Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Leag an bás Ioubert fá mar do leag sé Eóghan Ruadh Ó Néill. Ba chosmhail iad an bheirt mar níor buadhadh riamh ar aon acu, agus do shlad an bás iad an uair is mó do bhí triadh ag teasdabháil ó na dtír. Aicíd goile do mhairbh Ioubert agus ní raibh sé breóite acht dhá lá gidh go ndeirthear nách raibh sé ar fóghnamh le fada. Is olc an sgéal do'n Transbhaal a bhás mar do b'é súd an fear cogaidh ba mhó inntleacht d'ár h-oileadh riamh 'na thír féin. Leigid cuid de na Sasanachaibh ortha gur ghoill a bhás ortha acht deir a bhfurmhór go bhfuil áthas ortha agus is iad so na daoine is macánta mar innsid an fhírinne. Deir ceannphort Shasana ná'r bhuail leithéid Ioubert riamh leo. Do b'é seo an tríomhadh cogadh do bhí aige le muintir Sheághain agus bhí an buaidh i gcómhnuidhe le Ioubert. Acht ní chloisfidh sé cnagarnaigh na ngunnaí gearra 'ná pléasgadh na sleagán buile go deó arís. Go mbadh suanmhar do bheidh a chodladh. Bhí sé ag Croonstadt ar an mbóthar roimh Roberts, agus sul ar fhill sé go Pretória mar a cailleadh é dhá lá 'na dhiaidh san, thug sé óráid do na Bórachaibh - an cómhradh deireanach gidh ná'r shílidh sé é - 'gá rádh leo cur le chéile i gcoinnibh na namhad agus cuimhneamh bheith acu ar Éirinn do chaill a saoirseacht tré easaontas a cloinne. Codail go sámh a thaoisigh na mBórach. Ní túisge bhí Ioubert 'sa chill 'ná gur thóg Pól gunna, bhuail sé bandolier nó sparán-chrios do philéaraibh ar a bhrághaid agus ghlan leis go Croonstadt. "Beidhead féin feasda am' thaoiseach ar mo Bhóracha, ó tá Ioubert marbh." Tá an seanduine iongantach annsúd anois i gcómhair catha do thabhairt do Roberts agus beidh fuil acu. Bhí dream beag Bórach, suas le chúig chéad, ag Brand- fort dtaoibh theas de Chroonstadt ag bagairt ar Roberts agus do b'éigean do-san sluagh do chur 'na gcoinnibh chum iad do sgaipeadh, an Frínseach, agus Tucer, agus sé nó seacht de mhíltibh fear. Throid na Bóraigh leo ar feadh trí huaire an chloig agus dhruideadar ar gcúl annsain go mall agus go socair, acht d'fhágadar ar lár 'na ndiaidh céad agus cheithre fichid Sasanach. Ní misde do Roberts a shluaighte móra má bhaintear greim mar so asda go minic. Chuaidh cúigear d'á oifigeacha amach air aeridheacht seacht míle ó'n longphort an lá eile. Chonnca- dar ceathrar marcach tamall uatha agus seo ar a dtóir na hoifigeacha acht níor éirigh leo. Chas na Bóraigh ortha agus shíneadar an cúigear, bhí ceann acu marbh amach agus anam ins an gceathrar eile. Do cheangal na Bóraigh a gcréachda, thugadar deoch dhóibh agus chuireadar teacht- aire chum Roberts 'gá iarraidh air fios do chur ar na fearaibh gonta. Sid iad na fir go bhfuil an focal is measa 'na phluc ag Seághan dóibh. Is maith do mhúin Ioubert buadhthach eólas cogaidh do na Bóraigh so. Tá ceannphort darab ainm Olibhier. Ceapaim go gcloisfear trácht thairis feasda. Bhí ionad coinne aige le Pól ag Croonstadt agus do b'éigean dó a ghunnaí móra, a lón agus a dhéantús piléar, do thógaint leis ó thír na Rinne go Croon- stadt, dá chéad míle. Bhí trucaillí lóin aige fiche míle ar faid, agus Roberts le n-a shluagh mhór ar an tslighe roimis. Do chuaidh sé de Roberts é chosg, agus bhí súil gach duine i Sasana i n-áirde ag feitheamh leis an iarracht fá Oilibhier, acht ní innsean sé dhúinn cionnus do mheath sé. Ba bhreágh an cleas cogaidh gluaiseacht Olibhier. Ní fhuil na Bóraigh buailte fós dá mhéid é arm Sheághain. Tá Micheál macDaibhit ins an Transbhaal le haghaidh cúntais do sgríobhadh ar an gcogadh do pháipéar Ameri- cánach. Chuir Pól fáilte mhór roimis. Shílinn féinn go raibh cead a chos ag gach duine, acht amháin iad so go bhfuil coir 'na leith. Ní mar sin do shíleann páipéar thuas i mBéalfeirsde adeir go bhfuil súil acu go mbéarfaidh Riaghaltas Shasana ar sgórnaigh ar Mhícheál. Rugadar cheana ar an bhfear úd agus níor bhriseadar a mhisneach, acht dá mbiadh a slighe féin ag páipéir Bhéilfeirsde bhiadh na dlíghthe pianamhla againn arís i nÉirinn. Acht mar sin féin beidh fáilte ar fud Éireann d'fhearaibh díolthacháin as Béalfeirsde. Tá dúil 'sa bhfuisgí againn agus cuirimíd umainnan lín-éadach. Ins an tsean-aimir dhéinnimís féin an líon ag baile acht támuid ró-ghalánta anois. Bhíodh fígheadóir in gach ceanntar an uair úd, agus sníomharachan in gach tigh, an bhró chum na mine coirce do mheilt agus an criathar chum í
sgagadh. Do mhair na daoine an uair úd gidh go raibh an tighearna talmhan nós bró-mhuilinn ar a mbrághaid. Chaitheamair dínn, geall leis, an bhró-mhuillinn acht chaitheamair uainn ar an am gcéadna an teanga, an t-eólas chum bidh agus éadaigh do dhéanamh, agus tá a rian air. Altuighmís leat a Sheághain Bhuidhe, gheobhaim iad so ar fad uait-se - má bheidheas an t-airgead againn chum díol asda. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services