Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tuairisg ó'n Tuaisceart
Title
Tuairisg ó'n Tuaisceart
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tuairisg ó'n Tuaisceart Beidh comhchruinniughadh de Ghaedhilgeóiribh ó gach craobh de'n Chonnradh i mBéalfeirsde i Halla Naoimh Bhincent i Sráid na Bainríoghna Thuaidh, ar an tríomhadh lá fichead de'n mhí so. Ag déanamh suilt agus grinn dóibh féin an gnó is mó bheidheas i láimh aca, acht cuirfear i bhfeidhm rúin-chómhairle i dtaoibh múinteachais Ghaedhilge agus b'fhéidir de neidhthibh eile, agus béidh roinnt cainte againn. Is dóighthe go rachaidh teachtairí ó Bhéalfeirsde go Doire aimsir na Cásga 'feuchaint cabhair do thabhairt do Ghaedhilgeoiribh Doire chum daoine do bhrosdughadh ar aghaidh i gcúis na Gaedhilge san gcathraigh sin. Rachaidh teachtairí eile go Tír-Eoghain uair éigin. Cuirfear ar bun gan mhoill i mBéalfeirsde dhá rang chum múinteachas Gaedhilge do thabhairt d'oidibh sgoile; rang aca do mhaighistríbh sgoile agus rang do mhaighis- treásaibh sgoile. Chuir an Chomhairle Chonndae (de Chonnradh na Gaedhilge) rún-chomhairle i bhfeidhm d'iarraidh ar an Easpog Ollamh Gaedhilge d'fhostughadh d'árd-sgoil naomh Mhuire, ann a múinfear maighistreása sgoile. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services