.



Féach Buller bocht, do b'iongantach an fear é sin tá
rátha ó shoin. Ní raibh a léitheid le fághail ar druim
an domhain, dar leis na sgaothairí, acht mar gur
ghabh Ioubert air, deir Roberts nách bhfuil aon mhaitheas
ann. Go deimhin agus go dearbhtha is náireach an gnó de
chinn an airm bheith ag cur milleáin ar a chéile mar táid
le tamall. Chuir Buller tuairisg uaidh an tseachtmhain
seo ghabh thart ag trácht ar Spion Cop mar ar briseadh
ar na Sasanaigh, agus dubhairt sé gurab é Uarren do chaill
an lá; dubhairt Uarren 'na thuairisg féin gur ar fhear
eile bhí an locht, agus cuireann Roberts colg ar féin do
nós coilig agus deireas gur dream gan inntin iad uile
go léir. Tá na páipéir go gnóthach ag cur agus ag
cúiteamh ar an sgéal acht is é deir Pól, "go mba
seacht bfeárr go bheidh sibh ar an mbliadhain seo chúgainn."
Deir tuarasgóir páipéir i Nua Eabhrac go bhfeacaidh
sé an bhruighean úd Spionn Cip agus nách raibh i gcoinnibh
dhá mhíle go leith Sasanach acht cheithre chéad Bórach agus
Laoireach Bota ar a gceann. Tá an laoch so 'na
thaoiseach ar na Bóraigh anois. Eireannach is eadh a
bhean, Emmet a hainm sloinneadh.



Tá baile beag dia theas de Roberts, Bhepenner is
ainm dó. Tá dream saighdiúirí annsúd i gclaiseacha
agus na Bóraigh ag gabháil dóibh ar feadh deich lá. Ní
fhuil sé acht aisdear dhá lá ó Roberts agus chuir sé
deich míle fear chum a bhfuasgailt, acht níor shroich-
eadar iad fós. Táid siad ag druidim ag aghaidh go
mall mar tá eagla na mBórach ortha, agus muna bhfuil sé
i gcumas Roberts fóirithin do thabhairt ar an mbaile
mbeag úd tá sé chómh maith aige a bhóthar do thabhairt
air a bhaile. Ceapann a lán go bhfuil na Bóraigh i
gcontabhairt annsúd toisg go bhfuil Roberts dia
thuaidh díobh, ceannphort eile dia theas díobh agus ceann
eile dia thoir díobh. Tá na Bóraigh dhána go muinigh-
neach. Olibhier, an Blácach, agus De Bhet ar a gceann.
Fairigh sibh féin a bhuachaillí ní fhuil ionnaibh acht dream
beag laoch, agus na mílte fear ag Roberts ag bhur dtí.



Bhuail an tighearna Rosslin agus dorn saighdiúirí le n-a
chois, tarsna na háite úd an lá eile. Bhí sé ar a
shlighe ó'n Natal go Bloemfontein agus dar leis bhí na
Bóraigh glanta as an gceanntar úd ag Roberts an
gnímh, acht níor mhothuigh an duine bocht pioc gur tháinig
drong acu ag cos-in-áirde timcheall air. Fear borb
is eadh é. "Cad tá uaibh-se?" ar seisean, "nách
linn-ne an tír so anois!" "Ná bí ag caint, tá
deabhadh orainn, buail mar so," ar an Bórach go mánla.
"Ní ghéillfead go bráth," ar Rosslin, go bladhmannach.
D'fhéach an Bórach air, "níor bh'áil leat fuinneóg id'
chorp, is dócha?" ar seisean, agus lean Rosslin agus a chómh-
luadar é go mín. Táid siad ar lóisdín ag Pól. Is
beag lá ná bíonn beirt nó triúr fuadaighthe ar an
gcuma so, agus is minic do thuiteann fear bocht le piléir.
Chrom na Bóraigh ar stealladh philéar agus sleagáin buile
isteach i Longphórt Bhulleir ins an Natál an lá eile sul
a raibh a aghaidh nighte aige, agus leagadar beagán d'á
chuid fear agus capall acht tá taithíghe mhaith ag Buller ar
an gcleas sain anois.



Taid siad ag caint i nAmericá go gcuirfid siad
cosg leis an gcoga so, acht tá dóchas ag Seaghan as a
charaid Mac Fhionnlaoigh, agus má's féidir leis an uach-
darán sain ní chuirfidh sé isteach ar Sheaghán. Deir
cuid aca thall go gcuirfear an rith ar Mhac Fhionnlaoigh
ins an togha so chúgainn i mí na Samhna, agus má's eól do
Phól, agus a shluagh beag seasamh go dtí sin, go mbeidh
sgéal nua ag Seaghan. "Mí na Samhna, arú!" deir
Pól, "beidh Seaghan tnáite agamsa abhfad roimhe sin."
Dá thréine Pól is deacair dó troid i gcoinnibh fiche
fear, agus cuid mhaith aca so Éireannach, sgiath na Sasanach.


L. 98


Tá an sgiath beag nách brisde anois; tá puill innte
chuir Seaghán i gcomhnuidhe ar tosach í, agus mhill gunna
geárr an Bhoraigh í.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services