Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Nách trom an dá bhuile do bhuail Pól ar Sheághan i n-aon tseachtmhain amháin. Bhuail sé pléasg 'sa tsróin air ag Coorn Spruit agus pléasg eile ag Rudders- berg an tseachtmhain seo ghabh thart agus bhí cuingcín Sheagháin bhoicht ag sileadh na fola agus réiltíní ag teacht as a shúilibh d'éis na mbuillí úd. Is ciallmhar an dream muintir na bpáipéar. Ní raibh ag Roberts, dar leo, acht a chapaill do ghléasadh agus a thrucaillí do líonadh le biadh agus deoch agus seóladh leis air a shuaimhneas suas go dtí Pretória agus brat Shasana d'árdughadh ar chuaille ann. Dubhairt a lán go mbiadh sé ag Pretória Domhnach Cásga, acht deireadh a thuilleadh ná biadh sé ann go Domhnach na Cogarnaighe - sé sin an Domhnach i ndiaidh na Cáisge. Tá sé trí chéad míle ó Phretoria agus tá Pól agus a dhream beag Bóracha ar an mbóthar ag feitheamh leis. Nuair nár chorruigh Roberts as Bloemfontein, bhris ar an bhfoidhne ag Pól agus bhí comhairle cogaidh aige féin agus a thaoiseacha ag Croonstadt. Dá mbeitheá thall do chífeá dhá mhíle fear ag siúbhal na hoidhche tarsna na machairí ins an Saor-Stát a n-aghaidh ó dheas ar Bhloemfontein. Bhí Olibhier ann do rinne an ghluaiseacht iongantach ó Thír na Rinne ó thuaidh go Croonstadt, d'aindeóin Roberts, bhí De Bhet agus Grobelár ann, agus an Blácach calma, Éireannach anall ó Americá, agus drong Éireannach atá ag cabhrughadh le Pól. Seachnaidh a bhuachaillí, tá an Sasanach na shuidhe ag Tabanchú. Is é an fear céadna atá uainn, adeir siad. Bhuail an Sasanach leo, Broaduood is ainm dó, bhí teist mhór air acht is beag le páipéir Lúnduin anois é. Roinneadar na Bóraigh iad féin 'na ndreamaibh agus thángadar air ó gach áird i gcás gur shílligh sé go raibh na mílte ag teacht air. Chuir sé sgéala chum Roberts go raibh deich míle Borach ar a thí agus dubhairt seisean leis druidim ar gcúl uatha go gcuirfeadh sé féin congnamh chuige. Throid Broaduood leó acht do b'éigean dó teicheadh, bhí dhá ghunna mór déag aige agus chúig chéad déag fear, agus dhá chéad trucall-lóin. Tiomáineann garsúin ar an dtuath caoirigh isteach go cró ar an gcuma so, caithid méaróg cloiche roimh na caoirigh, méaróg dia thiar dhíobh, méaróg thársa, go mbailíghid mar sin na caoirigh i dteannta chéile isteach 'sa chró. Ba chosmhail an cleas úd na mBórach leis an gcuma do chuirimís caora isteach a gcro. Tá log 'sa bhóthar úd go ngoirthear Coorn Spruit air, glaise nó srutháinín uisge ag sileadh thríd. Níor fhéach na Sasanaigh rómpa. Cad chuige? Bhí na Bóraigh ghránna dtaobh thiar díobh agus Broaduood agus cuid d'á shluagh ag caitheamh leo. Tá faitchíos ortha teacht ró-chómhgarach dúinn adeir sé leis féin, acht Dia linn cad é an glór so ar ár dtosach? Bhéic na ngunnaí gearra, mar bhí dream Bórach agus Blácach agus a Éireannaigh annsúd sinte ar a mbolgaibh, i bhfoirm crúdh chapaill agus ní fheacaidh na Sasanaigh pioc díobh gur bhris an lasair amach ortha. Léim na capaill anuas ar a chéile, spriuch na múilí, chuaidh na trucaillí i n-achrann dá chéile, thuit na fir bhochta fá chosaibh na gcapall cuid acu gonta agus a thuilleadh marbh, agus bhíodar go léir measgaighthe láithreach. "Géillidh!" ar ceannphort na mBórach mar tháinig cradhsgal air bheith gá marbhadh. Ghéill cheithre chéad acu, agus bhí suas le dhá chéad ar lár i measg na gcapall marbh, agus do theich an chuid eile. Thóg na Bóraigh leo cheithre chéad agus na capaill shlána, an lón go léir agus seacht ngunna mór. Chuir Roberts sluagh mór gan mhoill ar a dtóir, fá an bhFrinseach agus Colbhille, agus thánga- dar so go saothrach agus go hallusach tarsna na machairí le súil go mbéarfaidís ar na Bóraigh. "Ní gábhadh díbh an fuadar," ar na Bóraigh, "támuid ag feitheamh libh," agus bhíodar leis mar do shuidheadar ar chnocán cois Tobair mhór Bhloemfontein, acht thóg dream acu leo gunnaí móra Sheághain, agus a chuid fear go Pretoria mar a bhfuilid go socair. Chrom Colbille agus an Frínseach ar shleagáin do stealladh leo acht d'fhreagair na Bóraigh iad go dán, agus do b'éigean dóibh filleadh ar n-ais a gcuaird i n-aisdear. Do gheárr na Bóraigh na píobaí iarainn do thugadh uisge ó'n dTobar mór go Bloemfontein, agus beidh sé riachtanach ar Roberts uisge d'fhághail i n-áit éigin eile mar tá na Bóraigh ag an dTobar mór fós. Dhruid dream eile acu ó dheas go Ruddersberg mar a raibh sé chéad de shaighdiúirí Roberts ag faire
ar an mbóthar iarainn, agus do thógadar leó iad fá mar do thógfadh fiolair uain. Tá páipéir Lúnduin cheana féin ag tosnúghadh ar chúlchaint ar Roberts. Ní raibh aon fhear fá'n spéir mar é tá coicthigheas ó shoin. Brostuigh ort a Roberts, tá slat 'ga leasúghadh dhuit i Sasana. Cad é an mhaitheas dom adeir Seághan, dhá chéad míle fear do bheith agam thall agus na Bóraigh bheith ionán cleasa mar so d'imirt orm? Tá aon dóchas amháin againn adeir Cormac Uilliams ag sgríobhadh ins an "Morning Leader", "ní fhuil ag Pól acht fiche míle fear agus ní féidir dóibh sin go léir bheith ag troid i gcómhnuidhe." Nách truaghmhéileach an fear Seághan! Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services