Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Airgiod Saor
Title
Airgiod Saor
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Airgiod Saor Caithfimíd fheiceál anois cad é an chaoi chuireann na daoine féin bancanna ar bonn dóibh féin, insna h-áiteachaibh sin a bhfuil na daoine go bocht ionnta, agus a bhfuil an t-airgead gann. Is le cómh-oibriughadh deuntar é. Nuair théidheann mórán daoine le chéile i n-aon chuideachta amháin, is féidir leó sochair agus buntáis- tidhe móra fhagháil, nach bhfeudfadh siad fhághail chor ar bith, dá mbeidheadh siad ag obair h-uile duine aca 'na aonar leis féin, agus ar a shon féin amháin. Acht má ghnidheann siad cuideachta dhíobh féin, agus má gheallann an chuideachta sin go n-íocfaidh sí h-uile sgillinn bhéidheas uirri, agus má tá gach uile dhuine insan gcuideachta síos le fiachaibh na cuideachta, is féidir leó airgiod fhághail go réidh, is é sin airgiod cheannach i margadh-an- airgid ar bheagán costais. Is féidir leó annsin, nuair bheidheas an t-airgiod aca, an t-airgiod céadna do thabhairt d'á chéile agus do roinnt 'na measg féin do réir mar bheidheas sé ag teastál; agus cibé aca féin gheobhas chuid de'n airgiod so ó'n gcuideachta, íocfaidh an fear sin do'n chuideachta rud-beag níos mó 'ná d'íoc an chuideachta ar son an airgid. Agus íocfaidh an difir bheag so aon chosdas bhéidheas ar an gcui- deachta agus má tá aon rud d'á bhárr aca cuirfidhear é i dtaisge. Is féidir leis an gcuideachta céad púnta fhághail ar iasacht má íocann sí ceithre nó cúig púnta ann san mbliadhain ar a shon. Agus an t-airgiod fuair sí féin ar idir cheithre agus cúig púnta san mbliadhain bhéarfaidh sí amach arís d'á daoinibh féin é ar sé púnta insan gcéad san mbliadhain. Acht nuair bheidheas an chuideachta agus a banc beag féin tamal ar bun, agus nuair bhéidheas eólas níos fearr air, féadfaidh sí an t-airgiod fhághail agus é thabhairt amach arís, níos saoire 'ná sin. Áit ar bith a mbíonn cuideachta mar sin ag obair. Imthigheann gaimbíneacht agus úsuireacht as an áit sin. Cuideachta na ndaoine féin as son na ndaoine féin iad. Ní'l acht aon ghuth agus aon bhóta amháin ag h-uile dhuine i stiúrugadh na cuideachta i dtoghadh an rúin- chléirigh agus an éisteóra agus na n-oifigeach eile. Budh chóir do lucht-stiúraighthe na cuideachta bheith ar na daoinibh is tuigsionach is ciallmhaire agus is measamhla d'á bhfuil san gcomann, mar tá obair dheacrach orra; is iad a leigheas isteach baill úra, a bheireas airgiod i n-iasacht do na daoinibh, agus a shocruigheas cia an ráta bhéarfaidh siad an t-airgiod amach air. Ó nach bhfuil barántas ar bith chomh maith i súilibh an tsluaigh le deagh-cháil agus measamhlacht, níor chóir aon duine do leigean isteach san gcuideachta acht duine a bhfuil cáil air go bhfuil sé cneasta macánta geana- mhail agus réidh le oibriughadh. Má tá an cháil seo ar mhuinntir na cuideachta, trustóchaidh daoine eile iad. Níor chóir duine dosguightheach sgapuightheach do leigean isteach ar aon chor. Ní dhéanfaidh an banc aon obair taobh amuigh de'n pháráiste ná de'n cheanntar ann a bhfuil sé. Béidh aithne ar lucht-stiúraighthe an bhanca ar h-uile dhuine ann a gcómharsanacht féin agus béidh fhios aca i dtaoibh gach duine má's duine ceart é le leigean isteach. Is baoghalach an rud é strainséaraidhe nach cómhnuigheann insan bparáiste do leigean isteach, agus níor chóir aon rud do dhéanamh a bhfuil baoghal air. Íocfaidh h-uile dhuine léighthear isteach san gcuideachta sé pighne. Cuir i gcás anois go bhfuil an banc ar bonn agus go bhfuil an t-airgead aige (ceannóchaidh an banc an t-airgead ar cheithre nó ar chúig rúnta san mbliadhain insan gcéad), ní fada go dtiucfaidh daoine a bhfuil easbhuidh airgid orra ag iarraidh airgid ar lucht-stiúr- aighthe an bhanca. Ní thiúbhraidh lucht-stiúraighthe an bhanca pighin ar bith acht do na daoinibh atá insan gcuideachta. Is iad féin do leig isteach insan gcuideachta iad, agus tá aithne aca orra agus is féidir leó a dtrostughadh. Caithfidh an duine atá ag iarraidh an airgid innseacht do lucht an bhanca cia an fáth bhfuil sé ag teastál uaidh, cad tá sé dul a dheunamh leis, agus cá fhada bhéidh sé sul íocaidh sé ar ais é. Muna féidir leis a chrothughadh do lucht an bhanca go mbainfidh sé sochar maith as an airgiod, no go seachnóchaidh sé caill mhór má fhághann sé é, ní thiubhraidh siad dó é. Caithfidh sé dul na bhannuidhe go leagfaidh sé amach an t-airgiod go haireach ar an rud adéir sé leis an mbanc, agus muna measann an banc gur fíor dhó agus go mbainfidh sé sochar as, agus go bhféadfaidh sé an t-airgiod íoc ar ais, ní thiubhraidh siad dó é. Acht má mheasann an banc gur fiór dó agus go bhféadfaidh sé sochar as an airgiod, bhéarfaidh siad dó é, agus deunfaidh sé a mhargadh agus a chonnradh féin i dtaoibh an ama bhéarfas sé ar ais é. Bhéarfaidh an banc a am féin dó. Cuir i gcás go bhfuil sé dul bainbh do cheannach leis an airgiod, ní cóir an t-airgiod d'éiliughadh air go mbéidh na bainbh 'na mucaibh móra agus go mbéidh siad díolta aige. Má thugann sé an t-airgiod ar ais, leis agus leis, ní íocfaidh sé an ráta acht ar an méad airgid bhéidheas ann a sheilbh féin ó mhí go mí. Cuir a gcás go bfuair sé cúig phúnta ón mbanca, agus go dtugann sé ar ais púnta h-uile mhí, íocfaidh sé an ráta ar chúig phúnta an céad- mhí, ar cheithri púnta an dara mí, ar trí phúnta an tríomhadh mí, ar dhá phúnta an ceathramhadh mí agus ar aon phúnta amháin an cúigeadh mí. Ní baintear ráta an airgid roimh-lámh ó'n bhfear gheobhas é, acht thig
leis an ráta íoc nuair atá sé ag tabhairt ar ais an airgid dheireannaigh. Is é an ráta gnáthach timchioll pighin agus feóirling ar son púnta h-uile mhí agus nach saor sin? agus nach mór an mhaith do'n fheilméar airgiod d'fhághail chomh saor sin. Béidh beagán eile agam le rádh ar na bancannaibh seo i bpáipéar eile.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services