Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Airgiod Saor

Title
Airgiod Saor
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Airgiod Saor



Caithfimíd fheiceál anois cad é an chaoi chuireann na
daoine féin bancanna ar bonn dóibh féin, insna
h-áiteachaibh sin a bhfuil na daoine go bocht ionnta, agus
a bhfuil an t-airgead gann. Is le cómh-oibriughadh
deuntar é. Nuair théidheann mórán daoine le chéile i
n-aon chuideachta amháin, is féidir leó sochair agus buntáis-
tidhe móra fhagháil, nach bhfeudfadh siad fhághail chor ar
bith, dá mbeidheadh siad ag obair h-uile duine aca 'na
aonar leis féin, agus ar a shon féin amháin. Acht má
ghnidheann siad cuideachta dhíobh féin, agus má gheallann an
chuideachta sin go n-íocfaidh sí h-uile sgillinn bhéidheas
uirri, agus má tá gach uile dhuine insan gcuideachta
síos le fiachaibh na cuideachta, is féidir leó airgiod
fhághail go réidh, is é sin airgiod cheannach i margadh-an-
airgid ar bheagán costais. Is féidir leó annsin,
nuair bheidheas an t-airgiod aca, an t-airgiod céadna
do thabhairt d'á chéile agus do roinnt 'na measg féin do
réir mar bheidheas sé ag teastál; agus cibé aca féin
gheobhas chuid de'n airgiod so ó'n gcuideachta, íocfaidh
an fear sin do'n chuideachta rud-beag níos mó 'ná
d'íoc an chuideachta ar son an airgid. Agus íocfaidh
an difir bheag so aon chosdas bhéidheas ar an gcui-
deachta agus má tá aon rud d'á bhárr aca cuirfidhear é
i dtaisge. Is féidir leis an gcuideachta céad púnta
fhághail ar iasacht má íocann sí ceithre nó cúig púnta
ann san mbliadhain ar a shon. Agus an t-airgiod fuair
sí féin ar idir cheithre agus cúig púnta san mbliadhain
bhéarfaidh sí amach arís d'á daoinibh féin é ar sé púnta
insan gcéad san mbliadhain. Acht nuair bheidheas an
chuideachta agus a banc beag féin tamal ar bun, agus nuair
bhéidheas eólas níos fearr air, féadfaidh sí an t-airgiod
fhághail agus é thabhairt amach arís, níos saoire 'ná sin.



Áit ar bith a mbíonn cuideachta mar sin ag obair.
Imthigheann gaimbíneacht agus úsuireacht as an áit sin.
Cuideachta na ndaoine féin as son na ndaoine féin
iad. Ní'l acht aon ghuth agus aon bhóta amháin ag h-uile
dhuine i stiúrugadh na cuideachta i dtoghadh an rúin-
chléirigh agus an éisteóra agus na n-oifigeach eile. Budh chóir
do lucht-stiúraighthe na cuideachta bheith ar na daoinibh
is tuigsionach is ciallmhaire agus is measamhla d'á bhfuil
san gcomann, mar tá obair dheacrach orra; is iad a
leigheas isteach baill úra, a bheireas airgiod i n-iasacht
do na daoinibh, agus a shocruigheas cia an ráta bhéarfaidh
siad an t-airgiod amach air.



Ó nach bhfuil barántas ar bith chomh maith i súilibh an
tsluaigh le deagh-cháil agus measamhlacht, níor chóir aon
duine do leigean isteach san gcuideachta acht duine
a bhfuil cáil air go bhfuil sé cneasta macánta geana-
mhail agus réidh le oibriughadh. Má tá an cháil seo ar
mhuinntir na cuideachta, trustóchaidh daoine eile iad.
Níor chóir duine dosguightheach sgapuightheach do leigean
isteach ar aon chor. Ní dhéanfaidh an banc aon obair
taobh amuigh de'n pháráiste ná de'n cheanntar ann a
bhfuil sé. Béidh aithne ar lucht-stiúraighthe an bhanca
ar h-uile dhuine ann a gcómharsanacht féin agus béidh fhios
aca i dtaoibh gach duine má's duine ceart é le leigean
isteach. Is baoghalach an rud é strainséaraidhe nach
cómhnuigheann insan bparáiste do leigean isteach, agus
níor chóir aon rud do dhéanamh a bhfuil baoghal air.
Íocfaidh h-uile dhuine léighthear isteach san gcuideachta
sé pighne.



Cuir i gcás anois go bhfuil an banc ar bonn agus go
bhfuil an t-airgead aige (ceannóchaidh an banc an
t-airgead ar cheithre nó ar chúig rúnta san mbliadhain
insan gcéad), ní fada go dtiucfaidh daoine a bhfuil
easbhuidh airgid orra ag iarraidh airgid ar lucht-stiúr-
aighthe an bhanca. Ní thiúbhraidh lucht-stiúraighthe an
bhanca pighin ar bith acht do na daoinibh atá insan
gcuideachta. Is iad féin do leig isteach insan
gcuideachta iad, agus tá aithne aca orra agus is féidir leó
a dtrostughadh. Caithfidh an duine atá ag iarraidh an
airgid innseacht do lucht an bhanca cia an fáth bhfuil sé
ag teastál uaidh, cad tá sé dul a dheunamh leis, agus cá
fhada bhéidh sé sul íocaidh sé ar ais é. Muna féidir
leis a chrothughadh do lucht an bhanca go mbainfidh sé
sochar maith as an airgiod, no go seachnóchaidh sé caill
mhór má fhághann sé é, ní thiubhraidh siad dó é. Caithfidh
sé dul na bhannuidhe go leagfaidh sé amach an t-airgiod
go haireach ar an rud adéir sé leis an mbanc, agus muna
measann an banc gur fíor dhó agus go mbainfidh sé
sochar as, agus go bhféadfaidh sé an t-airgiod íoc ar ais,
ní thiubhraidh siad dó é. Acht má mheasann an banc gur
fiór dó agus go bhféadfaidh sé sochar as an airgiod,
bhéarfaidh siad dó é, agus deunfaidh sé a mhargadh agus a
chonnradh féin i dtaoibh an ama bhéarfas sé ar ais é.
Bhéarfaidh an banc a am féin dó. Cuir i gcás go
bhfuil sé dul bainbh do cheannach leis an airgiod, ní cóir
an t-airgiod d'éiliughadh air go mbéidh na bainbh 'na
mucaibh móra agus go mbéidh siad díolta aige. Má
thugann sé an t-airgiod ar ais, leis agus leis, ní íocfaidh
sé an ráta acht ar an méad airgid bhéidheas ann a sheilbh
féin ó mhí go mí. Cuir a gcás go bfuair sé cúig
phúnta ón mbanca, agus go dtugann sé ar ais púnta
h-uile mhí, íocfaidh sé an ráta ar chúig phúnta an céad-
mhí, ar cheithri púnta an dara mí, ar trí phúnta an
tríomhadh mí, ar dhá phúnta an ceathramhadh mí agus ar
aon phúnta amháin an cúigeadh mí. Ní baintear
ráta an airgid roimh-lámh ó'n bhfear gheobhas é, acht thig


L. 67


leis an ráta íoc nuair atá sé ag tabhairt ar ais an
airgid dheireannaigh. Is é an ráta gnáthach timchioll
pighin agus feóirling ar son púnta h-uile mhí agus nach saor
sin? agus nach mór an mhaith do'n fheilméar airgiod d'fhághail
chomh saor sin. Béidh beagán eile agam le rádh ar na
bancannaibh seo i bpáipéar eile.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services