Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Taisdeal na Tíre,
Pen Name
Taisdeal na Tíre
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Tá bainrioghain na Sasana a' teacht go h-Éirinn
acht támaoid bodhar ón sgéal so, adéarfaidh an léigh-
theoir. Ní'l aon mhilleán agam ort na thaobh, a léigh-
theóir, mar tá an oiread rí-rádh mar gheall air is dá
mbeadh ár bhfeis ag teacht ar ais chugainn. Acht na
dhiaidh sin is eile ní bheadh aon ghnó na bheathaidh againn
muna ndéanfamais cur síos beag air seo. "An rud
is annamh is iongantach." Is iomdha óráid deas, muinn-
teardha, fháilteach, atá dh'á chumadh is dá sgríobhadh an
aimsir seo, chum léigheadh os comhair na bainríoghna
agus gan amhras deunfaidh sise óráid dh'á fhreagairt. Is
gnáthach léi gach bhliadhain ag osgailt na Feise óráid do
sgríobhadh acht deir cách nach í féin a sgríobhann é. 'Pé
aca fíor nó bréag é seo, tá sgríbhneóirí clisde i
Lonndain a dhéanann rud go nglaodhtar forecast 'sa
mbéurla air, lá ná dhó roimh ré, agus déanfad-sa buille
fá thuairim anois ar a h-óráid i mBaile Átha Cliath.



A mhuinntir na h-Éireann, mo dhaoine galánta
macánta carthannach fíal fáilteach, tá mo chroidhe
ró-lán chum labhairt mar ba mhian liom ar an fháilte
fhairsing atá curtha rómham agaibh idiu. Ní gábhadh
dhom ínnsint daoibh gur le neart grádha agus measa oraibh
do thánag-sa i n-bhúr measg, agus admhuighim daoibh nach
fada eile a raghainn isteach i n-bhur dtír dheas álainn
nuair a raghainn amúgha, mar is annamh a thugas cuairt
ar an oileán so. Is minic a rith sé im' aigneadh le da
fhichid bliadhain go dtiúbhrainn cuairt oraibh, acht an
uair a bhíos annso cheana, do bhíos a' gol ar feadh mí
tar éis filleadh abhaile dhom, bhí an oiread san uaignis
orm. Tá rud eile ann leis, aon uair do theastóchadh
airgead, saighdiúiri, nó aon rud mar sin uaim níor
ghabhadh dhom acht sgríobhadh annso anall agus gheobhainn
iad is fáilte. Tá áthas orm indiu ar féachaint siar
dom an fhaid atáim fá séim mar Ríaghaltóir os bhúr
gcionn nar thuit acht timcheall cheithre míle míle
daoine le h-ocras i nÉirinn, agus ní fiú biorán is an
méid sin seachas a bhfuil ag tuitim ins na h-India-
chaibh thoir. Ní'l acht dhá oiread eile imthighthe díbirthe
as an dtír so, agus is dóigh liom gur ceart díbh bheith
buidheach beannachdach, agus is eol dom gur mar sin atá
sibh, mar ní'l aon rud a bhí thall i Sasana againn
dá mbudh íad fiú na h-Abhráin íad, 'nuair a bhímis
cortha uatha do glacfaidhe go ceanamhail iad agus do
sheinnfidhe go binn íad. Gach nós agus béus a bhí againn,
ár n-éadaigh, ar dteanga, agus c. Do thógabhar go coi-
meádach croidheamhail íad go léir is íad uile, agus do chuir
sibh bhur nósanna, bhur dteanga, agus gach rud eile do
bhain libh agus le bhur dtír le h-aer an tsaoghail, le neart
grádha dhom' féin is dom' charaid Seaghán Buidhe. Tá
súil again nach bhfuil Conndae i nÉirinn nac bhfuil
cailíní óga as annso indiu cum cunntais chruinn do
bhreith abhaile leo ar caidé an saghas éadach atá agam-
sa dhá chaitheamh, agus na mná uaisle so atá ag friotháileamh
orm chum an éadach céudna a bheith aca féin. Sin rud
éigin, a cháilíní na hÉireann. Ní mar a chéile sibh-se agus
cailíní na Transbhaal, na toicí mí-bhéasach gránna atá
ag lámhach mo shaighdiúirí cródha. Leanaidh mar atá agaibh
agus beidh rath is bail oraibh. A mhuinntir na h-Éireann
gabhaidh mo bhuidheachas arís ar son an chruinnighthe
breágh so atá bailighthe le chéile ó gach árd in-bhur dtír,
agus bronnaim oraibh anois go bhfuil sé ceadaighthe do gach
aon saighdiúir Éireannach an tseamróg a chaitheamh as
so amach, agus má's mian leó é go bhféadfaidh muinntir na
tíre so costaisidhe na gcogadh ar fad do dhíol. Féad-
faidh sibh mar an gcéadna im a chur ar gach taobh d'bhur
mblúire aráin, sé sin aon'ne agaibh go bhfuil síad aca,
A Dhia, saor an Impireachd!"



Nár chuiridh Dia do lámh ó roinnt, a bhean ghalánta, agus
go deimhin féin do raghainn ad fhéachaint acht go bhfuil
orm bheith ag



Taisdeal na Tíre

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services