Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Taisdeal na Tíre,
Pen Name
Taisdeal na Tíre
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Tá bainrioghain na Sasana a' teacht go h-Éirinn acht támaoid bodhar ón sgéal so, adéarfaidh an léigh- theoir. Ní'l aon mhilleán agam ort na thaobh, a léigh- theóir, mar tá an oiread rí-rádh mar gheall air is dá mbeadh ár bhfeis ag teacht ar ais chugainn. Acht na dhiaidh sin is eile ní bheadh aon ghnó na bheathaidh againn muna ndéanfamais cur síos beag air seo. "An rud is annamh is iongantach." Is iomdha óráid deas, muinn- teardha, fháilteach, atá dh'á chumadh is dá sgríobhadh an aimsir seo, chum léigheadh os comhair na bainríoghna agus gan amhras deunfaidh sise óráid dh'á fhreagairt. Is gnáthach léi gach bhliadhain ag osgailt na Feise óráid do sgríobhadh acht deir cách nach í féin a sgríobhann é. 'Pé aca fíor nó bréag é seo, tá sgríbhneóirí clisde i Lonndain a dhéanann rud go nglaodhtar forecast 'sa mbéurla air, lá ná dhó roimh ré, agus déanfad-sa buille fá thuairim anois ar a h-óráid i mBaile Átha Cliath. A mhuinntir na h-Éireann, mo dhaoine galánta macánta carthannach fíal fáilteach, tá mo chroidhe ró-lán chum labhairt mar ba mhian liom ar an fháilte fhairsing atá curtha rómham agaibh idiu. Ní gábhadh dhom ínnsint daoibh gur le neart grádha agus measa oraibh do thánag-sa i n-bhúr measg, agus admhuighim daoibh nach fada eile a raghainn isteach i n-bhur dtír dheas álainn nuair a raghainn amúgha, mar is annamh a thugas cuairt ar an oileán so. Is minic a rith sé im' aigneadh le da fhichid bliadhain go dtiúbhrainn cuairt oraibh, acht an uair a bhíos annso cheana, do bhíos a' gol ar feadh mí tar éis filleadh abhaile dhom, bhí an oiread san uaignis orm. Tá rud eile ann leis, aon uair do theastóchadh airgead, saighdiúiri, nó aon rud mar sin uaim níor ghabhadh dhom acht sgríobhadh annso anall agus gheobhainn iad is fáilte. Tá áthas orm indiu ar féachaint siar dom an fhaid atáim fá séim mar Ríaghaltóir os bhúr gcionn nar thuit acht timcheall cheithre míle míle daoine le h-ocras i nÉirinn, agus ní fiú biorán is an méid sin seachas a bhfuil ag tuitim ins na h-India- chaibh thoir. Ní'l acht dhá oiread eile imthighthe díbirthe as an dtír so, agus is dóigh liom gur ceart díbh bheith buidheach beannachdach, agus is eol dom gur mar sin atá sibh, mar ní'l aon rud a bhí thall i Sasana againn dá mbudh íad fiú na h-Abhráin íad, 'nuair a bhímis cortha uatha do glacfaidhe go ceanamhail iad agus do sheinnfidhe go binn íad. Gach nós agus béus a bhí againn, ár n-éadaigh, ar dteanga, agus c. Do thógabhar go coi- meádach croidheamhail íad go léir is íad uile, agus do chuir sibh bhur nósanna, bhur dteanga, agus gach rud eile do bhain libh agus le bhur dtír le h-aer an tsaoghail, le neart grádha dhom' féin is dom' charaid Seaghán Buidhe. Tá súil again nach bhfuil Conndae i nÉirinn nac bhfuil cailíní óga as annso indiu cum cunntais chruinn do bhreith abhaile leo ar caidé an saghas éadach atá agam- sa dhá chaitheamh, agus na mná uaisle so atá ag friotháileamh orm chum an éadach céudna a bheith aca féin. Sin rud éigin, a cháilíní na hÉireann. Ní mar a chéile sibh-se agus cailíní na Transbhaal, na toicí mí-bhéasach gránna atá ag lámhach mo shaighdiúirí cródha. Leanaidh mar atá agaibh agus beidh rath is bail oraibh. A mhuinntir na h-Éireann gabhaidh mo bhuidheachas arís ar son an chruinnighthe breágh so atá bailighthe le chéile ó gach árd in-bhur dtír, agus bronnaim oraibh anois go bhfuil sé ceadaighthe do gach aon saighdiúir Éireannach an tseamróg a chaitheamh as so amach, agus má's mian leó é go bhféadfaidh muinntir na tíre so costaisidhe na gcogadh ar fad do dhíol. Féad- faidh sibh mar an gcéadna im a chur ar gach taobh d'bhur mblúire aráin, sé sin aon'ne agaibh go bhfuil síad aca, A Dhia, saor an Impireachd!" Nár chuiridh Dia do lámh ó roinnt, a bhean ghalánta, agus go deimhin féin do raghainn ad fhéachaint acht go bhfuil orm bheith ag Taisdeal na Tíre
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services