Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Leag an bás Ioubert fá mar do leag sé Eóghan
Ruadh Ó Néill. Ba chosmhail iad an bheirt mar níor
buadhadh riamh ar aon acu, agus do shlad an bás iad an uair
is mó do bhí triadh ag teasdabháil ó na dtír. Aicíd
goile do mhairbh Ioubert agus ní raibh sé breóite acht dhá
lá gidh go ndeirthear nách raibh sé ar fóghnamh le fada.



Is olc an sgéal do'n Transbhaal a bhás mar do b'é
súd an fear cogaidh ba mhó inntleacht d'ár h-oileadh
riamh 'na thír féin. Leigid cuid de na Sasanachaibh ortha
gur ghoill a bhás ortha acht deir a bhfurmhór go bhfuil
áthas ortha agus is iad so na daoine is macánta mar innsid
an fhírinne. Deir ceannphort Shasana ná'r bhuail
leithéid Ioubert riamh leo. Do b'é seo an tríomhadh
cogadh do bhí aige le muintir Sheághain agus bhí an buaidh i
gcómhnuidhe le Ioubert. Acht ní chloisfidh sé cnagarnaigh
na ngunnaí gearra 'ná pléasgadh na sleagán buile go
deó arís. Go mbadh suanmhar do bheidh a chodladh.



Bhí sé ag Croonstadt ar an mbóthar roimh Roberts,
agus sul ar fhill sé go Pretória mar a cailleadh é dhá lá
'na dhiaidh san, thug sé óráid do na Bórachaibh - an
cómhradh deireanach gidh ná'r shílidh sé é - 'gá rádh leo
cur le chéile i gcoinnibh na namhad agus cuimhneamh bheith
acu ar Éirinn do chaill a saoirseacht tré easaontas a
cloinne. Codail go sámh a thaoisigh na mBórach.



Ní túisge bhí Ioubert 'sa chill 'ná gur thóg Pól gunna,
bhuail sé bandolier nó sparán-chrios do philéaraibh ar a
bhrághaid agus ghlan leis go Croonstadt. "Beidhead féin
feasda am' thaoiseach ar mo Bhóracha, ó tá Ioubert
marbh." Tá an seanduine iongantach annsúd anois i
gcómhair catha do thabhairt do Roberts agus beidh fuil acu.



Bhí dream beag Bórach, suas le chúig chéad, ag Brand-
fort dtaoibh theas de Chroonstadt ag bagairt ar Roberts
agus do b'éigean do-san sluagh do chur 'na gcoinnibh chum
iad do sgaipeadh, an Frínseach, agus Tucer, agus sé nó seacht
de mhíltibh fear. Throid na Bóraigh leo ar feadh trí
huaire an chloig agus dhruideadar ar gcúl annsain go
mall agus go socair, acht d'fhágadar ar lár 'na ndiaidh céad
agus cheithre fichid Sasanach. Ní misde do Roberts a
shluaighte móra má bhaintear greim mar so asda go
minic.



Chuaidh cúigear d'á oifigeacha amach air aeridheacht
seacht míle ó'n longphort an lá eile. Chonnca-
dar ceathrar marcach tamall uatha agus seo ar a dtóir
na hoifigeacha acht níor éirigh leo. Chas na Bóraigh
ortha agus shíneadar an cúigear, bhí ceann acu marbh amach
agus anam ins an gceathrar eile. Do cheangal na Bóraigh
a gcréachda, thugadar deoch dhóibh agus chuireadar teacht-
aire chum Roberts 'gá iarraidh air fios do chur ar na
fearaibh gonta. Sid iad na fir go bhfuil an focal is
measa 'na phluc ag Seághan dóibh.



Is maith do mhúin Ioubert buadhthach eólas cogaidh do
na Bóraigh so. Tá ceannphort darab ainm Olibhier.
Ceapaim go gcloisfear trácht thairis feasda. Bhí
ionad coinne aige le Pól ag Croonstadt agus do
b'éigean dó a ghunnaí móra, a lón agus a dhéantús
piléar, do thógaint leis ó thír na Rinne go Croon-
stadt, dá chéad míle. Bhí trucaillí lóin aige fiche
míle ar faid, agus Roberts le n-a shluagh mhór ar an
tslighe roimis. Do chuaidh sé de Roberts é chosg, agus bhí
súil gach duine i Sasana i n-áirde ag feitheamh leis an
iarracht fá Oilibhier, acht ní innsean sé dhúinn cionnus
do mheath sé. Ba bhreágh an cleas cogaidh gluaiseacht
Olibhier. Ní fhuil na Bóraigh buailte fós dá mhéid é
arm Sheághain.



Tá Micheál macDaibhit ins an Transbhaal le haghaidh
cúntais do sgríobhadh ar an gcogadh do pháipéar Ameri-
cánach. Chuir Pól fáilte mhór roimis. Shílinn féinn
go raibh cead a chos ag gach duine, acht amháin iad so
go bhfuil coir 'na leith. Ní mar sin do shíleann páipéar
thuas i mBéalfeirsde adeir go bhfuil súil acu go
mbéarfaidh Riaghaltas Shasana ar sgórnaigh ar Mhícheál.
Rugadar cheana ar an bhfear úd agus níor bhriseadar a
mhisneach, acht dá mbiadh a slighe féin ag páipéir
Bhéilfeirsde bhiadh na dlíghthe pianamhla againn arís
i nÉirinn. Acht mar sin féin beidh fáilte ar fud
Éireann d'fhearaibh díolthacháin as Béalfeirsde. Tá
dúil 'sa bhfuisgí againn agus cuirimíd umainnan lín-éadach.
Ins an tsean-aimir dhéinnimís féin an líon ag baile
acht támuid ró-ghalánta anois. Bhíodh fígheadóir in gach
ceanntar an uair úd, agus sníomharachan in gach tigh, an
bhró chum na mine coirce do mheilt agus an criathar chum í


L. 50


sgagadh. Do mhair na daoine an uair úd gidh go raibh
an tighearna talmhan nós bró-mhuilinn ar a mbrághaid.
Chaitheamair dínn, geall leis, an bhró-mhuillinn acht
chaitheamair uainn ar an am gcéadna an teanga, an
t-eólas chum bidh agus éadaigh do dhéanamh, agus tá a rian air.
Altuighmís leat a Sheághain Bhuidhe, gheobhaim iad so ar
fad uait-se - má bheidheas an t-airgead againn chum díol
asda.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services