Cúrsaidhe an tSaoghail
Tar Lear
Nách trom an dá bhuile do bhuail Pól ar Sheághan
i n-aon tseachtmhain amháin. Bhuail sé pléasg 'sa
tsróin air ag Coorn Spruit agus pléasg eile ag Rudders-
berg an tseachtmhain seo ghabh thart agus bhí cuingcín
Sheagháin bhoicht ag sileadh na fola agus réiltíní ag teacht
as a shúilibh d'éis na mbuillí úd.
Is ciallmhar an dream muintir na bpáipéar. Ní
raibh ag Roberts, dar leo, acht a chapaill do ghléasadh
agus a thrucaillí do líonadh le biadh agus deoch agus seóladh leis
air a shuaimhneas suas go dtí Pretória agus brat Shasana
d'árdughadh ar chuaille ann. Dubhairt a lán go mbiadh
sé ag Pretória Domhnach Cásga, acht deireadh a
thuilleadh ná biadh sé ann go Domhnach na Cogarnaighe -
sé sin an Domhnach i ndiaidh na Cáisge.
Tá sé trí chéad míle ó Phretoria agus tá Pól agus a
dhream beag Bóracha ar an mbóthar ag feitheamh leis.
Nuair nár chorruigh Roberts as Bloemfontein, bhris
ar an bhfoidhne ag Pól agus bhí comhairle cogaidh aige féin
agus a thaoiseacha ag Croonstadt.
Dá mbeitheá thall do chífeá dhá mhíle fear ag siúbhal
na hoidhche tarsna na machairí ins an Saor-Stát a
n-aghaidh ó dheas ar Bhloemfontein. Bhí Olibhier ann do
rinne an ghluaiseacht iongantach ó Thír na Rinne ó thuaidh
go Croonstadt, d'aindeóin Roberts, bhí De Bhet agus
Grobelár ann, agus an Blácach calma, Éireannach anall ó
Americá, agus drong Éireannach atá ag cabhrughadh le Pól.
Seachnaidh a bhuachaillí, tá an Sasanach na shuidhe ag
Tabanchú. Is é an fear céadna atá uainn, adeir
siad. Bhuail an Sasanach leo, Broaduood is ainm dó,
bhí teist mhór air acht is beag le páipéir Lúnduin anois
é. Roinneadar na Bóraigh iad féin 'na ndreamaibh
agus thángadar air ó gach áird i gcás gur shílligh sé go raibh
na mílte ag teacht air. Chuir sé sgéala chum Roberts
go raibh deich míle Borach ar a thí agus dubhairt seisean
leis druidim ar gcúl uatha go gcuirfeadh sé féin
congnamh chuige.
Throid Broaduood leó acht do b'éigean dó teicheadh,
bhí dhá ghunna mór déag aige agus chúig chéad déag fear, agus
dhá chéad trucall-lóin.
Tiomáineann garsúin ar an dtuath caoirigh isteach
go cró ar an gcuma so, caithid méaróg cloiche roimh
na caoirigh, méaróg dia thiar dhíobh, méaróg thársa, go
mbailíghid mar sin na caoirigh i dteannta chéile isteach
'sa chró. Ba chosmhail an cleas úd na mBórach leis an
gcuma do chuirimís caora isteach a gcro.
Tá log 'sa bhóthar úd go ngoirthear Coorn Spruit
air, glaise nó srutháinín uisge ag sileadh thríd. Níor
fhéach na Sasanaigh rómpa. Cad chuige? Bhí na Bóraigh
ghránna dtaobh thiar díobh agus Broaduood agus cuid d'á shluagh
ag caitheamh leo. Tá faitchíos ortha teacht ró-chómhgarach
dúinn adeir sé leis féin, acht Dia linn cad é an glór
so ar ár dtosach? Bhéic na ngunnaí gearra, mar bhí
dream Bórach agus Blácach agus a Éireannaigh annsúd
sinte ar a mbolgaibh, i bhfoirm crúdh chapaill agus ní
fheacaidh na Sasanaigh pioc díobh gur bhris an lasair
amach ortha. Léim na capaill anuas ar a chéile, spriuch
na múilí, chuaidh na trucaillí i n-achrann dá chéile, thuit
na fir bhochta fá chosaibh na gcapall cuid acu gonta agus
a thuilleadh marbh, agus bhíodar go léir measgaighthe
láithreach.
"Géillidh!" ar ceannphort na mBórach mar tháinig
cradhsgal air bheith gá marbhadh. Ghéill cheithre chéad
acu, agus bhí suas le dhá chéad ar lár i measg na gcapall
marbh, agus do theich an chuid eile. Thóg na Bóraigh leo
cheithre chéad agus na capaill shlána, an lón go léir agus
seacht ngunna mór. Chuir Roberts sluagh mór gan
mhoill ar a dtóir, fá an bhFrinseach agus Colbhille, agus thánga-
dar so go saothrach agus go hallusach tarsna na machairí
le súil go mbéarfaidís ar na Bóraigh.
"Ní gábhadh díbh an fuadar," ar na Bóraigh, "támuid
ag feitheamh libh," agus bhíodar leis mar do shuidheadar ar
chnocán cois Tobair mhór Bhloemfontein, acht thóg dream
acu leo gunnaí móra Sheághain, agus a chuid fear go
Pretoria mar a bhfuilid go socair.
Chrom Colbille agus an Frínseach ar shleagáin do
stealladh leo acht d'fhreagair na Bóraigh iad go dán, agus
do b'éigean dóibh filleadh ar n-ais a gcuaird i n-aisdear.
Do gheárr na Bóraigh na píobaí iarainn do thugadh
uisge ó'n dTobar mór go Bloemfontein, agus beidh sé
riachtanach ar Roberts uisge d'fhághail i n-áit éigin
eile mar tá na Bóraigh ag an dTobar mór fós.
Dhruid dream eile acu ó dheas go Ruddersberg
mar a raibh sé chéad de shaighdiúirí Roberts ag faire
ar an mbóthar iarainn, agus do thógadar leó iad fá mar
do thógfadh fiolair uain.
Tá páipéir Lúnduin cheana féin ag tosnúghadh ar
chúlchaint ar Roberts. Ní raibh aon fhear fá'n spéir
mar é tá coicthigheas ó shoin. Brostuigh ort a Roberts,
tá slat 'ga leasúghadh dhuit i Sasana. Cad é an
mhaitheas dom adeir Seághan, dhá chéad míle fear do
bheith agam thall agus na Bóraigh bheith ionán cleasa mar so
d'imirt orm? Tá aon dóchas amháin againn adeir
Cormac Uilliams ag sgríobhadh ins an "Morning
Leader", "ní fhuil ag Pól acht fiche míle fear agus ní
féidir dóibh sin go léir bheith ag troid i gcómhnuidhe."
Nách truaghmhéileach an fear Seághan!
Conán Maol
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11