Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tuairisg ó'n Tuaisceart

Title
Tuairisg ó'n Tuaisceart
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tuairisg ó'n Tuaisceart



Beidh comhchruinniughadh de Ghaedhilgeóiribh ó gach craobh
de'n Chonnradh i mBéalfeirsde i Halla Naoimh Bhincent
i Sráid na Bainríoghna Thuaidh, ar an tríomhadh lá fichead
de'n mhí so. Ag déanamh suilt agus grinn dóibh féin
an gnó is mó bheidheas i láimh aca, acht cuirfear i
bhfeidhm rúin-chómhairle i dtaoibh múinteachais Ghaedhilge
agus b'fhéidir de neidhthibh eile, agus béidh roinnt cainte
againn.



Is dóighthe go rachaidh teachtairí ó Bhéalfeirsde go
Doire aimsir na Cásga 'feuchaint cabhair do thabhairt do
Ghaedhilgeoiribh Doire chum daoine do bhrosdughadh ar
aghaidh i gcúis na Gaedhilge san gcathraigh sin. Rachaidh
teachtairí eile go Tír-Eoghain uair éigin.



Cuirfear ar bun gan mhoill i mBéalfeirsde dhá rang
chum múinteachas Gaedhilge do thabhairt d'oidibh sgoile;
rang aca do mhaighistríbh sgoile agus rang do mhaighis-
treásaibh sgoile.



Chuir an Chomhairle Chonndae (de Chonnradh na Gaedhilge)
rún-chomhairle i bhfeidhm d'iarraidh ar an Easpog Ollamh
Gaedhilge d'fhostughadh d'árd-sgoil naomh Mhuire, ann
a múinfear maighistreása sgoile.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services